Cuairteoiri baile ag cothu na teanga

Tá teaghlaigh ar fud na tíre ag streachailt le tógáil clainne le Gaeilge, a scríobhann Brenda Ní Shúilleabháin

Tá teaghlaigh ar fud na tíre ag streachailt le tógáil clainne le Gaeilge, a scríobhann Brenda Ní Shúilleabháin. Ní fuirist dul i gcoinnibh an chomhluadair, don tuiste nó don pháiste.

Ach b'fhéidir go bhfuil léas bheag dóchais le feiceáil. I mbliana den chéad uair, eagróidh Oidhreacht Chorca Dhuibhne, i gcomhar le hInstitiúid Teicneolaíochta Éireann, Cúrsa Oiliúna do Chuairteoirí Baile Teanga.

Is é an cúram a bheidh ar na Cuairteoirí Teanga seo ná cabhrú le teaghlaigh a leanaí óga a thógaint le Gaeilge. Traenálfar iad ar chúrsa in Ionad Múinteoirí an Daingin, ó Mhí Dheireadh Fómhair go Cáisc. Bronnfar Teastas i bhForbairt Ghairmiúil Leanúnach ar na mic léinn sinn go n-éireoidh leo sa chúrsa.

Seo í an chéim is déanaí ag Oidhreacht Chorca Dhuibhne i gcosaint agus i bhforbairt na teanga sa Ghaeltacht. Aithníonn siad go bhfuil athruithe móra ag tarlú maidir leis an teanga baile sna limistéir Ghaeltachta, agus nach aon eisceacht í Corca Dhuibhne.

READ MORE

Aithníonn siad chomh maith gurb í an comhartha is cumhachtaí ar inmharthanacht teanga ná cainteoirí faoi bhun trí mblian d'aois bheith aici. Níl na leanaí sin chomh flúirseach in aon Ghaeltacht agus a bhídís agus an teanga i mbaol dá réir.

Bhunaigh Oidhreacht scéim cúntóirí teanga sa bhliain 1992. Chun freastal ar leanaí ná raibh Gaeilge sa bhaile acu agus a bhí ag freastal ar scoileanna Gaeltachta a bunaíodh an scéim.

De réir tuairisce Hickey i 1997, níor bhain ach thart ar an gceathrú cuid de na páistí sna naíonraí Gaeltachta le teaghlaigh lán-Ghaeilge sa bhliain 1993, agus, faoi mar a deir tuarascáil thaighde Chaitríona Ní Chathail (2003): "Níl aon chosúlacht ar an scéal gur i bhfeabhas a chuaigh an céatadán ó shin."

Feictear an gá a bhí le scéim na gcúntóirí nuair a thuigtear go bhfuil sí ag feidhmiú i gceithre cinn de mheánscoileanna agus in aon cheann déag de bhunscoileanna Chorca Dhuibhne chomh maith le scoileanna Gaeltachta eile in Uíbh Ráthach, i Múscraí agus sa Rinn.

Cainteoirí dúchais is ea formhór na gcúntóirí teanga, agus caitheann siad dhá théarma scoile gach aon bhliain i dteannta na leanaí. Cuireann siad leis an méid Gaeilge a shealbhaíonn siad trí chomhrá, cluichí, teanga, rannta, amhráin agus forbairt foclóra. Tá aitheantas bainte amach ag an scéim seo ón Roinn.

Ach de réir tuairiscí na gcúntóirí, bhí gá le hidirbheartaíocht níos luaithe fós. Bhí gá le himeachtaí éagsúla d'aos óg na Gaeltachta a chothódh timpeallacht Ghaeilge dóibh agus a chabhródh le tuismitheoirí ina n-iarrachtaí teaghlach a thógáil le Gaeilge.

Níl an tacaíocht a bhíodh le fáil ó ghlúin níos sine, tráth, níl sé ar fáil chomh minic anois. Is minic a bhíonn tuismitheoir amháin nach ón áit é nó í.

Agus gan amhras, tá na teaghlaigh gur imircigh chun na Gaeltachta an bheirt acu. Pobal dátheangach is ea pobal na Gaeltachta anois. Ach is í an Ghaeilge an teanga atá faoi bhrú, ag barra taoide an Bhéarla ag brú isteach uirthi.

Scrúdaigh Oidhreacht na tograí go léir a bhí ag plé le cabhrú le tuismitheoirí ag tógaint leanbh le mionteanga. Twf sa Bhreatain Bheag an togra is mó, dar leo, a d'fhreagair dá riachtanais.

