An bás anuas

 

CROBHINGNE:TÁ NA sicínseabhaic faoi lánseol arís. Ar an gcéad ásc ba dheacair a shéanadh nach raibh bun leis na haer-ruathair a chuir stad le rúscadh airm Libia i dtreo Benghazi.

Ráineodh gur coscadh Srebenica eile, agus is beag duine a chodlódh go suaimhneach ag cuimhneamh ar an ár a dhéanfaí dá bhfíorófaí bagairt Ghadafi agus a choinsrónaigh éagsúla. Tá dóthain fola Arabach ar ár lámha cheana féin gan a bheith ciontach ina thuilleadh fós le barr faillí.

Níor ghá go mbeadh beart mícheart go díreach toisc gur dhein Sarkozy é, ná an Camshrónach, ná Beairic Ó Buama ach an oiread. Is iad a bhí gasta, grod agus mear, bíodh go raibh an chuma orthu go raibh súlach lena gcuid fiacla ag an am céanna. An té a bhfuil saighdiúirí go fairsing aige agus gléas airm dá réir, ní foláir nó tá gá aige le cogadh i mball éigin.

Is deacair a áiteamh nár cheart cur isteach ar thír ar bith eile riamh ná choíche, go háirithe ar bhonn na daonnachta. Is treise cosaint an duine ná flaitheas ceannasach ar bith. D’fháiltigh muintir Dhoire roimh arm na Breataine nuair a bhí siad i mbaol a loiscthe ag an phéas i mblianta tosaigh an aighnis ó thuaidh; ach d’fháilteodh siad roimh shluaite Ghenghis Khan nó amhais aníos as Ifreann chomh maith céanna dá gcuirfeadh siad fál cosanta idir iad agus a namhaid.

Ní féidir cás a dhéanamh nár cheart an sléacht in Ruanda a chosc in 1994, bíodh nár mhaith le haon duine ach oiread iniúchadh róghéar a dhéanamh ar sheasamh na Fraince (ná na Beilge Eorpaí) ag an am. Thiocfadh go raibh smut den cheart san idirghabháil san Chosáiv, fág gur maraíodh níos mó daoine tar éis na buamála ná roimhe. Agus is cinnte go bhfuil roinnt cásanna ann inarbh fhiú ionradh a dhéanamh d’fhonn beatha dhaoine a chosaint agus d’fhonn tíorántachta a chloí.

Ionsaí na hIndia i gcoinne na Pacastáine Thoir sa bhliain 1971, tharla tar éis ár na gcéadta mílte (na milliún de réir foinsí áirithe), agus teicheadh tuairim is 10 milliún go cosbhochta thar theorainn. Déarfá go bhfuil saghas leithscéil ansin ceart go leor. Mar a chéile le díchur Pretty Polly Pot ón gCambóid ag Vítneam Thuaidh in 1979, agus le díbirt Rí Deireanach na hAlban, Idi Amin ó Uganda, ag fórsaí na Tansáine sa bhliain chéanna. Is de shuimiúlacht nárbh fhórsaí impiriúlacha ná EorpMheiriceánacha aon cheann díobh sin, agus nár fhan aon dream ar bith níos sia ná ba ghátar.

Is é an t-eagla ná gurb í stair an iarthair i dtíortha eile ná gur teacht agus fanacht a bhíonn ann, seachas teacht agus imeacht. Níl géin úd an choncais marbh fós sna carnabhóirí gainimh arb é a ndúchas an talamh a seasann siad air a phógadh le díocas, go háirithe má fhágann sé ola ar a mbéal.

Caint olabhéalach go maith a bhí ar siúl go dtí seo. Déarfá go bhfuil an feachtas daonnúil curtha i gcrích agus dá réir sin gur cheart staonadh den bhuamáil. Ní thitfidh Benghazi anois, agus tá go leor comhairleoirí, mar adéarfá, istigh san chathair, mar adéarfá, le deimhin a dhéanamh de nach dtitfidh choíche anois.

Ina choinne sin thall, níl aon chuma ach an oiread go mbeidh an lá ná an oíche leis an ngiobal liobarnach de shlaimice d’arm freasúrach a bhfuil níos mó piléar caite san aer acu le meidhir ná leis an namhaid i bhfeirg. Tá d’fhadhb acu agus ag na sicínseabhaic lasnairde san aer nár ghéill Gadafi de réir an sceidil a bhí leagaithe amach dó. B’fhéidir gur gealt is ea é, ach is gean leis an gcumhacht mar is gean leis an naomh an t-uisce beannaithe.

Maidir le plean B, ní hann dó. Ní raibh locht ar bith ar Ghadafi go dtí seo seachas nárbh fhéidir smacht a choinneáil air. Má tá giolla deachtóra uait, tá chomh maith go dtuigfeadh sé gur giolla deachtóra é. Níor thuig Gadafi riamh an méid sin. B’é gaoth an ghaineamhlaigh é, amadán ainshrianta, cárta as a chrann, buachaill baoth, piléar i bpuball, cneámhaire ar chamall, fíbín san fhásach, alfraits d’Arabach eile, brúisceachán de Bheduain, mugarlach de Mhachmadach, gnúiseachán ar mhaith ann é fad is a bhí sé faoi riail. Ach ní raibh.

Sodarstát atá ag teastáil ó na cumhachtaí lasnairde. Sodarstát faoi stiúir ag neach éigin a dhéanfaidh a riar. Cén saghas Libia a shantódh Sarkozy, agus an Camshrónach agus Beairic Ó Buama? An ngearrfaí siar ar an gcóras leasa shóisialaigh (teoranta) atá curtha i bhfeidhm le dhá scór bliain anuas? An ndéanfaí tionscal na hola a phríobháidiú ar fad? An lonnófaí láithreáin NATO ann? An dtabharfaí rí lofa Idris rud éigin ar ais arís?

Cogar seo liom. Cad é sin atá á rá ag an stair, ag an aimsir chaite, ag fáithe an fhásaigh?