Eireville abu

Bhí urlabhraí thar ceann TG4 i dteagmháil leis an cholún seo mar gheall ar an léirmheas cáinteach ar Éireville, gearrscannán, …

Bhí urlabhraí thar ceann TG4 i dteagmháil leis an cholún seo mar gheall ar an léirmheas cáinteach ar Éireville, gearrscannán, a craoladh ar an stáisiún.

Tugann TG4 le fios gur bhain an scannán an duais don ghearrscannán ab fhearr ag Féile Scannánaíochta Chorcaí, "ceann de phríomhghradaim na Féile", arú aréir.

"Táim cinnte go mbeidh fonn ort an t-aitheantas tábhachtach seo a lua," a scríobhann an t-urlabhraí.

Luafar agus fáilte. Ní chuirfidh an colún seo ceist faoi chumas critice 'luvvies' cois Laoi ach tá ceist eile ag an scríbhneoir seo ar an stáisiún: ar mhaith libh go leanfadh sé ar aghaidh leis an cháineadh ionas go mbronnfaí tuilleadh duaiseanna ar na cláir? Ní haon trioblóid í.