Comórtas filíochta

TÁ COMHDHÁIL Náisiúnta na Gaeilge ag reáchtáil comórtas filíochta dátheangach le linn Chuairt na bhFilí Albanacha ar Éirinn i…

TÁ COMHDHÁIL Náisiúnta na Gaeilge ag reáchtáil comórtas filíochta dátheangach le linn Chuairt na bhFilí Albanacha ar Éirinn i mbliana.

Is féidir le filí dánta nuachumtha i nGaeilge nó i nGàidhlig na hAlban a chur isteach ar an gcomórtas, ach leagan Béarla a chur ar fáil chomh maith.

Roghnófar na hocht ndán is fearr agus gheobhaidh an t-údar deis an dán a léamh ag oíche mhór an chomórtais in Áras Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge. Roghnófar buaiteoir an chomórtais ar an oíche sin, bronnfar duais €500 ar an fhile agus foilseofar an dán i nuachtlitir na Comhdhála agus san irisleabhar Comhar.

* Eolas: sile@comhdháil.ie