Geansai imeartha

Crobhingne: Murab ionann agus mná ní thugaim éadaí faoi ndeara

Crobhingne: Murab ionann agus mná ní thugaim éadaí faoi ndeara. Tugaim iad faoi ndeara, gan amhras, mura bhfuil siad ann, ach sin scéal eile.

A mhalairt dá réir, éadaí nach foláir suntas a chur iontu ar son a gcuid spiagachta, éadaí a fhorfhógraíonn iad féin murab ionann agus geansaithe leamha Aontroma, Liatroma agus Chille Mantáin (nach bhfaca ach paca beag riamh lasmuigh de Log na Coille).

Déanaim amach ar lorg Thomas Carlisle go bhfuil baint idir na héadaí agus an duine (cé nach dtugaim iad faoi deara, dáiríre). Geansaithe na gContaethe is maith an teist iad mar thús. Léinte fuilchraosacha croídhearga Chorcaí a shéideann go bhfuil níos mó craobh na hÉireann buaite acu i ngach aon chomórtas arna gcur le chéile na contae ar bith eile go fada buí. Is é adeireann siad go ngabhfadh siad tríd an gcogadh siar amach chun an chraobh a bhaint. Fuil agus bindealáin go deo!

Cill Chainnigh ina stráicí uibhe agus dubh ag cur os ard go bhfuil siad idir mheata agus cham agus ina mbeacha gan chealg. Gaillimh nach bhfuil focal ar bith i seacht dteangacha an tsléibhe ar an ndath a cheaptar a bheith orthu. Tiobraid Árann a bhfuil meascán den ghoirme ríoga agus den bhuí chladhartha mar shuaitheantas acu. An Clár, tar éis athnuachan mhíorúilteach i lár na 1990í, á cheapadh dhóibh gur Tiobraid Árann iad, ag tuiscint an dána chéanna. Tír Chonaill, an Mhí, Uí bhFailí agus eile ar dóigh leo toisc go bhfuil dathanna bhrat na hÉireann, i bhfoirm, orthu, gur cheart go mbeadh an lá leo. Deirtí riamh faoi fhearaibh Uí bhFailí go raibh siad chomh tiubh sin nach raibh a fhios acu cathain a bhí buaite orthu.

READ MORE

Ceatharlach a bhfuil dathanna rugbaí áille orthu go binn, agus a imríonn dá réir, é sin nó gur samhail urlacain iad oíche Shathairn san Mhuine an-Bheag. Loch Garman nach fearr riamh yellow bellies mar ainm orthu mar go dteipid nuair a chuirtear an camán ina bpus. Baile Átha Cliath i ndathanna pháirtí chaomhaigh Mhargaret Thatcher, agus b'fhéidir gurbh é is fearr a d'oirfeadh dóibh faoi láthair. Iad ag dul síos sa pholl gan trácht, gan radharc. Ach á dhéanamh le stíl, agus fliúiteanna, agus bualadh drumaí.

Contae Ard Mhacha ina ndathanna Oráisteacha ag ligean orthu nach bhfuil siad chomh seicteach is a cheaptar, ní fearr riamh mar chomhartha chomhbhráithreachais é, mar dhea. É sin, nó d'eirigh leo ceirteacha na bhfear buí a fháil ar shladmhargadh i gceant i Lios na gCearrbhach gan fhios do chách. Duibhe dhrochdhuibheagáin Shligigh ina ráiteas ar cad a bhíonn i ndán dóibh.

Glaise Fhear Manach ar nós Glaise Luimnigh, ag brath ar an CAP Eorpach teacht i gcabhair orthu, agus nach maith mar a oireann an tsluasaid agus an spád mar íomhá dóibh.

Faraoir géar, ní shroicheann deontais set aside foirne áirithe peile ná iomána. Dathanna Mhaigh Eo go hálainn, ach bíonn contaetha áirithe ann ar son mhaisiúcháin amháin. Tír Eoghain gur treise ar an gcleite bhán iad ná ar an deirge ocrach.

Mo ghrása thall na Déise faoi sceichín dheas na séimhfhear nuair nach séideann teas na gréine orthu faoi speir ghil gan smál, dream ar dual dóibh an boladh a fháil choíche ach an greim feola a éalú uathu.

Contae Laoise ar dhathanna a bheadh ar fhoirinn sacair i Roinn a trí d'íosléig Shasana. Doire Chalgaigh gob ar ghob leo, agus gob os a gcionn. Tháinig a lá, agus d'imigh.

An Iarmhí ina n-athGhaillimhigh, ach níos éadóchasaí ná iad.

Goirme Mhuineacháin ar nós chartreuse lasairfhíonach leamh a gcuirfí uisce poill tríd.

An Cabhán chomh hulchabhánach is nach bhfeadair aon duine cé hiad. Tá daoine ar chuimhin leo iad sna Polo Grounds i Nua-Eabhrac fadó riamh, ach ba dhubh agus bán na pictiúir sin sa tslí dhúinn gurb aineolach sinn orthu, seachas creideamh na sean agus Roinn Bhéaloideas Éireann.

Doircheacht an Dúin ag fógairt fáin ar naimhde, agus a gcuid craoraic ag beathú an ghoirt. Dath Lú ina uiscealach leamh, ag ligean orthu go bhfuil an dearg á chaitheamh acu.

Smuga slaghdáin agus buíochán uibhe lofa ar fhoirinn Chiarraí a oireann go seoigh dá stíl caideolaíochta. Agus téann díom rud ar bith a rá faoi Chontae Longfoirt, ach ní mé an t-aon duine amháin.

Agus an bhfuil a fhios agat? Bhain mé ardphléisiúr as an méid sin a scríobh!