Fáilte don éan is binne ar chraoibh

ANOIS SAN Earrach, is breá liom bheith ag éisteacht leis na héin agus na fuinneoga sa teach ar oscailt agam

ANOIS SAN Earrach, is breá liom bheith ag éisteacht leis na héin agus na fuinneoga sa teach ar oscailt agam. Bíonn cantain ag éirí na gréine agus ag dul faoi na gréine, ach bíonn ceol le cloisteáil i rith an lae freisin.

Tosnaíonn na héin ag cantain de réir a chéile sa bhliain úr. Ar dtús, i mí Eanáir, agus an sneachta ar an dtalamh, cloistear an meantán mór agus an meantán gorm. Ansin i mí an Mhárta canann an lon dubh, an smólach, an spideog agus an dreoilín.

Agus an fhuiseog amuigh faoin dtuaith os cionn na bpáirceanna. Ansin i mí Aibreáin tagann na cuairteoirí samhraidh: an caipín dubh agus an tiuf-teaf, agus a lán eile.

Ní mór dom bheith ag éisteacht leis na héin ag canadh. Crothnaím uaim iad sa gheimhreadh. An bhfuil daoine ann nach n-éisteann leis na héin? B’fhéidir go gcloiseann siad iad ach nach dtugann siad faoi deara iad agus nach n-éisteann siad leo.

READ MORE

Nuair a éistim leis an lon dubh, smaoiním ar m’óige in Éirinn. Bhí sé chomh gleoite bheith ag éisteacht leis tráthnóna. Agus canadh na spideoige, tá sé milis agus mar a bheadh cumha ag baint leis, mar a bheadh trua aige do gach brón ar domhan.

Nuair a smaoiním ar ais ar éanlaith m’óige, is cinnte go bhfuil cantain na n-éan fite fuaite im aigne leis an bhfilíocht, le filíocht na Gaeilge agus filíocht an Bhéarla.

Tá filí Gaelacha ag éisteacht leis na héin le fada an lá. Sa Mheánaois, d’éist na manaigh leis an lon dubh:

Och, a luin, is buíoch duit

cá háit sa mhuine a bhfuil do nead

A dhithreabhaigh nach clinn clog

is binn bog síthiúil d’fhead.

Agus tá a fhios ag cách gurbh fhearr le sean-Oisín canadh an loin duibh ná ceol na gclog Críostaí:

Binn sin, a Loin Doire an Chairn!

Ní chuala mé in aird sa bhith

Ceol ba binne ná do cheol

agus tú fá bhun do nid.

Bhí an taitneamh sin á bhaint as ceol na n-éan, ach cumha fite fuaite leis, ag Séamus Dall Mac Cuarta na céadta ina dhiaidh:

Fáilte ’on éan is binne ar chraoibh

labhras ar chaoin na dtor le gréin;

domhsa is fada tuirse an tsaoil

nach bhfeiceann í le teacht an fhéir.

Tá éan ann nach raibh aithne agam air ag an am sin toisc nach bhfuil sé in Éirinn, cé go bhfuil sé flúirseach in áiteanna eile san Eoraip: an filiméala.

Tá an ceoltóir seo éagsúil le haon éan eile ó thaobh na cantaireachta de. Ní chanann sé ach san Earrach nuair a thagann sé ar ais ar imirce i mí Aibreáin agus go dtí mí an Mheithimh, nuair a fhágann na héin óga an nead.

Ní dócha go bhfuil éan ar bith eile a bhfuil bua sin na cantaireachta aige agus a éiríonn a bheith ag canadh chomh luath sin sa bhliain. Ach tá an t-éan seo cáiliúil, ní hamháin as ucht a chantaireachta gleoite, ach toisc go gcanann sé san oíche, rud nach ndeineann éanlaith na hEorpa de ghnáth.

Tá seanaithne agam ar an bhfiliméala – ar bhealach indíreach – ó fhilíocht an Bhéarla.

Is cuimhin liom trácht bheith air i ndánta de chuid Shakespeare – "Philomel, with melody, sing in our sweet lullaby" – agus Milton – "And the mute Silence hist along/Lest Philomel will deign a song – agus ar ndóigh san Ode to a Nightingalede chuid Keats. Chuaigh na dánta sin go mór i bhfeidhm orm agus mé óg.

Ach ní raibh aithne ar bith agam ar an éan féin in Éirinn, cé go raibh sé le fáil i ndeisceart Shasana, agus sin an fáth go raibh trácht air i bhfilíocht an Bhéarla.

Níor chuir mé aithne ar an bhfiliméala ach le blianta beaga anuas agus mé i mo chónaí anseo i gceartlár na hEorpa.

Tá aithne mhaith agam anois air, agus is cinnte go bhfuil a amhrán thar barr, cuma an gcloistear é san oíche nó sa lá.

Ach ní déarfainn go bhfuil an oiread sin bróin ag baint leis is a maítear i bhfilíocht an Bhéarla. Déarfainn go bhfuil fuinneamh ag baint leis an amhrán thar aon rud eile.

Mar sin féin, bíonn brón áirithe ag baint le canadh na n-éan i gcónaí. Tá an canadh sin síoraí, beagnach, ach níl an duine féin síoraí. Tuigtear do dhuine go mbeidh na lonta dubha ag canadh go fóill nuair nach mbeidh sé féin ann chun éisteacht leo.

Mar a dúirt Brecht i ndán a scríobh sé ag deireadh a shaoil, é ag éisteacht le lon dubh ag canadh maidin amháin agus é féin breoite san ospidéal: “D’éirigh liom taitneamh a bhaint freisin as gach amhrán loin a thiocfaidh i mo dhiaidh.”