Nama cinnte an éireoidh leis an scéim

BEOCHEIST : DEIRTEAR GO bhfuil eacnamaí déanta de Thadhg an mhargaidh ag an gcúlú tubaisteach eacnamaíochta

BEOCHEIST: DEIRTEAR GO bhfuil eacnamaí déanta de Thadhg an mhargaidh ag an gcúlú tubaisteach eacnamaíochta. Ach ní gá aon saineolas ar an eolaíocht ghruama bheith ag Tadhg chun locht a fháil ar chinneadh an Rialtais Gníomhaireacht Bainistíochta na Sóchmainní Náisiúnta (GBSN nó NAMA i mBéarla) a chur ar bun gan na bancanna a náisiúnú san am céanna.

Is cinnte gur mithid an córas baincéireachta a ghlanadh is a chur ar a bhoinn arís, ach mar thuata sna cúrsaí seo ní féidir liom ach rioscaí a dhéanamh amach sa rogha atá déanta ag an Rialtas.

Tá GBSN chun iasachtaí talún is drochfhiacha a cheannach ó na bancanna, mar shampla, agus ós rud é gur lú luach na talún anois ná mar a bhí nuair a tugadh na hiasachtaí, gheobhaidh GBSN ar lascaine iad.

Íocfar bannaí leis na bancanna as na hiasachtaí is cuirfidh na bannaí sin ar chumas na mbancanna airgead a ghiniúint ar na margaí idirnáisiúnta.

READ MORE

Ansin, más fíor don teoiric, beidh ár n-institiúidí airgeadais ar a seanléim arís is féadfar filleadh ar iasachtaí a thabhairt do ghnóthais. Glactar leis go bhfuil sé fíordheacair airgead a mhealladh ó na bancanna i láthair na huaire.

Ach cé mhéad go díreach a íocfaidh GBSN as na hiasachtaí? Ní fios fós mar beidh an lascaine bunaithe ar an titim i luach talún is maoine, titim atá fós ar siúl, ar ndóigh.

Dá mhéad a íocfaidh GBSN is ea is fearr leis na bancanna é. Ach mura n-éireoidh le GBSN brabús a dhéanamh ar deireadh thiar thall is é an Stát is na cáiníocóirí a bheidh thíos leis agus mar sin beidh an ghníomhaireacht ag iarraidh na hiasachtaí a cheannach ar phraghas íseal.

Os a choinne sin, áfach, bíonn ar gach banc bonn caipitil áirithe bheith aige de réir dlí agus má thabharfaidh GBSN suimeanna róbheag ar na hiasachtaí talún d’fhéadfadh sé sin bonn caipitil na mbancanna a ísliú faoi bhun an íosmhéid atá ceadmhach.

Sa chás sin bheadh ar an Rialtas níos mó airgid a chur isteach sa chóras baincéireachta le go mbeadh an bonn caiptil ag teacht leis an íosmhéid riachtanach.

An Stát is na cáiníocóirí a bheadh caillteach leis an leagan seo den scéal chomh maith.

Ach mura leor na rioscaí seo ar gach taobh chun místaidéar an Rialtais a léiriú, tá spior spear iomlán déanta ag an Dr. Michael Somers ar aon amhras a bhí ann.

Thairis sin, tá taispeánta aige go bhfuil gach seans nach dtuigeann an Rialtas i gceart a bhfuil ar siúl acu agus GBSN á cur ar bun.

Ar ndóigh, is príomhfheidhmeannach é an Dr. Somers ar Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta (GBCN), an eagraíocht atá freagrach as fiach náisiúnta na hÉireann is a mbeidh GBSN faoina coimirce.

Agus é ag caint roimh an gCoiste um Chuntais Phoiblí i lár na Bealtaine luaigh sé liodán fadhbanna a d’fhéadfadh baint le GBSN.

Ar an gcéad dul síos tá foireann róbheag ag Somers chun GBSN a láimhseáil i gceart. Cé go bhfuil suas le 5,000 duine ag plé leis na hiasachtaí laistigh de na bancanna féin, níl ach foireann 170 ag an GBCN. Rud eile de, níl aon taithí ag an GBCN ar athstruchtúrú bainc.

Is léir mar sin nach bhfuil oiread is leath na hoibre déanta ag an Rialtas chun dul i ngleic leis na fadhbanna a bhainfidh le cur ar bun GBSN, gan trácht ar fheidhmiú na gníomhaireachta.

Ach pé praiseach a dhéanfar de bhunú is feidhmiú GBSN, d’fhéadfaí an deacracht a bhaineann le praghsáil na n-iasachtaí a sheachaint dá dtabharfaí aghaidh ar an náisiúnú. Ar ndóigh, ní tionscnaimh chomheisiatacha iad an náisiúnú agus GBSN.

Ciallaíonn náisiúnú go gceannódh an Stát na bancanna, rud nach mbeadh róchostasach go dtí le déanaí toisc gur bheag a luach.

Dá rachfaí i muinín an náisiúnaithe agus GBSN araon, ní chruthódh praghsáil na n-iasachtaí fadhb mar go mbeidís á n-aistriú ó eintiteas Stáit amháin go heintiteas Stáit eile. Thairis sin, thairbheodh na cáiníocóirí de nuair a thiocfadh feabhas ar na bancanna agus méadú ar an scairphraghas.

Bhí alt áititheach ar an bpáipéar seo tamall ó shin inar thaobhaigh 20 eacnamaí leis an náisiúnú. Dar leo go mb’fhearr a chuirfeadh náisiúnú sealadach feilmeanta leas na gcáiníocóirí chun cinn is go mba mhó an seans go saorfadh sé na bancanna ón míchlú atá tarraingthe orthu le déanaí.

Ach déarfá gurb é leas na gcáiníocóirí an dual is faide siar ar choigeal an Rialtais faoi láthair agus an tubaiste eacnamaíochta dulta lastuas de.