Drámaí Dhuibhlinn

I gcomparáid leis an bhliain anuraidh ní beag líon na ndrámaí Gaeilge a bheidh ar siúl i mBaile Átha Cliath idir seo agus an …

I gcomparáid leis an bhliain anuraidh ní beag líon na ndrámaí Gaeilge a bheidh ar siúl i mBaile Átha Cliath idir seo agus an Nollaig, a scríobhann Máiréad Ní Chinnéide.

Dé hAoine seo chugainn ag 8.30pm cuirfidh Aisteoirí Mhíobhaigh as Ros Goill, Co Dhún na nGall, dráma nua le Proinsias Ó Cuilinn, An Croí Fealltach, ar an stáitse i gClub na Múinteoirí, 36, Cearnóg Pharnell.

Is é Ó Cuilinn a scríobh agus a léirigh agus bhain sé gradam scríbhneoireachta agus gradam léiritheoireachta don dráma ag an Fhéile Náisiúnta Drámaíochta i mBaile Locha Riach níos luaithe i mbliana. Bhí duine den fhoireann, Aodh Mac Laifeartaigh, orthu sin a fuair gradam aisteoireachta.

Dráma grinn atá ann a thosaíonn le bainisteoir bainc mórchúiseach, neamhscrupallach, ag iarraidh cara a bhean chéile a bhréagadh. Cé go gcuireann timpiste ar an bhealach mór isteach ar a chuid suirí tapaíonn sé an deis chun seift nua a bheartú a dhéanfaidh saibhir é, nó sin a shíleann sé.

READ MORE

Tá seift nó dhó beartaithe ag a bhean chun stop a chur le cliúsaíocht a fear céile agus tá críoch leis an dráma nach mbeifí ag súil leis. Dráma tráthúil don am ina mairimid is ea An Croí Fealltach agus tá cuid de na radhairc thar a bheith greannmhar. Ná caill é.

Ach má tá dualgais eile ort Dé hAoine beidh seans agat deisbhéal, greann agus ceol mhuintir na Gaeltachta a chluinstin Dé Sathairn in Éigse an Fhómhair nuair a bheidh aisteoirí ó Chonamara, Mhúscraí, Chorca Dhuibhne agus Thír Chonaill i mbun agallamh beirte, lúibíní, ceapóga, amhráin saothair, scéal-dráma agus drámaí véarsaíochta. Ag 8.30pm a thosaíonn an éigse san ionad céanna i gClub na Múinteoirí.

Is fada ó bhí dráma Gaeilge in Amharclann na Mainistreach. Sé mhí ó shin tugadh coimisiún do thriúr gearrdhráma Gaeilge a scríobh don Mhainistir agus seachtain ón lá inniu ag 6pm feicfear toradh a gcuid iarrachtaí ar stáitse na Péacóige.

Déanfaidh aisteoirí proifisiúnta, faoi stiúir Paul Mercier, léamh ar na drámaí, Ar Deireadh le hAodh Ó Domhnaill, Casadh le Celia de Fréine, agus Cú Dé le Dave Duggan. Déanfar iad a léamh arís sa Chultúrlann, Béal Feirste, Dé Sathairn, 24ú Deireadh Fómhair.

Den triúr is é Aodh Ó Domhnaill an drámadóir is bisiúla agus cuireadh drámaí dá chuid ar an stáitse i mBaile Átha Cliath, i dTaibhdhearc na Gaillimhe agus sa Lyric i mBéal Feirste. Scríbhneoir cliste é Ó Domhnaill a bhfuil an-tuiscint don ghreann agus don aoir aige. Bhuaigh sé an chéad duais le haghaidh drámaí ilghnímh i gcomórtais an Oireachtais i mbliana don dráma Idir an Dá Shúil.

Is mar fhile is mó atá aithne ar Celia de Fréine ach tugadh léiriú proifisiúnta do dhá dhráma dá cuid i mBaile Átha Cliath, Anraith Neantóige agus Nara Turas é in Aistear.

Léirigh an compántas, Aisling Ghéar Gruagairí le Dave Duggan sa Chultúrlann i mBéal Feirste. Dála Uí Dhomhnaill is é seo an chéad uair do cheachtar acu dráma a scríobh don Amharclann Náisiúnta.

Má tá an amharclann sin ag aithint faoi dheireadh dualgas bheith orthu drámaí Gaeilge a chur ar an stáitse is faoi phobal na Gaeilge a thaispeáint go bhfuil éileamh orthu. Triail a bheidh sa léamh an tseachtain seo chugainn ach má éiríonn leis tá seans go ndéanfar léiriú ceart ar na drámaí amach anseo.

Agus dea-scéal eile faoi chúrsaí drámaíochta san ardchathair cuirfidh an compántas, Salamandar, dráma nua le Darach Ó Scolaí, An tSeanbhróg, ar stáitse an Project Arts Centre, Barra an Teampaill, ón Mháirt 20ú go dtí an Satharn 24ú Deireadh Fómhair ag 8.15pm.

Suite in Éirinn i ré na Normannach caitheann an dráma seo súil ghéarchúiseach ar an stair agus ar an Éireannachas. Beidh an dráma le feiceáil sa Regional Cultural Centre i Leitir Ceanainn, Co Dhún na nGall, idir an Chéadaoin 28ú agus an Satharn 31ú, Deireadh Fómhair.