An chaint sa chlinic

Beocheist: B'éigean dom seanbhean a thionlacan ar na mallaibh go dtí clinic seandaoine i gceann de na hospidéil mhóra i mBaile…

Beocheist: B'éigean dom seanbhean a thionlacan ar na mallaibh go dtí clinic seandaoine i gceann de na hospidéil mhóra i mBaile Átha Cliath.

Le linn dúinn bheith ag fanacht rith sé liom gur cheart don Taoiseach agus don Aire Sláinte tamall a chaitheamh sa seomra feithimh i gclinic mar é agus cluas le héisteacht a thabhairt don chomhrá ann.

Mar seo a bhí an chaint an lá a bhí mé féin ann.

Bean a haon: Bhí sé ina rí-rá ceart san aonad éigeandála agus timpistí thíos staighre ag an deireadh seachtaine.

READ MORE

Bhí thart faoi 30 duine ina luí ar thralaithe agus is ar éigean a bhí na haltraí in ann siúl eatarthu bhí siad chomh gar sin dá chéile.

Fear: Tá Teachta Dála éigin le teacht ar cuairt chuig an t-aonad sin inniu go bhfeice sé féin cé chomh holc agus atá sé.

Is mór an trua nach dtiocfadh sé aníos anseo go bhfeicfeadh sé na leapacha folmha go léir atá ar an urlár seo.

Dá n-osclóidís na bardaí sin ní bheadh an brú céanna ar an aonad éigeandála agus timpistí.

Bean a dó: Tá sé mar an gcéanna sna hospidéil go léir. Bhí siad ag iarraidh othair a chur as seo go Baile Blainséir inné agus dúirt Baile Blainséir nach raibh áit acu dóibh.

Thóg siad foirgneamh mór 'state of the art' amuigh ansin ach níl an t-airgead acu chun trealamh a chur ann.

Bean a haon: Tá airgead acu le caitheamh ar na binsí fiosrúcháin agus ar an áit sin i bPáirc an Fhionn Uisce, Farmleigh.

Agus deir Bertie Ahern go gcaithfidh na hospidéil na seandaoine a chur abhaile agus ligean dá muintir aire a thabhairt dóibh.

Cad é mar is féidir le bean a bhfuil post aici agus triúr nó ceathrar páistí aire a thabhairt do sheanduine?

Bean a trí: Ní bheadh sé chomh holc sin dá mbeadh seirbhísí tacaíochta ann do sheandaoine sa bhaile.

Tugann siad aire i bhfad níos fearr do sheandaoine thall i Sasana.

Tá deirfiúr agam ansin agus tagann banaltra agus coslia ar cuairt chuici go rialta.

Gheall Bertie go gcuirfeadh sé leis na seirbhísí atá ar fáil anseo ach tá sé cosúil leis an gheallúint a rinne siad faoi na leapacha breise sna hospidéil.

Fear: Agus ar chuala sibh Micheál Ó Máirtín ag caint ar chlár Pat Kenny faoi na seandaoine sin san Fhrainc a fuair bás de bharr an bhrothaill i mí Lúnasa.

Ní raibh na hospidéil in ann déileáil leo bhí an oiread sin díobh ann.

Dúirt sé: "Ar shíl sé go mbeadh na hospidéil anseo ábalta déileáil le líon mór seandaoine dá mbeadh brothall mar é anseo?"...

Ag an phointe sin cuireadh fios ar an bhean a bhí á tionlacan agam chun dul isteach chuig an dochtúir agus níor chuala mé a thuilleadh den chaint ach d'fhéadfainn é a shamhailt mar is comhrá mórán mar an gcéanna a bhí ann an uair dheiridh a bhí mé ag an chlinic céanna cúpla mí roimhe sin.

An uair sin ba é an t-airgead mór a bhí á dhéanamh ag comhairleoirí ospidéil ar othair phríobháideacha agus a dheacra a bhí sé d'othair phoiblí leapa a fháil an t-ábhar clamhsáin.

Tuairisc ar an chlár teilifíse Prime Time a spreag é. Ar Bertie Ahern agus Mhicheál Ó Máirtín a cuireadh an milleán as an scéal bheith amhlaidh.

Deirtear go bhfuil straitéis ag Fianna Fáil chun aos óg na tíre a mhealladh chucu roimh an chéad olltoghchán eile.

Sílim go bhfuil dul amú orthu. Is beag duine óg a chuireann suim sa pholaitíocht agus a chomhartha air sin a laghad acu arbh fhiú leo vóta a chaitheamh san olltoghchán deiridh.

Tá beagán níos lú ná leathmhilliún daoine sa Stat ó dheas os cionn 65 bliain d'aois agus tá a líon ag dul i méad in aghaidh na bliana.

Más slat tomhais é an grúpa a bhí ag caint sa seomra feithimh san ospidéal tá suim mhór ag pinsinéirí sa pholaitíocht chomh fada agus a bhaineann sí lena saol féin.

Is acu is mó a bhíonn an t-am chun éisteacht le cláracha faoi chúrsaí reatha ar an raidió nó amharc orthu ar an teilifís.

Tuigeann siad gur beag meas a bhíonn ar a dtuairimí ó d'éirigh siad as an saol oibre agus gurb é an vóta an t-aon chumhacht atá fágtha acu chun cúrsaí a athrú.

Mura féidir leis an Rialtas atá ann faoi láthair a chinntiú dóibh go mbeadh cúram agus cóir leighis ar fáil dóibh ina seanaois bainfidh siad leas as an vóta sin chun an Rialtas a chur amach.