Aos og idealach na hEireann ag leirsiu

Beocheist: Ar an deic uachtair ar an bhád ó Roscoff go Ros Láir bhí scaifte daoine óga ina suí i gciorcal

Beocheist: Ar an deic uachtair ar an bhád ó Roscoff go Ros Láir bhí scaifte daoine óga ina suí i gciorcal. Ag déanamh picnic a bhí siad, an bia i lár an chiorcail, agus buidéil dí á gcur timpeall ó dhuine go duine.

Bhí siad glórach gealgháireach mar a bhíonn daoine óga atá tar éis tréimhse a chaitheamh i gcomhluadar a chéile. Bhí beirt acu dóite go holc ag an ghréin agus bhí an chuma orthu uilig gur bheag de ghnáthchompord an tsaoil a bhí acu le tamall roimhe sin.

De réir a chéile, rinne mé amach go raibh siad ar a mbealach ar ais go hÉirinn ón léirsiú a bhí ar siúl sa Ghinéiv san Eilvéis mar agóid in éadan polasaithe an ochtair tíortha móra (G8) a raibh cruinniú acu in Evian ag tús na míosa seo caite.

Le titim na hoíche d'aistrigh an grúpa síos go deic eile sa bhád, gar don áit a raibh mé féin i mo shuí ag léamh leabhair. Ba dhoiligh gan cluas le héisteacht a thabhairt ar a gcomhrá. Chuir sé iontas orm a stuama agus a bhí sé.

READ MORE

Ba léir nach ar son ragairne a chuaigh siad go dtí an léirsiú agus nár mhór a meas ar na daoine sin sa láthair champála in Annemasse a bhí ag déanamh torainn ar feadh na hoíche.

Lochtaigh siad an easpa cumarsáide a bhí idir na grúpaí eagsúla a d'fhreastail ar an léirsiú agus bhí moltaí ciallmhara acu maidir le heagrú níos fearr a dhéanamh ar an chéad cheann eile chun go mbeadh ar a gcumas teagmháil a dhéanamh le lucht tíortha eile.

Ar ais sa bhaile rinne mé teagmháil le Garret Mullan ón eagraíocht Globalise Resistance Ireland.

Thaistil sé féin agus thart faoi 50 duine ar bhus go hAnnemasse don léirsiú. Baill de chuid an Chomhaontais Ghlais, an Pháirtí Shóisialaigh agus Pháirtí na nOibrithe Sóisialacha a bhí ann agus is trí Shasana a chuaigh siad.

Shíl sé go raibh thart faoi 50 duine eile as Éirinn, nár bhain le haon ghrúpa ar leith, páirteach ann agus gur chuid acu sin an dream a chonaic mise.

Arbh fhiú a dturas?

Ní raibh aon amhras air ná gurbh fhiú.

"Tá sé tábhachtach an leanúnachas bheith ann" ar seisean. "Tá sé tábhachtach a thaispeáint do cheannairí na dtíortha móra go bhfuil líon mór daoine amuigh ansin a chreideann gur cheart daoine a chur roimh bhrabús."

Tá sé ag súil go mbeidh slua mór i mbun léirsithe i mBaile Átha Cliath ar 20ú Deireadh Fómhair chun an teachtaireacht sin a thabhairt do cheannairí an mhíle comhlacht ilnáisiúnta is mó ar domhan a mbeidh cruinniú acu san ardchathair ar an lá sin.

Is minic lucht mo ghlúine féin ag caitheamh anuas ar aos óg na linne seo. Is beag lá nach gcluintear clamhsáin ar an raidió faoin andúil atá acu san ól agus faoin chlampar a dhéanann siad ar na sráideanna istoíche.

Déantar tagairt go minic don neamhshuim a léiríonn siad aimsir thoghcháin agus feictear dúinn gur tábhachtaí lena lán acu na lipéid a bhíonn ar a gcuid éadaí ná cé atá i gceannas na tíre.

Is fíorannamh a thugtar poiblíocht do na daoine óga idéalacha sin atá ag iarraidh, ar a mbealach féin, féachaint chuige go mbeidh saol níos fearr ag na glúnta atá ag teacht agus aird an phobail a tharraingt ar an drochstaid ina bhfuil an domhan faoi láthair.

Tuigeann na daoine óga sin nach i mBaile Átha Cliath nó fiú i Londain a dhéanfar na cinnithe atá chun a shocrú cén cineál saoil a bheidh againn amach anseo.

Tuigeann siad gur beag difear a dhéanfaidh sé Bertie Ahern nó Pat Rabbitte nó fiú Gerry Adams bheith ag rialú na tíre. Is mór an meas atá agam ar na hÉireannaigh óga a bhí páirteach sa léirsiú sa Ghinéiv agus b'ábhar bróid dom go ndearnadh tagairt ar chlár nuachta de chuid an chainéal Fraincise TV5 do dhea-ghiúmar agus cumas ceoil na nÉireannach a bhí ann.

Bhí baint nach beag ag Globalise Resistance le heagrú an léirsithe mhóir a bhí i mBaile Atha Cliath mí Feabhra seo caite nuair a tháinig na mílte amach ar na sráideanna chun agóid a dhéanamh in éadan an chogaidh san Iaráic.

Murab ionann agus a lán de na daoine a mháirseáil an lá sin, tá na daoine óga i Globalise Resistance fós i mbun agóide.