Idir dha Standun

Casadh Pádraig Standún, sagart agus scríbhneoir, ar an cholúnaí seo uair amháin beagnach 16 bliain ó shin

Casadh Pádraig Standún, sagart agus scríbhneoir, ar an cholúnaí seo uair amháin beagnach 16 bliain ó shin. Ag dul amach as Inis Oírr ar bhád a bhí mé nuair a chonaic mé é. Chuir mé forrán air ach ní raibh fonn cainte air. Duine cúthail a dúradh liom agus mé ar ais ar tír mór.

Bhí tréith sin na cúthaileachta le sonrú go láidir sa chlár, Idir na Línte (TG4). Chonacthas Standún faoi agallamh ar mhír nuachta as an chartlann. Cuireadh i bpríosún é mar agóid in éadan dhrochstaid bhóithre Chonamara. Rinne an tuairisceoir a sheacht ndícheall crua a chur ar Standún. Cén mhaith an agóid seo agat? Cúthail ina fhreagraí a bhí Standún, gan fonn air aird a tharraingt air féin nó íobartach a dhéanamh de féin.

Rinne lucht Idir na Línte a seacht ndícheall focail a mhealladh as Standún fosta. Labhair sé go cúramach ciúinfaoina shaol agus faoina ghairm scríbhneoireachta. Bhí deacrachtaí ag an cholúnaí cuid dá raibh le rá aige a chluinstin, chomh híseal is a bhí a ghlór in amanna.

Rinneadh plé áirithe ar chéad leabhar Standúin, Súil le Breith, scéal faoi shagart agus bean óg a shaolaíonn leanbh dó. Ba le pléisiúr a léigh an colúnaí seo an téacs sin mar fhochéimí ollscoile.

READ MORE

Ach ní ag díriú ar théacs liteartha a bhí an clár. Baoite a bhí sa leabhar, féacháil le solas a chaitheamh ar shaol príobháideach an údair.

Rinne Standún iarracht an príobháideachas sin a chosaint sular ghéill sé beagán eolais faoin leabhar agus faoina shaol féin. Agus bhí an clár thart.

Gan amhras, tá 20 rud eile ann a d'fhéadfaí a rá faoi Standún an scríbhneoir. Faraor, níor fobraíodh an ghné shainiúil phoiblí dá shaol. Standún an sagart príobháideach ba spéis le lucht déanta an chláir. Is trua.

Ní idir na línte a thit an clár ach idir dhá Standún, idir dhá stól.