An sráidbhaile

CROBHINGNE: ACH AN oiread le cách bím ag iarraidh an saol comhaimseartha a thuiscint

CROBHINGNE:ACH AN oiread le cách bím ag iarraidh an saol comhaimseartha a thuiscint. Uaireanta is deacra sin a dhéanamh ná dul amach ar cháithnín Higgs agus a bhfuil ar siúl laistigh den imbhuailteoir mór hadróin.

Ní hé is pléisiúrtha faoin tionscnamh seo nach foláir dom scríbhinní eacnamaíochta a léamh, agus bíonn an stíl a chleachtann siad de ghnáth chomh héadrom le tréicil. Ní hé nach bhfuil gaois éigin le piocadh le dua as Adam Smith ach é a léamh i gceart, agus solas i lár dhoircheacht na ndumhcha i gcónaí is ea aon rud a scríobh John Meynard Keynes.

Fairis sin, is fearrde sinn Krugman agus Stiglitz agus beagán eile nach n-éistear leo, ach ní foláir a bhualadh le hord ar chloigeann an tsaoil go bhfuil mórán dár gcuid trioblóidí eacnamaíochta ag fás as fealsúnacht a mhaígh nach raibh de mhoráltacht ann ach scipéad gréisceach an mhargaidh agus go raibh an tsaint agus an leithleachas agus an airc agus an t-ampla “go maith”.

Toisc intinn ábhairín saonta a bheith agam agus gan mheabhair a bheith agam don teibíocht ardtheoiriciúil, is maith liom nithe a ísliú chun mo thuisceana shimplí féin. B’é Marshall McLuhan a thug an nath “global village” dúinn fadó fadó ar maidin, ach tagann sé áiseach domsa i gcónaí agus mé ag iomrascáil leis an saol seo againn a thuiscint.

READ MORE

In ionad an domhain mhóir cheathairdhúiligh fhairsing, samhlaigh sráidbhaile duit féin. Samhlaigh go fisiciúil é le súile an cheamara, nó go fiú led shúile féin. Samhlaigh go paiteanta é i log an ghleanna ionas nach rachaidh tú rófhada ar seachrán. Samhlaigh tithe agus séipéal agus siopaí agus scoil agus sráideanna ag trasnú a chéile.

Thar aon rud eile, samhlaigh dhá thaobh ar an mbaile: taobh amháin ar mhaoilinn an chnoic ina bhfuil tithe áille agus réileáin síos go dtí an abhainn uathu; agus ar an taobh eile, botháin bheaga shuaracha a bhfuil páistí ag súgradh ar bhanc dramhaíl ina n-aice. Tá, gan amhras, tithe idir eatarthu, ann is as, thall is abhus, cuid acu scoite, cuid eile leathscoite, aghaidh chuid acu ar mhaoilinn an chnoic, soc na coda eile i dtreo an bhainc dramhaíl. Sin é an saol agat, buail is osclófar d’aigne is do chlaonadh ceart.

Ní gá aon ainm a chur ar an mbaile. B’fhéidir An Baile Beag, ach bhain Brian Friel leas as sin cheana, agus cailleacha ag pramsáil timpeall ar raidió aige ann. B’fhéidir An Baile Bocht, ach níl gach duine ann bocht, agus b’fhearr leis an saibhir Gort Álainn nó Fionn Radharc a ghairm ar an áit. D’oirfeadh Baile na mBoc, mar is fíor go bhfuil dóthain boc ann. Ach is cuma, mar is é baile an tsaoil é.

Tá méid áirithe airgid ar an mbaile seo, méid teoranta. Roinnt mhaith den airgead sin tá sé ag na daoine sna tithe leathscoite, agus beagán éigin ag muintir na mbothán. Nuair a ghabhann an t-airgead sin timpeall ceannaíonn daoine feoil ón mbúistéir, agus arán ón mbáicéir, agus coinnle ón gcoinnleoir.

Óltar deoch sa teach tábhairne, itear burgar sa sceallóglainn, agus gabhann an bhean chun an ghruagaire uair sa tseachtain, sa mhí, sa ráithe nó sa bhliain.

Sa mhonarcha áitiúil déantar giúirléidí agus gréibhlí, cuid acu riachtanach, cuid eile mar bhreiseanna beaga. Ceannaítear iad sin, leis, nuair a bhíonn an t-airgead ag dul timpeall, agus gabhann an búistéir chun an bháicéara, agus an coinnleoir chun an tábhairne, agus bean fhear díolta an bhurgair go dtí siopa na mbróg nuair nach bhfuil sí ag dul go dtí an gruagaire. Is í seo an eacnamaíocht – daoine ag díol is ag ceannach is ag cur seirbhísí ar fáil i gcomhar le chéile.

Tá fadhb amháin ann, áfach. Na daoine ar mhaoilinn an chnoic. Ní gá a n-ainm ná a sloinneadh a chur orthu, ach is dócha go bhfuil baincéir nó dhó ina measc, agus dlíodóir nó eile, agus Méara a bhfuil a mhéara i bpíóga uile na háite. Bhí tráth ann nuair a bhí baint éigin acu lena raibh ar siúl thíos ar shráideanna an bhaile. D’fheictí ann iad, agus bhítí ag siúl ar shráid seachas ar uisce. Le tamall, áfach, tá bábhún dá gcuid féin tógtha acu, gardaí á chosaint.

Tá inneall nua fachta acu, inneall nach bhfuil aon ainm ag duine ar bith air fós; ach is mó is geall le seanfholúsghlantóir é ná rud ar bith eile.

Ní gá aon teideal a bhaisteadh air, mar is rómhaith a thuigtear cad atá ar bun aige. I lár an lae ghléghil, ach níos minicí ná sin, i gcoim na hoíche dorcha nuair atá an baile ar fad ina shuan gabhann an folúsghlantóir seo timpeall ó theach go teach sna sráideanna laistíos ag sú agus ag siolpaireacht a bhfuil d’airgead ag na hamadáin nach bhfeiceann cad tá ar siúl. Sin í eacnamaíocht an domhain duit.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar