Na pairtithe polaitiochta ar lorg votai na Gaeilge

Tá an Ghaeilge ina hábhar toghchánaíochta! Tá an tAire Stáit Máire Ní Chochláin, Fianna Fáil, i ndiaidh Fine Gael agus na páirtithe…

Tá an Ghaeilge ina hábhar toghchánaíochta! Tá an tAire Stáit Máire Ní Chochláin, Fianna Fáil, i ndiaidh Fine Gael agus na páirtithe eile a cháineadh as an "drochmheas" atá siad á léiriú don teanga.

I bpreasráiteas, tugann Ní Chochláin le fios: "Is cosúil anois nach bhfuil aon do na pháirtihe (sic) móra, taobh amuigh de Fianna (sic) Fáil, chun forógra a chur ar fáil as Gaeilge. Is sampla eile é seo d'easpa físe agus tuisceana a bhí an fhreasúra (sic) reatha i gcónaí i leith na Gaeilge.

"Taobh amuigh don (sic) pholaitíocht ar fad, sílim gur náireach an scéal é nach bhfuil Fine Gael, an dara pháirtí (sic) is mó sa tír, fíú sásta píosa faoin Ghaeilge a chur ina forógra (sic) Béarla. An é nach naithníonn (sic) siad gur teanga oifigiúil agus teanga labhartha sa tír seo í an Ghaeilge?

"Is dócha go mba cheart dom moladh beag a thabhairt do Ruairí Quinn. Ar a laghad d'aithin a phairtí (sic) go labhairtear (sic) teanga eile taobh a (sic) amuigh den Bhéarla sa tír seo.

READ MORE

"Ach caithfear anois an cheist a chur ar an gComhrialtas atá molta idir Fhine (sic) Gael agus Pháirtí (sic) an Lucht Oibre. An gciallaíonn an easpa measa atá acu ar an Ghaeilge, nach mbeadh siad sásta tógaint ar an dea-obair atá déanta ag Fianna Fáil agus an Bille Teanga achtú (sic) agus a fheidhimiú (sic) dá mbeidh (sic) siad sa rialtas le chéile?

"Is léir nach bheadh (sic) todhchaí na Gaeilge sabháilte (sic) ach a mhalairt in aon Rialtas ina bhfuil Michael Noonan mar Thaoiseach ann."

Gan amhras. Agus cad é faoi thodhchaí na gramadaí faoi Fhianna Fáil?

CIBÉ, tugann an colún na seachtaine seo spléachadh ar an mhéid atá le rá ag na páirtithe faoi chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta.

Tá Fianna Fáil, an Páirtí Daonlathach, Fine Gael, Páirtí an Lucht Oibre agus an Comhaontas Glas ar aon fhocal amháin faoi thábhacht na teanga agus tá cúpla focal moltach faoi oidhreacht na teanga le fáil ina gcuid forógraí nó ina gclár rialtais i gcás Fhine Gael de.

(Tá leaganacha Gaeilge dá bhforógraí le fáil ó Fhianna Fáil agus ón Chomhaontas Glas.)

Is é rún Fhianna Fáil "tógáil ar an obair dhearfach atá ar siúl le cúig bliana anuas agus dul i ngleic le straitéisí úrnua cruthaíocha a láidreoidh an Ghaeilge ar fud na tíre agus sa Ghaeltacht, ach go háirithe."

Tá Páirtí an Lucht Oibre "dílis d'fhorbairt an dátheangachais ar oileán na hÉireann ... Tugaimid aitheantas don luach agus don tábhacht a bhaineann le caomhnú chultúr na hÉireann, mar aon le tuilleadh forbartha a dhéanamh air."

De réir Fhine Gael, is í an Ghaeltacht foinse "na Gaeilge ar fud na tíre. Is chuige sin atá gá le polasaí dearfach lena caomhnú agus lena forbairt go h-eacnamaíoch (sic), go sóisialta agus go cultúrtha".

Tá na páirtithe uilig ar aon fhocal amháin faoin Bhille Teanga agus faoi cheist na gaelscolaíochta fosta.

Tugann Fianna Fáil, Páirtí an Lucht Oibre agus an Páirtí Daonlathach le fios go n-achtóidh siad an Bille. Scríobhann an Comhaontas Glas go gcuirfidh siad an Bille céanna i bhfeidhm agus déanfaidh Fine Gael iarracht forálacha an Bhille a chur "i ngníomh".

Mar a chonacthas i gcás bhunú an áisineacht oideachais faoi Alt 31 den Acht Oideachais - moill ceithre bliana - ní hionann i gcónaí achtú agus feidhmiú.

Tugann Páirtí an Lucht Oibre le fios go gcuirfear foilseacháin oifigiúla ar fáil sa dá theanga "taobh amuigh d'am réasúnach".

Cad é an míniú atá ar "am réasúnach"? Má éilíonn eagrais Ghaeilge foilseacháin níos luaithe ná mar a cheapann rialtas Pháirtí an Lucht Oibre bheith fóirsteanach, an ionann sin agus a rá go bhfuil siad míréasúnta?

Scríobhann Fianna Fáil go gcuirfidh siad plean gníomhaíochta i bhfeidhm le cinntiú go gcomhlíonfaidh Ranna Stáit a gcúraim faoin Bhille Teanga "go gasta".

Arís, cén chiall atá leis sin?

IS ag Fianna Fáil atá an clár oibre is cuimsithí ó thaobh líon na moltaí de. I measc nithe eile, geallann siad athbhreithniú a dhéanamh ar Scéim Labhairt na Gaeilge, cuidiú a chur ar fáil do scéimeanna óige Gaeilge, staidéar a dhéanamh ar áit na Gaeilge sna meáin chumarsáide, agus cúrsaí teileachumarsáide a fhorbairt sa Ghaeltacht.

Tugann Fine Gael tús áite do Choimisiún na Gaeltachta, á rá go ndéanfaidh siad "iniúchadh cuimisitheach (sic)" ar na moltaí agus go gcinnteoidh siad go gcuirfear "beartais phraiticiúla i gcrích le héifeacht a thabhairt do na moltaí sin".

Lena chois sin, tá rún ag Fine Gael athbhreithniú a dhéanamh "ar na struchtúir reatha atá i bhfeidhm maidir le pleanáil agus taighde i dtaobh na Gaeilge agus na saíochta a bhaineann léi agus scrúdóimid an múnla is fearr a oireann don saol nua-haimseartha (sic) a chaithfidh an Ghaeilge dul i ngleic leis (sic)."

Is beag atá le rá ag an Pháirtí Daonlathach faoi chúrsaí Gaeilge agus is i mBéarla atá an méid sin féin. Creideann siad: "that our cultural heritage is protected and deepened by continuing to support our understanding, use and development of the Irish language in as many media as possible."

(Ach ní i bhforógra toghcháin, is léir.)

Amach ón Bhille Teanga, scríobhann an PD go gcuirfidh siad tacaíocht "láidir" ar fáil don teanga i gcúrsaí craolacháin agus foilseacháin.

Go sonraíoch, ní thugann ceachtar den dá pháirtnéir Rialtais le fios go gcuirfidh siad tuilleadh airgid ar fáil do TG4 nó RnaG.

Tugann Páirtí an Lucht Oibre le fios go bhfuil an t-am ann an "dea-thoil i leith na teanga a thiontú ina ghníomh éifeachtach. Táimid dílis d'anailís chostsochair iomlán a dhéanamh chomh fada agus a bhaineann leis an airgead a bhíonn á chaitheamh ar an nGaeilge, cuspóirí an chaiteachais agus an méid de na cuspóirí sin a bhaintear amach.

