An t-imleacan

Crobhingne: Is sinne imleacán an tsaoil. Is sinne corpchnaipe an domhain

Crobhingne: Is sinne imleacán an tsaoil. Is sinne corpchnaipe an domhain. Ní heol dom aon dream daoine a shíleann go bhfuil siad ar imeall an imleacáin. An gníomh a ghnímid gineann sé cuilithíní a leathnaíonn ar fud na cruinne. Mar a chéile do chách a chéile.

An cogadh arís. Amuigh ansin tá cogaí fíochmhara ar siúl. Mar a bhí riamh. Glan ár lámha-na ach in aon chás amháin. Taimid ciontach i bhásta na beatha in imleacán na sibhialtachta.

B'é maíomh na hÉireann go rabhamar in aghaidh an choilínithe. Déanadh gabháltas orainn-ne, agus dá réir sin, níor cheart go ndéanfaí gabháltas ar thíortha eile. An matamaiticeoir mór sin De Valera, is maith mar a thuig sé an loighic.

An buille a bhuailfear ortsa, buailfear ar dhaoine eile ar ball. Ba bheag ba lú orainn ná gabháltas Gael.

READ MORE

Ní hé sin polasaí eachtrach na hÉireann níos mó. Is é polasaí eachtrach na hÉireann anois a bheith ina gcaicíní beaga ar thóin an ainmhí mhóir Mheiriceánaigh.

Tá sé chomh maith é seo a rá go lomchlár cnámhfhírinneach amach. Bhíomar-na páirteach i ngabháltas mídhleathach na hIaráice. Don chéad uair ariamh bhí Rialtas Éireannach dlúthfhite agus lánbháúil le fiontar coilíneach. Ligeamar do dhúnmharfóirí eachtrannacha leas a bhaint as ár bhfearann féin lena gcuid WMDeanna amuigh ar an rúidbhealach sular ghabh siad i mbun concais.

Cloisim an gheonaíl cheana féin. Cloisim an gheonaíl timpeall ar Saddam Hussein agus ar a chuid barbarachta. Is ea, leis, bhí sé chomh brúidiúil le brúid brúideach ar bith a bhroid na hollchumhachtaí chun brislí.

Níorbh aon athHitler é mar a mhaígh an Sceach Shinsir, agus dá mba Stailín féin é níor mhiste le na daonlathaigh dhaonna dul chun an aonaigh leis. Ach oiread le Pretty Polly Pot agus a pháirtithe uile nach iad.

Is deimhnitheach nár mhiste linne gnó a dhéanamh le Saddam tar éis léirscrios Halabja. Thug an stáitín seo againne gach tacaíocht do thionscal na feola a gcuid mart marbh a dhíol le harm fola Saddam. Leath iomlán den Árachas Creidiúnach Easportála arbh fhiú trí chéad milliún punt Éireannach é, b'ann don Iaráic é.

Ba chuma linne na coirp ina sraitheanna sínte ar shráideanna Halabja. Ba luachmhaire postanna i mBaile an Bhroic, ná nochtleanaí uile cúlphóirsí an tSuic.

Sea, sea, sea, is realpolitik atá ann. Tugtar aire dod phóca féin. Ar a laghad bhí sé de mhisneach ag an gcromchroiméal Ó Deá a admháil nár chóir polasaí idirnáisiúnta a bhunú ar an moráltacht. Bíodh is go bhfuil cuma thufáilte ar an taidhgín de tharbhghadhar atá mar aire gnóthaí eachtracha againn, is geall le puisín gan gus é i mbun a chúraim.

In ainneoin a ráite béil ní haon amadán é. B'ionann sin agus a ligean lenár n-ais gur shloig sé hólas bólas a raibh de shramadh á spré ag inneall Na Stát Aontaithe.

Is meabhraí go mór ná sin é. Dá réir sin, ní foláir a bhfuil de chloigne againn a thochas i bhfianaise a ndúirt sé sa Dáil neamhspleách againn féin bliain ó shin cruinn díreach nuair a dúirt sé go raibh na hairm mhídhleathacha ollscriostúla seo ag an Iaráic agus gur bhaol iad do shíocháin an réigiúin agus an domhain.

I mí an Mhárta seo caite dúirt sé go raibh léirithe acu go raibh siad toilteanach ionsaí a dhéanamh ar na Stáit Aontaithe, nó ar a gcairde leasmhara.

Rian ná leid ná boladh ná nod ná lorg ná éachtaint ná cogar na n-arm seo níl fachta againn ó shin, ach tá na buachaillí ina suí go te ar na toibreacha ola, radharc soir siar acu ar lucht na dtuáillí agus a gcuid camall.

Cuntas comair ar pholasaí sleamhainlúbtha an stáit tá le fáil in leabhrán dar teideal The Irish Republic, The United States and the Iraq War: A Critical Appraisal a chuir Kieran Allen agus Colin Coulter amach ar son An Ghluaiseacht Éireannach in Aghaidh an Chogaidh ar na mallaibh.

Le blianta anuas bhíothas ag sairsingiú orainn nárbh fhiú cúis ar bith, dá uaisle é, an braon fola is lú. Bhí cách is a mháthair ar son na síochána. Go hobann, ar ala na huaire, is maith é an marú.

Tá an marú morálta. Níor cheadaithe buama i mBéal Feirste - agus lán an chirt agus na halltachta againn - ach bhí an buama ar Bhagdad go breá.

B'é ba lú ba ghann don Rialtas leithscéal a ghabháil le muintir na hÉireann ar son dallamullóg a chur orthu, agus ar son gur thug siad cogadhphort na Sionainne ar láimh d'arm Rí an Domhain ar a slí chun seilge agus sléachta.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar