An la leo

Bhuaigh beirt iriseoirí le Foinse, Cathal Mac Coille agus Póilín Ní Chiaráin, gradaim chumarsáide ag Féile Bhealtaine d'Oireachtas…

Bhuaigh beirt iriseoirí le Foinse, Cathal Mac Coille agus Póilín Ní Chiaráin, gradaim chumarsáide ag Féile Bhealtaine d'Oireachtas na Gaeilge.

Bronnadh gradam Iriseoir na Bliana ar Mhac Coille as feabhas a chuid iriseoireachta clóite agus craolta. Is comhfhreagraí polaitíochta de chuid Foinse é agus duine de láithreoirí Morning Ireland.

Bronnadh Gradam Cumarsáide Nuachtáin ar Ní Chiaráin, comhfhreagraí an Tuaiscirt leis an nuachtán céanna. Moladh as a caighdeán agus gairmiúlacht iriseoireachta í.

Bronnadh gradam ar bheirt as RnaG: Seán Ó Cuirreáin agus Rónán Mac Aodha Bhuí. Tugadh aitheantas do Ó Cuirreáin as a shaothar nuachta agus faisnéise. Moladh Mac Aodha Bhuí sa chatagóir ceol/spórt.

READ MORE

Bronnadh Buaic-Ghradam Cumarsáide ar iar-eagarthóir Nuachta RTÉ, Pádraig Ó Gaora; Gradam Pearsa Teilifíse ar Hector Ó hEochagáin agus Gradam Teilifíse ar Nemeton as a gcuid clár spóirt.