"Mar shampla, caithfear scrúdú a dhéanamh ar an gcás ina mbíonn ocht mbliana oideachais sa Ghaeilge ag go leor leanaí nuair a théann siad isteach sa mheánscoil agus go dtagann siad amach aiste níos líofa i dteanga iasachta ná sa Ghaeilge."

Tá rún ag an Chomhaontas Glas forbairt "TG4, RNG (sic) and (sic) na mean (sic) Gaeilge mar áiseanna riachtanacha do lucht na Gaeilge" a spreagadh.

Cuirfidh siad rompu fosta fás na Gaeltachta agus "foirmeacha a bheith dátheangach and (sic) pacáistíocht, lipéidí and (sic) foilseacháin stáit a bheith as Gaeilge and (sic) as Béarla taobh le taobh."

(Tá siad leath bealaigh ann cheana féin.)

Scríobhann Sinn Féin gur cheart feabhas a dhéanamh ar theagasc na Gaeilge ag gach leibhéal agus gur cheart acmhainní cuí a chur ar fáil chuige sin: "What is needed now is for Irish in the education system to be integrated with a multi-faceted approach to the promotion of Irish led by the State and the Irish-speaking community and involving all sectors of society."

Cuireann forógra an pháirtí béim ar leith ar úsáid na teanga sa chóras dlí. Éilíonn siad seirbhís aistriúcháin chomhuainigh sna cúirteanna agus cúrsaí oiliúna teanga do lucht cúirte.

Gan amhras, rinne roinnt polaiteoirí a ndícheall cúrsaí teanga a bhogadh chun cinn le cúig bliana anuas.

Ar an drochuair, is cosúil nár chuir gach páirtí mórán trioblóide orthu féin a gcuid clár Gaeilge a cheartú nó a aistriú fiú.

Ní mian leis an cholún seo bheith beadaí faoi chúrsaí teanga ach is droch-chomhartha é go bhfuil an oiread sin earráidí cló le feiceáil. Léiríonn an litriú agus gramadach mhíchruinn easurraim bhunúsach.

An gcuirfí a leithéid i gcló i mBéarla?

An bhfuil na páirtithe ag cur cúrsaí Gaeilge san áireamh mar mhaithe le bheith ceartchreidmheach agus ní mar gheall go gcreideann siad san ábhar? Agus is beag nua atá le sonrú sna moltaí a dhéantar.

Seanscéal agus meirg air?

TÁ lárchomhairle na n-eagras Gaeilge, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, ag cur cúig cheist ar gach páirtí faoin teanga:

  • Cé na céimeanna praiticiúla a ghlacfaidh do pháirtí chun chur le stádas na Gaeilge sna cúig bliana amach romhainn?
  • Conas atá i gceist ag do pháirtí bonn ceart airgeadais a chur faoi Raidió na Gaeltachta agus TG4?
  • Cé na pleananna atá ag do pháirtí don Ghaeilge sa chóras oideachais?
  • Cad iad na polasaithe atá ag do pháirtí chun seirbhísí trí Ghaeilge a chur ar fáil dóibh siúd go bhfuil fadhbanna foghlamtha acu?
  • Céard iad na cláracha forbartha i nGaeilge atá á mbeartú ag do pháirtí sna réimsí seo a leanas: teicneolaíocht an eolais, taighde agus forbairt, na healaíona, margaíocht, forbairt acmhainní daonna?

TÁ cúig éileamh ag Comhluadar, eagraíocht tacaíochta do theaghlaigh le Gaeilge, ar an chéad rialtas eile: an Bille Teanga a achtú agus a fheidhmiú gan mhoill;

  • tacú le RnaG agus TG4;
  • plean forbartha don oideachas trí Ghaeilge, ó naíonáin go dtí an tríú leibhéal, a dhréachtadh agus a fheidhmiú;
  • deimhniú de go mbeidh seirbhísí ar fáil i nGaeilge do pháistí a bhfuil deacrachtaí foghlamtha acu;
  • moltaí Choimisiún na Gaeltachta a chur i bhfeidhm gan mhoill.