Comóradh ceolmhar

Mar chuid de chomóradh 35 bliain RTÉ Raidió na Gaeltachta, beidh buaiteoirí uile Chorn Uí Riada - 22 amhránaí ar fad - ar aon…

Mar chuid de chomóradh 35 bliain RTÉ Raidió na Gaeltachta, beidh buaiteoirí uile Chorn Uí Riada - 22 amhránaí ar fad - ar aon láthair amháin den chéad uair riamh ag Oireachtas na Gaeilge.

Beidh na buaiteoirí le chéile le linn phríomhchomórtas amhránaíochta an Oireachtais, Corn Cuimhneacháin Sheáin Uí Riada, i gCathair na Mart, Co Mhaigh Eo, oíche Shathairn. Déanfaidh ceannaire Raidió na Gaeltachta, Edel Ní Chuireáin, bronnadh speisialta ar gach aon duine acu.

Dúirt Ní Chuireáin: "Gné speisialta de chraoladh na bliana seo ná go bhfuil RnaG 35 bliain ar an bhfód agus go mbeidh ábhar ceiliúrtha againn le linn Chorn Uí Riada. Tá an-áthas orm go mbeidh iarbhuaiteoirí an choirn ar an ardán inár gcuideachta le 35 bliain de sheirbhís an raidió agus Chorn Uí Riada a cheiliúradh."