Tá an togra seo de chuid Bhord na Breatnaise bunaithe ar an dtaighde acadúil is déanaí. Aontaíonn na teangeolaithe seo ná mairfidh teanga muna bhfuil sí á labhairt sa teaghlach.

Ach téann siad céim bhreise: tuigeann siad, i gcás mionteanga, go bhfuil gá ag tuismitheoirí le comhairle agus tacaíocht áirithe muna bhfuil an teanga sin á labhairt ach ag tuismitheoir amháin.

Glacann Twf air féin tuismitheoirí a chur ar an eolas faoi na buntáistí a bhaineann leis an dátheangachas a chothú ó thagann an leanbh ar an saol.

Déantar an taithí, na heiseamláireacha agus na cleachtais is fearr a ghabhann le forbairt le sealbhú na mionteanga a chur ar fáil do thuismitheoirí. Cuirtear ina luí orthu freisin ná déanfaidh an dátheangachas aon díobháil d'fhorbairt an linbh féin i gceachtar den dá theanga.

Tá Twf ar siúl ó 1998, agus is faoi chomhlucht comhairleoireachta teanga príobháideach a riartar anois é. Feiceann na hoifigigh iad féin mar áisitheoirí nó mar dhaoine go bhfuil taithí phearsanta acu ar cheist na teanga.

Tuismitheoirí is ea iad go príomha, ar nós na gcúntóirí teanga. Cainteoirí dúchais Breatnaise a bhformhór, ach tá daoine ina measc a d'fhoghlaim Breatnais agus iad fásta.

Tugann siad cuairteanna pearsanta, rialta, ar theaghlaigh óga chun cabhrú leo Breatnais a chur i réim mar theanga teaghlaigh. Níl an oiread sin ar fad traenála orthu, rud nach ionann agus plean Chorca Dhuibhne.

Sa chúrsa a bheidh ar siúl sa Daingean, beidh léiriú á thabhairt do na rannpháirtithe ar staid na Gaeilge in Éirinn agus i gCorca Dhuibhne faoi láthair.

Gheobhaidh siad tuiscint ar na teoiricí is nua-aimseartha maidir le Sealbhú Teanga agus le Dátheangachas.

Tabharfar eolas dóibh ar an gcleachtas, na scileanna agus an cur chuige is fearr agus oiriúnaí chun dul ag obair le teaghlaigh.

Anuas air sin, tá i gceist go dtabharfaidh siad turas ar an scéim atá ag obair sa Bhreatain Bheag.

Tá súil ag Máire Uí Shíthigh, Stiúrthóir Oidhreacht, agus an bhean a smaoinigh ar an scéim seo, gur trí Bhreatnais agus trí Ghaeilge a reachtáilfear an turas seo, mar tá Niamh Ní Bhaoill, cainteoir líofa Breatnaise, ina cónaí i gCorca Dhuibhne agus tá súil ag an Oidhreacht go dtreoróidh sí an turas.

Ní theastóidh aon cháilíochtaí oideachais gairmiúla faoi leith ó iarrthóirí ar an gcúrsa. Caithfidh Gaeilge líofa bheith acu agus spéis i gcur chun cinn na Gaeilge. Caithfidh siad a bheith báúil tuisceanach discréideach agus iad ag obair le teaghlaigh.

Ní chreideann Oidhreacht Chorca Dhuibhne go réiteoidh an scéim seo fadhbanna na Gaeltachta. Ach is scéim phraiticiúil, fhuaimeantúil, phobal-lárnach é. Líonann sé cuid den bhearna sa phleanáil teanga a léirítear i dTuarascáil Choimisiún na Gaeltachta.

Agus faoi mar a deir Máire Ní Shíthigh: "Is dream praiticiúil sinne. Teastaíonn uainn cabhrú leis an teaghlach ar an talamh."

Beidh sé spéisiúil a fheiscint conas a éireoidh leo. Is gnáthach toradh maith bheith ar scéimeanna na heagraíochta áirithe seo.

  • Dóibh siúd gur spéis leo an cúrsa, beidh oíche eolais á reachtáil amárach in Ionad Múinteoirí an Daingin ar 8 p.m. Uasmhéid de 25 mac léinn a bheidh ar an gcúrsa. Tabharfar tús áite d'iarrthóirí ó Chorca Dhuibhne, ansin d'iarrthóirí ó Ghaeltachtaí eile na Mumhan, agus ina dhiaidh sin de réir éilimh.
  • Is saoririseoir í Brenda Ní Shúilleabháin