Foras feasa cois Laoi

Beocheist/Éilis Ní Anluain: Ar thóir aiste ar Sheathrún Céitinn (1570-1650) i mbeart irisí, ritheann sé liom gur beag áit, i…

Beocheist/Éilis Ní Anluain:Ar thóir aiste ar Sheathrún Céitinn (1570-1650) i mbeart irisí, ritheann sé liom gur beag áit, i dtréimhse chomh gearr, gur litríodh a hainm ar oiread sin bealaí.

Muigh Nuadhat, Má Nuad, Maigh Nuad agus Mánuat, gan trácht ar NUIM atá, maraon lena chompánach NUIG, iomarcach sa tslí chéanna go bhfuil UL easnamhach. Ar mhaithe le rialtacht i measc na n-ollscoileanna is ionadh liom nach iad na litreacha UCM a úsáidtear nó COM i nGaeilge.

Ní dóigh liom go bhfuil aon cheangal idir Céitinn agus an coláiste sin, ach gach seans dá mb'é gur rugadh 200 bliain níos déanaí é, gur ann a d'oirneofaí ina shagart é. Má tháinig feabhas ar chás na gCaitliceach sa tír seo in imeacht an dá chéad bliain sin ó mhair Céitinn, ní féidir an rud céanna a rá faoi chás na Gaeilge, agus i dtréimhse níos déanaí is cinnte nach dtiocfadh ann dá mhórshaothar Foras Feasa ar Éirinn, ar a dtugtar i mBéarla The History of Ireland.

Go luath sa 17ú haois agus deireadh tubaisteach ag teacht le réimeas na nGael thug scríobhaithe go díograiseach faoi shábháil seanlámhscríbhinní. Is sna blianta céanna, ag baint úsáid as cuid de na foinsí céanna a scríobhadh Foras Feasaan Chéitinnigh agus Annálachana gCeithre Máistrí, faoi stiúir Mhíchil Uí Chléirigh. Bhí tréimhsí caite ar an mór-roinn ag an bheirt acu agus saothair thábhachtacha eile scríofa acu sular thugadar ar na saothair seo.

READ MORE

Nuair a smaoiním ar an saothar seo le Céitinn, smaoiním ar chuid de mhórshaothair thonnbhristiúla na mór-roinne. In ord a gcumtha nó a ndéanamh tá Dante, mar gurbh é a chuir tús le scríobh na hIodáilise mar a chuir Céitinn tús le scríobh na Nua-Ghaeilge, Michelangelo mar gur chaith sé ceithre bliana ag gabháil do shaothar cuimsitheach ina bhfuil stair an chine dhaonna agus eachtraí ón mBíobla, thart ar an fhaid chéanna a chaith Céitinn ag scríobh Foras Feasaagus na téamaí céanna aige ann ach é bheith dírithe ar a thír féin

Smaoiním ar Cervantes mar gur i bpríosún a scríobh sé Don Quixote, agus gur ar a theitheadh i nGleann Eathairle, mar gheall ar sheanmóin a thug sé a bhí Céitinn nuair a scríobh sé Foras Feasa. Agus cuimhním ar Proust, mar gheall go bhfuil mórán an toirt chéanna sa dá bheart ceithre leabhar atá taobh liom ar an mbord agus mé ag scríobh, clúdach dubh agus bán Leabharlann Everyman ar an mbeart nach bhfuil léite agam ach an ceathrú cuid de agus clúdach uaithne agus órga Chumann na Scríbheann nGaedhilge (ITS) ar an mbeart gur chuir Dáithí Ó Coimín eagar air an ceathrú cuid de i 1901 agus gur lean an tAthair Duinnín leis an obair agus gur foilsíodh iml I&II i 1908 agus iml IV i 1914.

(Maidir leis an tagairt sin do Dante, ní bheinn ag teacht le náisiúnachas an Chéitinnigh mura gcuirfinn i gcuimhne don léitheoir gur i bhfad roimhe sin a scríobhadh síos an tSean-Ghaeilge a bhí ar an gcéad cheann de theangacha dúchasacha na hEorpa a cuireadh ar phár.)

Sa réamhrá ag tosach an dara ceann de na ceithre imleabhar uaithne, cé a chasfaí arís orm ach mo sheanchairde a bhí ag déanamh trioblóide dom thuas, agus iad ag déanamh trioblóide anois don Duinníneach, an fear eagair nua: "The equality in value of the letters a, o, u, in certain syllables in these manuscripts, is a cause of some trouble to the editor. Thus we meet with maighe, moighe, muighe as genitives of magh. The interchange of these letters does not affect the sound. The scribes do not seem to have troubled themselves as to consistency in this matter."

Ní foláir nó déanfar tagairt éigin do mhalairtí dá shórt Dé Sathairni gColáiste na hOllscoile, Corcaigh. Is ann a bheidh an naoú seimineár bliantúil ag Cumann na Scríbheann nGaeilge agus "Foras Feasa ar Éirinn" ábhar na gcainteanna ag Tadhg Ó Dúshláine (Reitric Fhoras Fheasa), Diarmuid Ó Murchadha (Céitinn: Fear Traidisiún nó Nuálaí), Meidhbhín Ní Úrdail (Oidhreacht Liteartha), Bernadette Cunningham (Léitheoirí an 17ú haois: Kearney, Colgan, Ó Cléirigh), Brendan Bradshaw (Léamh Foras Feasa) agus Marc Caball (Filíocht an Chéitinnigh).

Tugaim faoi deara clár an lae bheith i mBéarla agus ritheann sé liom nach amhlaidh a bheadh an scéal ag seimineár ar Dante san Iodáil, nó ar Cervantes sa Spáinn. Is dócha go mbeadh ábhar seimineáir dá chuid féin i gcíoradh na ceiste sin, an t-idirdhealú a dhéantar i réimsí áirithe fós idir an Ghaeilge mar mheán cumarsáide agus an Ghaeilge mar ábhar scolártha.

• Eolas: p.riggs@ucc.ie