Cinsireacht agus Lady Chatterley

 

CROBHINGNE:LEATHCHÉAD BLIAIN ó shin chuaigh Lady Chatterley’s Loverar díol ar an mórthír soir uainn, agus an ní a dhéanann an mhórthír ní fada go ndéanann an t-oileán thoir ar ais é.

Is minic sinn dár leadradh agus dár lascadh féin as ár gcaolaigeantacht, agus má dhéanann sin maitheas do dhaoine a dtaitneann an fhuipeáil leo, ní mar sin d’fhormhór an phobail.

Ba mhó an greann a bhain leis an triail ar ghraostacht leabhar DH Lawrence ná an áiféis a bhain le Seanad Éireann san díospóireacht acu féin ar The Tailor and Anstysna 1940í, agus nuair a baineadh na sleachta a léadh as an saothar den taifead oifigiúil.

Is dual don chinsireacht a bheith greannmhar agus is beag duine anois a léann an Bíobla a cuireadh amach sna Stáit Aontaithe san 19ú haois inar coscadh aon tagairt a dhéanamh do dheoch fíona.

Dhein an Gúm ceap magaidh díobh féin nuair a tharraing siad siar Fánaí le Seán Óg Ó Caomhánaigh ar bhonn abairt thall is abhus nach n-ardódh an luisne is lú ar phluca mná rialta faoina caille i bpríobháid a cille féin.

I bhfad roimhe sin, d’éirigh leis an Athair Peadar Ó Laoghaire Deoraíocht Uí Chonaire a bhaint de chúrsa mháithreánach Ollscoil na hÉireann toisc go raibh mná as Maigh Eo ag ól i dtithe tábhairne i Londain, rud nach gcuimhneodh siad riamh ná choíche air.

Agus i bhfad ina dhiaidh sin, gearradh sleachta as Dé Luain le hEoghan Ó Tuairisc de bharr moncaí a bheith ag moncaíocht sa zú mar a dhéanfadh moncaí. Dá mbeadh sé le gearradh inniu is í an pholaitíocht a bhainfí as, rud a d’fhágfadh caol go maith é.

Mar is í an chinsireacht an chomaoin a chuireann an pobal ar an litríocht. Is cuma nó moladh é más moladh droim ar ais agus tóin thar ceann féin é.

Ionann é is a rá gur féidir leis an leabhar seo nó siúd a bheith dainséarach, go bhféadfadh sé “an cloigeann a bhaint den chine daonna” mar a mhaígh Seosamh Mac Grianna sular bogadh a chloigeann féin. Bhí leabhair mar sin ann, ar ndóigh, agus is é gnó na ngardaí cosanta an dochar a choimeád i bhfad uainn.

Is i bhfad na haimsire nach dtuigtear cad chuige an sioscadh go léir, agus is beag duine anois a léifeadh Kate O’Brien chun bíogadh beag a fháil, ceal drugaí eile a bheith in aice láimhe. Baineann an chinsireacht le luachanna na linne, agus is ceap magaidh anois cuid de na tíortha is mó a samhlaítear liobrálachas leo, ag an am sin féin.

Chuir an Fhrainc cosc ar Lolita Vladimir Nabokov sa bhliain 1955 nuair a bhí úrscéalta le faisistigh á ndíol go fairsing; agus bhí bac ar úrscéal le Leonard Cohen i gCeanada a dhúchais nuair a bhí éileamh ar a chuid ceoil. Tá tóir tine ar Harry Potter i leabharlanna sna Stáit Aontaithe inniu, ach ní ar an leagan Gaeilge fós.

Ní de dhroim oíche a baineadh an cosc de Lady Chatterley. Bhí an talamh á réiteach le deich mbliana roimhe sin idir shaighdiúirí Meiriceánacha agus airgead breise agus roc’nról agus ghlúin nua iarchogaidh; agus nuair a scaoileadh faoin bpobal ar deireadh é, níorbh é faoi ndear do dhuine ar bith dul le drabhlás ar ghoirtín eornan ná ar leaba fhlocais agus aer cois abhann ná faoi bhruach na coille craobhaí go mbeadh an coileach ag fógairt an lae. File den scoth ba ea Lawrence agus bhí dorn d’úrscéalta cumhachtacha scríofa aige, ach ní raibh Lady Chatterley ar cheann díobh.

Na daoine a léigh ar dtús é le teacht ar an súlach seamhar, b’éigean dóibh turas fada a dhéanamh trí choillte, trí locha, agus trí ghleannta dubha ceo d’fhonn caisleán a mianta a shroicheadh.

Bhí an t-ádh leis an dream a fuair cóipeanna athláimhe mar thiteadh na duillí ar oscailt sna háiteanna sin a raibh lorg méar go láidir cheana orthu. Ar a laghad ar bith, ba ghiorra ná Ulysses é, agus b’fhileata go mór is go fada é ná troipicí Henry Miller, don té a mbeadh suim aige ina leithéid.

Ach, ar deireadh, carachtar lag go maith ba ea Mellors, an coimeádaí géim, agus ba dheacair aon bhá mhór a bheith agat leis an mbantiarna, fiú dá mbeadh bá agat le bantiarnaí roimhe sin.

Ba leamh leis an ógánach sráide an chabaireacht ar fad timpeall ar phiasúin agus ar phóitseáil. B’iad an t-aon bheirt go raibh aon tsuim iontu ná na mioncharachtair Seán Thomáis agus a chompánach, ach amháin, nárbh aon mhioncharachtair iad ach bun an aighnis go léir.