?44m de dhith ar TG4 anois - tuairisc teilifise

Caithfidh an Rialtas €44 milliún a thabhairt do TG4 má tá comhlachtaí neamhspleácha teilifíse le teacht slán agus bláthú. Sin…

Caithfidh an Rialtas €44 milliún a thabhairt do TG4 má tá comhlachtaí neamhspleácha teilifíse le teacht slán agus bláthú. Sin ceann de na conclúidí atá sa tuarascáil "Anailís ar an earnáil léirithe teilifíse neamhspleách mar a bhaineann sé le TG4", a d'ullmhaigh Screen Producers Ireland, grúpa ionadaíoch na léiritheoirí neamhspleácha teilifíse agus scannáin.

Is é an comhairleoir gnó agus iar-uachtarán de chuid an CLG, Peter Quinn, údar na tuarascála. Scríobhann sé nach fada go mbeidh "géarphráinn" do chomhlachtaí neamhspleácha teilifíse mura dtagann TG4 "ar na hacmhainní a theastaíonn chun rátaí readúla eacnamaíochta a íoc ar léiriú cláracha. Anuas air sin, feictear ... gur gá méadú a dhéanamh ar an líon cláracha Gaeilge a chraolann an stáisiún.

"Tuigtear ... go mbeidh rogha le déanamh go luath ag TG4: is é sin a chlársceideal Gaeilge a laghdú go suntasach nó úsáid a bhaint as cláracha Béarla níos saoire chun a sceideal a líonadh..."

Cosnaíonn clár Gaeilge idir dhá agus cúig oiread níos mó ná clár dubáilte agus is saoire arís na cláir nuachta Bhéarla. Faigheann TG4 maoiniú €23 milliún ón Rialtas faoi láthair ach ba den riachtanas an tsuim sin a ardú go €44 milliún faoin bhliain 2008, i dtuairim na tuairisce. Ba cheart 80 faoin gcéad de mhaoiniú breise ar bith a chaitheamh ar ardú airgid a chur ar fáil do lucht déanta na gclár agus breis clár Gaeilge a choimisiniú.

READ MORE

Ba ghá ciste eisiach a bhunú le tacaíocht a thabhairt do léiritheoirí agus ba cheart d'Údarás na Gaeltachta scéim meantóireachta a bhunú a chuideodh leo. Molann an tuarascáil go spreagfaí comhlachtaí neamhspleácha nascadh ionas nach mbeadh siad ag sárú ar a chéile agus gur mó tairbhe a bhainfeadh siad as an acmhainn atá acu: "Gan sórt éigin éifeachtúlachta i measc na léitheoirí neamhspleácha ina mbeadh ... comhcheangail straitéiseacha nó teacht le chéile de shórt éigin, tá seans láidir ann go mbeidh ráta ard tnáite i measc na gcomhlachtaí beaga, cuma cén maoiniú breise a thagann ó TG4."

Tugann an tuairisc le fios go bhfuil idir 35 agus 40 comhlacht léiriúcháin lonnaithe sa Ghaeltacht as measc an 70 comhlacht ar fad a sholáthraíonn cláir do TG4. Fostaíonn na comhlachtaí Gaeltachta tuairim is 220 duine ar bhonn lánaimseartha agus tuairim is 180 ar bhonn séasúrach. Is ag brath "go trom ar TG4 dá n-inmharthanacht" atá siad. Bheadh na postanna sin i mbaol mura gcuirfí moltaí na tuarascála i bhfeidhm.