Failte romhat

Cheap an tUachtarán, Máire Mhic Giolla Íosa, Seán Ó Cuirreáin ina Choimisinéir Teanga ag searmanas in Áras an Uachtaráin Dé Luain…

Cheap an tUachtarán, Máire Mhic Giolla Íosa, Seán Ó Cuirreáin ina Choimisinéir Teanga ag searmanas in Áras an Uachtaráin Dé Luain.

D'fháiltigh an tAire sa Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, roimh an cheapachán, á rá: "Is duine ardcháilithe é le taithí fhada ag gníomhú i saol na Gaeilge. Tá an-áthas orm go raibh sé in ann an dúshlán seo a ghlacadh agus táim cinnte go gcuirfidh sé beart suntasach i gcrích le linn na Coimisinéireachta."

Chuir urlabhraí Gaeltachta agus Gaeilge Shinn Féin, Aengus Ó Snodaigh, fáilte roimh an scéala ach léirigh imní nach mbeadh go leor tacaíochta ag an Choimisinéir lena chuid dualgas a chomhlíonadh: "Tá sé deimhnithe ag an Rialtas nach raibh sé i gceist riamh go bhfostófaí daoine nua in Oifig an Choimisinéara Teanga. Tá súil agam go mbeidh a dhóthain státseirbhísigh ag an Choimisinéir nua chun dul ar aghaidh leis an obair."

Agus níl Ó Cuirreáin ag déanamh moill ar bith le dul i mbun oibre; tabharfaidh sé eochairchaint ag Tóstal na Gaeilge in Óstán an Galway Bay an Aoine seo ag 7.30 p.m.

READ MORE

Dúirt Leas-Stiúrthóir Gníomhach Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, Adelaide Nic Chárthaigh gur "mhór an onóir dúinn go bhfuil sé mar aoichainteoir an Tóstail i mbliana. Is cúis mhór cheiliúrtha a cheapacháin do phobal na Gaeilge agus cuirfear tús leis ag an Tóstal i mbliana."

Bheadh fáilte roimh gach aon duine freastal ar an ócáid, a dúirt sí. Eolas: 01-6794780 nó www.tostal.ie