'Dioma' Eorpach

Tá sé rídheacair do thionscnaimh mionteangacha maoiniú a fháil ó na cláir theangabhunaithe a bhíonn á reachtáil ag Coimisiún …

Tá sé rídheacair do thionscnaimh mionteangacha maoiniú a fháil ó na cláir theangabhunaithe a bhíonn á reachtáil ag Coimisiún an Aontais Eorpaigh, a scríobhann Máiréad Ní Chinnéide.

Ní bhíonn mionteangacha réigiúnda i gceist ach i níos lú ná 1 faoin gcéad de na tionscnaimh a fhaigheann maoiniú faoin chóras atá ann ó 2001 i leith.

Sin a bhí le rá ag Johan Haggman, Oifigeach Tionscnamh an Bhiúró Eorpaigh um Theangacha Neamhfhorleathana, ag seimineár i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo caite.

Roimh 2001 bhí buiséad ar leith ann do na mionteangacha réigiúnacha ach rialaigh Cúirt na hEorpa go raibh sé sin míbhunreachtúil agus b'éigean do lucht na mionteangacha dul in iomaíocht leis na mórtheangacha chun maoiniú a fháil.

READ MORE

Rinne Haggman cur síos beacht soiléir ar ocht gclár a raibh baint acu le cúrsaí teanga ach is beag spreagadh a bhí ina chuid cainte d'aon dream a bhí i mbun tionscnaimh Ghaeilge iarratas a chur chun na Bruiséile.

Constaic amháin is ea an riail i bhformhór na gclár go gcaithfidh lucht an tionscnaimh 50 faoin gcéad den mhaoiniú a chur ar fáil.

Mar gheall air sin, tá seans i bhfad níos fearr ag tionscnamh mór, a bhfuil a lán airgid taobh thiar de, maoiniú a fháil ón Bhruiséil.

Constaic eile is ea an riail faoi pháirtnéireacht. De réir na rialach seo ní mór do lucht tionscnaimh i mballstát amháin páirtnéirí bheith acu i ndhá bhallstát eile chun maoiniú a fháil.

Mar shampla, chun maoiniú a fháil ón chlár Culture 2000 níor leor d'Oireachtas na Gaeilge dul i bhpáirtnéireacht leis An Mòd in Albain agus leis an Eisteddfod sa Bhreatain Bheag. Bheadh air an tríú páirtnéir a fháil i mballstát eile seachas an Bhreatain.

Constaic eile d'eagras beag is ea an méid ullmhúcháin a theastaíonn chun iarratas a chur isteach. Mhol Haggman bliain ar a laghad a chaitheamh ar ullmhú iarratais agus an t-iarratas a phlé go mion leis na páirtnéirí eile roimh ré. Shíl riarthóir Chonradh na Gaeilge, Jamie Ó Tuama, "go raibh cuma an-diúltach ar an méid a bhí le rá" aige. Luaigh sé ach go háirithe an choinníoll go mbeadh orthu 50 faoin gcéad den airgead a íoc roimh ré. "Níorbh acmhainn dúinn sin a dhéanamh."

Maidir leis an chionníoll faoi thrí bhallstát bheith páirteach i dtionscnamh: "Bheadh an-chuid oibre le déanamh againn chun an tríú páirtnéir a fháil."

Dúirt sé go bhfuair sé an-chuid eolais nach raibh aige roimhe ón chaint agus go raibh faoin Chonradh móriarracht a dhéanamh chun airgead a fháil.

Dúirt bainisteoir Raidió na Life, Maebh Ní Fhallúin, gur chuir an chaint "rud beag éadóchais" uirthi. "Tá an chuma air gur do na boic mhóra é agus dá mhéad an t-airgead atá ag togra is ea is mó airgid a fhaigheann sé."

Shíl sí gur thug an cainteoir le fios gur "próiseas fada casta é" iarratas ar mhaoiniú a chur isteach. Ní bhainfeadh Raidió na Life mórán tairbhe as mar nach mbeadh an fhoireann acu chun an t-iarratas a ullmhú.

B'ábhar díomá di fosta gan aon mhaoiniú do thograí raidió bheith ar fáil faoin chlár Media. Do thograí fise amháin a bhí sé.

Eolas: www.eblul.org