Gruaim Titley

Léireoidh Aisteoirí Bulfin An Ghráin agus an Ghruaim le Alan Titley sa Theatre Space @ the Mint, Plás Anraí, Baile Átha Cliath…

Léireoidh Aisteoirí Bulfin An Ghráin agus an Ghruaim le Alan Titley sa Theatre Space @ the Mint, Plás Anraí, Baile Átha Cliath 1, ag 8 p.m. oíche Shathairn.

Gealltar: "dráma grinn suite faoin dtuath in Éirinn. Teaghlach a bhfuil talamh agus caora acu - ach an mbeidh an feirmeoir mór in ann a ghreim a choinneál ar a chuid talún? Nó, an mbuailfidh duine éigin bob air?

"Carachtair aisteacha nach bhfuil uathu ach a mbealach féin i gcónaí. An éireoidh le héinne teacht ar an méid a bhfuil uathu agus an dallamullóg a chur ar an gcuid eile? Ní mar a shíltear bítear."

Eolas: 01-872 9977