Pobal na Polainne ar nós cuma leo

Beocheist: I mí an Mheithimh 2003 thacaigh 77 faoin gcéad de lucht vótála na Polainne le reifreann faoi dhul isteach san Aontas…

Beocheist: I mí an Mheithimh 2003 thacaigh 77 faoin gcéad de lucht vótála na Polainne le reifreann faoi dhul isteach san Aontas Eorpach.

Ní ionadh, ina fhianaise sin, gur chruinnigh na sluaite ar chearnóga na gcathracha móra ar fud na tíre le bheith páirteach sa cheiliúradh ar an chéad lá de Bhealtaine 2004, an lá ar tugadh an Pholainn, i dteannta naoi dtír eile, isteach san Aontas.

Bíonn dhá insint ar gach scéal, áfach. Maítear anois nach chomh geal sin i ndáiríre atá an scéal maidir leis an bPolainn i gcomhthéacs an Aontais.

Eascraíonn an dearcadh seo as uimhir na vótálaithe a bhí sásta cuairt a thabhairt ar na hionaid vótála don toghchán don Pharlaimint Eorpach.

READ MORE

Sa toghchán sin ní dhearna ach 20 faoin gcéad den toghthóireacht vóta a chaitheamh, an ráta vótaíochta is ísle in aon toghchán ó d'éirigh le Polannaigh cuing an chumannachais a chaitheamh tharstu i 1989.

Is iontaí an easpa spéise seo nuair a mheabhraítear go bhfuil an Pholainn ar na baill is mó sa Pharlaimint Eorpach. 54 suíochán atá aici, i gcomparáid le 13 suíochán ag Éirinn, mar shampla.

Thairis sin, is deacair a chreidiúint nár mhó an tsuim a músclaíodh sa toghchán toisc an méid sin daoine cáiliúla bheith san iomaíocht - idir pheileadóir is lúthchleasaí, idir spásaire is réalta teilifíse.

Ach anois agus neamhspéis na bPolannach soiléir, tá liodán cúiseanna á ríomh le míniú a thabhairt ar mhuintir na Polainne bheith chomh fuar sin san Aontas.

Agus tá cúiseanna maithe leis.

Díreach cosúil le daoine sna ballstáit eile, ní thuigeann an gnáthPholannach cad é go díreach a bhíonn ar siúl ag an bParlaimint Eorpach.

Feictear ar an bparlaimint mar rud deoranta nach bhfuil aon nasc díreach ag an ngnáthdhuine leis agus meastar gur lú an tábhacht atá ag baint leis dá bharr sin.

Lena chois sin, tá go leor fadhbanna dá gcuid féin ag Polannaigh seachas bheith ag cur suime i bparlaimint atá lonnaithe i dtír shaibhir san Iarthar.

Tá an ráta dífhostaíochta timpeall ar 20 faoin gcéad; tá an córas sláinte ag titim as a chéile agus is beag lá nach dtagann scannal éigin chun solais mar gheall ar chaimiléireacht polaiteoirí.

Is féidir an milleán a chur ar na polaiteoirí féin as an easpa spéise. Feictear don phobal nach bhfuil ina n-ionadaithe poiblí ach seansálaithe féinchúiseacha nach mbíonn uathu ach iad féin a chur chun cinn is greim a choimeád ar chumhacht.

Cén mhaith, mar sin, iad a chur chun na Parlaiminte Eorpaí - le tuilleadh airgid a thuilleamh dóibh féin agus breis camastaíola a chur ar siúl?

Ina cheann sin, ba bheag iarracht a rinne na polaiteoirí féin aird an phobail a dhíriú ar an toghchán. Seachas an t-ainiomad póstaer, is ar éigean a thuigfí go raibh aon saghas feachtais ar siúl in aon chor.

B'annamh an toghchán bheith á lua ar na meáin agus b'annaimhe fós na hiarrthóirí bheith ar na sráideanna le bualadh leis na vótóirí.

Cúis amháin eile a luaitear leis an ráta íseal vótála a mhíniú ná go raibh an toghchán ar siúl ar an lá deiridh de cheithre cinn de laethanta saoire, rud a chiallaigh go raibh lear mór daoine ag teacht ar ais ó áiteanna éagsúla agus gan aon áiméar acu bualadh isteach ar na hionaid vótála.

As na páirtithe a fuair an méid suíochán ba mhó, is é a bhí le cloisteáil roimh an toghchán ná go ndéanfaí coinníollacha nua a dhréachtadh don Pholainn mar bhall den Aontas agus, fiú, go mba chóir an tír a bhaint amach as.

Ach ina ainneoin sin go léir, níor chóir smaoineamh gur todhchaí gruama míshocair atá i ndán don Aontas ó thaobh na Polainne de. Mar a luadh, tháinig na mílte amach ar na sráideanna le ballraíocht an Aontais a cheiliúradh agus tá an t-aos óg sásta gur mó deiseanna taistil is staidéir a bheidh acu as seo amach.

Bíodh is go bhfuil ardú costais tugtha faoi deara, is beag clamhsán a dhéantar faoi agus níl dabht ná go gciúnófar guthanna gearánacha na bhfeirmeoirí is a leithéid a luaithe is a fheictear na fóirdheontais.

Maidir leis na baill nua den Pharlaimint Eorpach a bhí ag caint ar lámh na Polainne a neartú san Aontas - b'fhéidir go músclódh an raic a thógfadh siadsan suim éigin i gcúrsaí na parlaiminte, rud a chinnteodh nach mbeadh an ráta vótála chomh híseal sin an chéad bhabhta eile.

Tá cónaí ar Alan Desmond sa Pholainn faoi láthair