Eagraíochtaí teanga ag cur fáilte roimh Chlár an Rialtais

“WE WILL take steps to improve the quality and the effectiveness of the teaching of Irish at second level

“WE WILL take steps to improve the quality and the effectiveness of the teaching of Irish at second level. When these steps have been implemented, we will consider the question of whether Irish should be optional at Leaving Certificate.”

Sin a scríobhann Fine Gael agus Páirtí an Lucht Oibre i gClár an Rialtais a foilsíodh Dé Domhnaigh. Níl caint ar bith ann faoin Ghaeilge a bhaint mar ábhar riachtanach Ardteiste ach tá rún ag an chomhrialtas tabhairt faoi “a thorough reform of the Irish curriculum and the way in which Irish is taught at primary and second levels of education”.

Tá rún acu béim bhreise a chur ar chúrsaí cainte agus cluastuisceana agus 50 faoin gcéad de na marcanna a bhronnadh ar an scrúdú béil san Ardteist. Cuireann siad mar chuspóir rompu fosta sciar na mac léinn atá ag gabháil don ardleibhéal sa Ghaeilge san Ardteist a dhúbailt.

Scríobhann an dá pháirtí go dtabharfaidh siad tacaíocht don straitéis 20 bliain “and will deliver on the achievable goals and targets proposed” agus go ndéanfaidh siad infheistíocht sa Ghaeltacht i gcruthú post, i gcúrsaí fuinnimh, uisce agus leathanbhanda. Tabharfaidh siad tacaíocht fosta do chraoltóireacht na Gaeilge agus d’earnáil na n-ealaíon.

READ MORE

Tá rún acu athbhreithniú a dhéanamh ar chláir mhaoinithe agus infheistíochta na n-eagras teanga “in order to achieve visible value for money for citizens and tangible outcomes on a transparent basis”.

Chuir príomhfheidhmeannach Ghael-Linn, Antoine Ó Coileáin, fáilte roimh an chlár, á rá gur mhaith “an rud nach bhfuil cinneadh láithreach le déanamh mar gheall ar an nGaeilge a bheith roghnach ag leibhéal na hArdteiste, rud a d’fhéadfadh a bheith ina thubaiste. Molaimid an cur chuige tomhaiste atá á bheartú chun go mbeidh breis éifeachta leis na beartais Ghaeilge atá ann.

“Fáiltímid roimh an athbhreithniú éifeachtúlachta agus luach airgid maidir le hobair na n-eagras Gaeilge agus aontaímid gur chóir go mbeadh torthaí inbhraite agus trédhearcacha ar chaiteachas na Gaeilge”.

Mhol sé sa chomhthéacs sin gur chóir éirí as “an tionscadal de chuid Fhoras na Gaeilge obair na Gaeilge a mhaoiniú ar bhonn scéimeanna. Níl aon rath ar an iarracht atá ar bun le trí bliana anuas agus atá ag cruthú an-éiginnteacht maidir le cláir oibre na n-eagras. Ba chóir go gcuimseodh an t-athbhreithniú rialtais gach maoiniú stáit don Ghaeilge i gcomhthéacs aidhmeanna na straitéise 20 bliain a bhaint amach”.

Dúirt stiúrthóir Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, eagras comhordnaithe na n-eagraíocht deonach, Pádraig Mac Criostail, go raibh siad ag iarraidh go mbeadh bonn reachtúil faoin straitéis 20 bliain gan mhoill.

Ba chóir go mbeadh ról lárnach ag an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta san athbhreithniú ar churaclam na Gaeilge, a dúirt sé.

Ba mhaith leis go dtabharfadh leasú ar bith ar an churaclam líofacht na ndaltaí sin a raibh Gaeilge acu cheana féin, bíodh siad ina gcónaí sa Ghaeltacht nó lasmuigh di, san áireamh. Níor mhaith leis go mbeadh ísliú caighdeáin ar bith san Ardteistiméireacht agus an rialtas nua ag iarraidh líon na ndaltaí a roghnaíonn an páipéar ardleibhéil a mhéadú.

Thug an t-eagras teanga thuaidh/theas, Foras na Gaeilge, le fios gur chuir siad fáilte roimh an tacaíocht do chur i bhfeidhm na straitéise 20 bliain don Ghaeilge. D’aithin siad gur bhain tábhacht le trédhearcacht agus luach ar airgead agus, dá bharr sin, thacaigh siad leis an athbhreithniú ar chláir infheistíochta agus mhaoinithe do thionscadail Ghaeilge.

Thug siad le fios fosta gur mhaith leo “an cinneadh le hathbhreithniú iomlán a dhéanamh ar an gcaoi a múintear an Ghaeilge ag an mbun agus ag an meán leibhéal a threaslú leis na páirtithe”.

Chuir an t-eagras fáilte roimh an chuspóir líon na scoláirí atá ag déanamh staidéir ar an Ghaeilge ag an ardleibhéal a dhúbailt agus roimh na céimeanna atá beartaithe acu cur le caighdeán agus éifeacht theagasc na teanga. Bhí an t-eagras ag dúil le ról lárnach a imirt i bhfeidhmiú an chláir.

NÍL ÚDARÁSna Gaeltachta luaite ina n-ainm féin sa chlár rialtais. D'eisigh an tÚdarás ráiteas inar thug siad le fios go mbeadh bord agus bainistíocht an eagrais ar lorg cruinnithe leis an Aire nua Gaeltachta le cúrsaí fostaíochta sa Ghaeltacht a phlé.

D’aithin siad go raibh an comhrialtas nua ag tacú leis an straitéis 20 bliain agus chuir siad in iúl go raibh sé scríofa sa cháipéis sin go mbeadh ról fiontraíochta ag an Údarás san obair.

Dúirt Pádraig Mac Criostail ón Chomhdháil gur chuir siad fáilte roimh na gealltanais a bhí ann do chúrsaí fostaíochta sa Ghaeltacht ach ba é dóchas na Comhdhála go gcuirfí an acmhainn agus an tacaíocht chuí ar fáil d’Údarás na Gaeltachta le go mbeadh siad ábalta leanstan dá chúraimí fiontraíochta reatha.