Coróin

CROBHINGNE: TÁ SÉ chugainn arís amárach, an tráth seo gach ceithre bliana nuair nach dtugtar an gadhar amach ag siúl, nuair …

CROBHINGNE:TÁ SÉ chugainn arís amárach, an tráth seo gach ceithre bliana nuair nach dtugtar an gadhar amach ag siúl, nuair a ligtear don fhéar fás go rabairneach, agus nuair atá cead a gcinn ag fiailí an ghairdín síolú mar a dordaigh Dia agus an dúlra.

Is é seo, leis, an tráth gach ceithre bliana nuair a ghabhann na sópoparaí gránna ar ais ina mbosca agus nuair a ligtear don saol réalaíoch teacht amach ag súgradh lena chuid liathróidí beaga agus móra.

Is ea, leis, tá Corn an Domhain sa chaideolaíocht ag tosnú amárach. B’fhéidir nach bhfuil sé chomh tábhachtach le craobh na cúige, nó leis an gcluiche idirmheánach i gcoinne an pharóiste is gaire duit, ach is cuid de chultúr na cruinne anois é, agus an té nach suim leis é, tá chomh cúng caolaigeanta leis an Eorpach is leithinsí istigh.

Is mó agus is fairsinge iad na daoine a fhéachann ar Chorn an Domhain ná ar na cluichí Oilimpeacha féin, ná ar an gcogadh domhanda a thiocfaidh, ná ar phóstaí nó ar shochraidí banphrionsaí neamhbhochta.

READ MORE

B’fhéidir gur lánait é sin toisc gan suim ar bith a bheith agat i liathróid ar bith, cruinn nó ubhchrothach nó bánthibhreach le sá i bpoillíní le maide.

Tá agúis mhóra ann, gan amhras. Tugann an spórt sin leis na smístíní a d’úsáidtí in Iarthar Bhéal Feirste, tugann sé “Sraith an Domhain” ar a chomórtas féin i Meiriceá Thuaidh. Ní imrítear an cluiche corr céanna nach béas ná bál é ach sna loganna sin ina raibh saighdiúirí na Stát Aontaithe sular caitheadh amach iad. Tá chomh maith a rá gurb iad Cill Chainnigh curaí an domhain san iomáint agus a rá gur “World Series” is ea cluiche an smaichtín.

I gcás Corn an Domhain, ní hann do na tíortha is mó daonra agus is túisce a bheidh i gceannas nuair a leáfaidh cumhacht an iarthair. Ní hann don tSín, ní hann don India, ní hann don Rúis. Sin sciar maith mór de phobail thar na triúcha amach. Ní hann don tSín mar go bhfuil siad róghnóthach ag déanamh bréagán saora do mhargadh na Nollag; ní hann don India mar ní féidir liathróid a dhéanamh as lamhnán bhó beannaithe; agus ní hann don Rúis mar gur bhuaigh an tSlóivéin orthu. Cuid de rómánsaíocht an chluiche is ea gur féidir leis an míoltóg snap a bhaint as an mathún agus é a leagadh.

Is fíor gur drámaíocht gan script is ea an comórtas. Beidh an chéad leath is an dara leath ann, agus an sos leathama eatarthu inar féidir leat dul amach go dtí an tigh beag agus beoir eile a bhailiú ón gcuisneoir. Beidh tús an dráma leamh go maith agus daoine ag faire a chéile. Is ann a chuirfear aithne ar chuid de na príomhphearsana, agus tiocfaidh daoine amach as na cliatháin nach bhfaca tú riamh cheana.

Tiocfaidh an greann san áit is lú a mbeidh coinne leis, agus beidh gol agus gíoscán fiacal i measc an lucht féachana. Ina dhiaidh sin, is ina dhiaidh sin arís, in ainneoin na heaspa scripte, is iad na gnáthamhrasáin a bheidh ann i ndeireadh thiar thall agus ag dul faoi na gréine.

Beidh an Bhrasaíl ag bolathaíl timpeall lena ngeansaithe bréagChiarraíocha ar nós drochbhéile a chaith an madra aníos; an Ghearmáin lena gcuid Panzerachaí de thosaithe ag gluaiseacht in éineacht agus an Pápa ag guí ar a son; an Iodáil mar gurb iad an Iodáil iad; an Airgintín toisc gurb iad is fileata agus is binne agus is caoimhe agus is tufálta agus ginias de ghealt ina mbun; agus an Spáinn an t-am seo mar go bhfuil an Spáinn thar barr ag gach spórt faoi láthair.

Ní bhuafaidh aon tír eile lasmuigh díobh sin é nó is moncaí práis mé féin. Dhá thréith a bhíonn ag teastáil chun Corn an Domhain a bhuachan. Ní foláir a bheith iomlán eagraithe córasúil smachteagraithe ar leith amháin, nó a bheith as do mheabhair agus a bheith seansúil aerach gliogramchosach grifileánach ar an leith eile. Agus ina theannta sin, caithfidh tú a bheith id thír Chaitliceach agus i mbun fíon a tháirgeadh.

Ná bac Sasana, mar eisceacht ba ea iad sin agus cabhair bhreá acu ó dhaille mhaorlíne; agus is é deisceart na Gearmáine príomhláthair na peile. Lasmuigh de sin, Pápairí ar fad a bhuaigh. An té a bhfuil amhras creidimh air, cuimhníodh sé ar an méid sin.

Ní bhuafaidh Poblacht na hÉireann Corn an Domhain a choíche ná go deo. Ní bhaineann sin le heaspa daoine ná leis an bpeil Ghaelach gan lámha a chleachtaímid de ghnáth. Baineann le gur tír in ainm is a bheith Caitliceach sinn ach a bhfuil cultúr Protastúnach againn. Mura dtuigeann tú, féach ar imirt Eilvéis Chailvín, agus ansin ar Spáinn Phicasso. An té a bhfuil súile aige...

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar