NaomhPádraig na nIobóch

Beocheist: Léiríonn dhá leabhar nuafhoilsithe spiorad na híobartha agus na flaithiúlachta a bhí in Éirinn i leith na misean …

Beocheist:Léiríonn dhá leabhar nuafhoilsithe spiorad na híobartha agus na flaithiúlachta a bhí in Éirinn i leith na misean coimhthíoch tríd an 20ú haois.

Sa Nigéir theas, tugann na hIobóigh "Ár Naomh Pádraig" ar Sheosamh Ó Seanacháin, CSSp. Taispeánann an bheathaisnéis atá scríofa i nGaeilge ag Áine le Muire Talbóid uaisleacht na haigne agus naofacht spiorad an fhir charasmataigh seo.

Rugadh Ó Seanacháin i gCo Thiobraid Árann i 1871. Fada ó Theampall Doire, fuair sé meánscolaíocht sa bhFrainc faoi stiúir na Spioradánach.

Is i gColáiste na Carraige Duibhe i mBaile Átha Cliath a oirníodh ina shagart é i 1900. Ainmníodh é ina easpag 20 bliain ina dhiaidh sin.

READ MORE

Ach i 1905 ceapadh é ina bhiocáire aspalda ar an Nigéir theas. Tá cur síos sa leabhar ar na héachtaí misinéireachta a dhein sé ag taisteal de chois, ar rothar agus ar ghluaisrothar. Creideann na hIobóigh gur de bharr an Easpaig Ó Seancháin a tháinig borradh faoi gach gné dá saol ó 1905.

Thuig sé gur trí oideachas a leigheasfaí céim síos na mban. Bhunaigh sé cuallacht banrialta, Siúracha Miseanacha Mhuire na Corónach Naofa, i gCill na Seanrátha, Co an Chabháin, in 1924. Laistigh de 30 bliain bhí 110 siúr lonnaithe i 23 clochar sa Nigéir oirthearach.

Bhí naoi gcoláiste oiliúna do mhúinteoirí bunscoile ar bun acu, sé mheánscoil chónaithe agus os cionn 100 bunscoil.

Bhí seacht n-ospidéal lena scoileanna banaltrais féin, agus clinicí cnáimhseachais tógtha sna sráidbhailte mar, sa deireadh, thug an Róimh cead do mhná rialta bheith ag gabháil do chnáimhseachas agus ag déanamh obair mháithreachais. (Glacfar le mná mar ábhair shagairt amach anseo.)

In éagmais an chead go dtí sin, ní raibh an tseirbhís ba riachtanaí do mhná sa Nigéir le fail ón Eaglais Chaitliceach.

Ansin bhunaigh Máire Ní Mháirtín Misinéirí Leighis na Maighdine Muire i 1937. "Dhá ord nua miseanacha ban ann mar sin," a deir an tSiúr Áine, "atá fós ag fíoradh bhríonglóid Uí Sheanacháin faoi riachtanais agus tábhacht na mban i mbunú ríocht Dé i measc chiníocha an domhain."

Éilíonn Ó Seanacháin suáilce laoch. D'fhulaing sé oíche dhorcha anama i mblianta deireanacha a shaoil tar éis filleadh ón Nigéir. Ba é an cairdeas idir an t-easpag uirísil seo agus na nóibhísigh i gCill na Seanrátha ba bhunús leis an mhíthuiscint chúng éadmhar.

D'aithin sé a gcuid bua agus spreag sé iad le buaic a n-acmhainne a bhaint amach. I nóibhíseach na haimsire roimh Vatacáin II, áfach, ní mar sin a labharthaí le nóibhísigh: "(ach) dósan, cuid de ghrá Dé ab ea an grá nádúrtha idir dhaoine agus ní raibh aon ghá an grá sin a cheilt. Bhí láithreacht Dé inbhraite nuair a bhí an t-easpag ina dteannta. Inbhraite ina chuid cainte, is ina scéalta a bhí i gcónaí ag léiriú gháire an Athar dúinn," a deir an t-údar.

Thosaigh an trioblóid ar bord loinge ar turas abhaile i dteannta bean rialta tinn, scrupallach. Thug an t-easpag aire cheanúil di go hoscailte mar ba dhual dó.

Ach níor mhór di, ar shroichint Chill na Seanrátha, an bhaint leithleach seo a bhí aice le Ó Seanacháin a chur faoi bhráid na máithreacha. Diaidh ar ndiaidh, chuir na húdaráis srian lena thioncharsan ar a chlann spioradálta. Bhraith Ó Seanacháin an teannas agus mharaigh sé an grá a bhí aige do Chill na Seanrátha.

Bhí na siúracha a d'fhill ón Nigéir thar a bheith brónach ar fheiscint chomh dúthrachtach is a bhí an iarracht a thionchar a mhaolú. Chuir an scoilt isteach go mór air, ní i ngeall ar an bpian a thug sé dó féin ach mar gheall ar an dochar don chuallacht.

Sa bhliain 1938 ghlac sé le cuireadh cur faoi san Afraic thoir. Bhí cúig bliana pianmhara fágtha aige, ina raibh sé isteach agus amach ón ospidéal. Glaodh chun na bhflaitheas air i gCéinia Lá Nollag, 1943. Athadhlacadh a chorp sa Nigéir in Eanáir, 1956.

Ball den chuallacht a bhunaigh Ó Seanacháin is ea an tSiúr Áine. Chaith sí 15 bliain ag múineadh i gcoláistí oiliúna do mhná sa Nigéir oirthearach. Tar éis chogadh Bhiafra, chaith sí 15 bliain eile i gCéinia.

Dhein sí taighde i gcartlanna a chuallacht agus na Spioradánach i mBaile Átha Cliath. Níor éirigh léi foinsí i bPáras agus sa Róimh a iniúchadh.

Ár Naomh Pádraig: Seosamh Ó Seanacháin, Aspal na Nigéire Theas (Foilseacháin Ábhair Spioradálta, €20) le hÁine le Muire Talbóid, agus Made Holy: Irish Women Religious at Home and Abroad (Irish Academic Press, €27.50) le Yvonne McKenna