Insealbhu uachtarain

Is é Risteárd Mac Gabhann as Doire a insealbhaíodh mar uachtarán Oireachtas na Gaeilge 2006.

Is é Risteárd Mac Gabhann as Doire a insealbhaíodh mar uachtarán Oireachtas na Gaeilge 2006.

Reáchtáladh ócáid i Halla na Cathrach i nDoire aréir, áit ar chuir Méara Dhoire, an Comhairleoir Lynn Fleming, fáilte roimh an uachtarán, a mhuintir agus a chairde. "Is mór an onóir dom bheith ceaptha san oifig seo go háirithe agus cathair Dhoire i mbun ullmhúcháin don fhéile Oireachtais is mó ariamh. Ardóidh sé ár gcroíthe uile fáilte a chur roimh phobal an Oireachtais go Doire," a dúirt Mac Gabhann. "Fear ildánach, a bhfuil sárcháil air in earnálacha an oideachais agus na n-ealaíon," a dúirt Liam Ó Maolaodha, stiúrthóir an Oireachtais, faoin uachtarán nua.

Beidh Oireachtas na Bealtaine ar siúl i dTrá Lí, Co Chiarraí, idir an Déardaoin 11ú agus an Domhnach 14ú Bealtaine agus beidh Oireachtas na Samhna ar siúl i nDoire, idir an Chéadaoin 1ú agus an Domhnach 5ú Samhain.