Iomha teanga

Ba é an Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, a sheol Seachtain na Gaeilge ar ócáid i mBaile Átha Cliath oíche Luain. Dúirt sé…

Ba é an Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, a sheol Seachtain na Gaeilge ar ócáid i mBaile Átha Cliath oíche Luain. Dúirt sé: "Tá tábhacht an-mhór ag baint le Seachtain na Gaeilge ... Tá íomhá dhearfach, nua-aimseartha ag an bhféile agus tá tábhacht ar leith leis sin.

"Agus tá íomhá na teanga féin ag athrú le tamall de bhlianta anuas. Cinnte, tá daoine fós ann a cheanglaíonn an teanga le Peig Sayers, le cruatan an tsaoil, le bochtaineacht agus le Graiméar Gaeilge na mBráithre Críostaí.

"Ach is minice anois go samhlaítear an teanga le faisean agus nua-aimsearthacht, le Sharon Ní Bheoláin agus le Dáithí Ó Sé, le mná na haimsire ar TG4, le Dara Ó Cinnéide agus le Seán Óg Ó hAilpín. Is rud an-dearfach amach agus amach é go mbeadh an íomhá óg bheo bhríomhar agus nua-aimseartha sin ag an teanga, ach ar leibhéal eile d'fhéadfadh sé gur rud an-chontúirteach a bheadh ann mura mbaintear an leas agus an buntáiste ceart as an íomhá sin anois.

"Caithfear tógáil ar íomhá fhaiseanta na teanga sula mbeidh an taoide sin tráite. Má chailltear an deis sin, is deacair a shamhlú cén bealach is féidir í a fháil ar ais arís ... Tá sé ríthábhachtach go bhfeicfeadh daoine - go háirithe daoine óga - an teanga á húsáid ar bhonn nádúrtha, rialta mar ghnáthuirlis chumarsáide seachas mar ábhar leadránach scoile a fhágtar ar leataobh a luaithe agus a chríochnaítear leis an gcóras oideachais."

READ MORE

Seolfar dlúthdhiosca nua amhrán, Ceol '06, sa Village Dé Sathairn ag 7.30pm mar chuid de Sheachtain na Gaeilge. Tá The Revs, Rónán Ó Snodaigh, agus Traic ar an albam nua. D'éirigh go maith le SnaG 05 anuraidh agus bhain sé uimhir a ceathair sna cairteanna amach. Tá liosta iomlán imeachtaí le fáil ar www.snag.ie