Ceol Iar-Chonnacht

IS FADA na foilsitheoirí Cló Iar-Chonnachta ag tacú le ceol dúchasach na tíre agus tá trí dhlúthdhiosca nua anois ar fáil uathu…

IS FADA na foilsitheoirí Cló Iar-Chonnachta ag tacú le ceol dúchasach na tíre agus tá trí dhlúthdhiosca nua anois ar fáil uathu – Ceol Sidhele Micheál Ó hEidhin, i bpáirt le Charlie Lennon agus Steve Cooney; and so the story goesle Seán Tyrrell, Kevin Glackin agus Ronan Browne agus Lost River (Vol 1)le Dáithí Sproule.

Tá réamhrá le gach dlúthdhiosca agus b’fhéidir gurbh fhearr don scríbhneoir seo – nach raibh de cheol aige riamh ach cúpla port ar fheadóg stáin – b’fhéidir gurbh fhearr dom an focal scoir a fhágáil faoin Mhoinsineoir Pat Ahern agus é ag scríobh faoi Mhicheál Ó hEidhin: “Fé mar a dúirt an Francach Victor Hugo, file agus úrscéalaí, tráth: “Music expresses that which cannot be said and on which it is impossible to be silent.””