Poist le Gaeilge le líonadh san Aontas Eorpach

Tá sé mar sprioc aistritheoirí, ateangairí agus dlítheangeolaithe Gaeilge a fhostú.

Tá deireadh ag teacht leis an gcéad bhliain a raibh stádas iomlán mar theanga oibre ag an nGaeilge san Aontas Eorpach agus tá an Coimisiún Eorpach i mbun earcaíochta.

Reáchtáil oifigigh de chuid an choimisiúin ceardlann ag Oireachtas na Samhna an tseachtain seo caite chun daoine a chur ar an eolas faoi na deiseanna fostaíochta atá ar fáil in institiúidí an Aontais Eorpaigh.

Tá sé mar sprioc ag an bhfeachtas reatha aistritheoirí, ateangairí agus dlítheangeolaithe Gaeilge a fhostú.

Labhair Tuarascáil le Seán Hade, Ceann Roinn na Gaeilge sa Choimisiún Eorpach faoin bhfeachtas agus na poist atá le líonadh.

READ MORE

Dúirt sé go bhfuiltear ag súil go gcuirfear go mór leis an líon daoine atá ag obair le seirbhísí teanga an AE faoi dheireadh na bliana seo.

“Tá athrú suntasach tar éis teacht ar sheirbhísí na Gaeilge le 10 mbliain anuas ó tugadh stádas oifigiúil don teanga in 2007,” a dúirt sé.

“Ar dtús ní raibh ach líon teoranta daoine ag obair leis an nGaeilge, b’fhéidir 20 nó mar sin, ach tá méadú an-mhór tarlaithe ó shin.”

“Idir Lucsamburg, an Bheilg, agus cúpla post sa Ghearmáin leis an mBanc Ceannais Eorpach, tá thart ar 160 ag obair leis an nGaeilge díreach anois.

“Idir seo agus deireadh na bliana ba cheart go mbeadh thart ar 180 nó mar sin fostaithe.

Tá réimse leathan post fós le líonadh sna hinstitiúidí.

“Clúdaíonn sin aistritheoirí, ateangairí, dlíaistritheoirí agus cúntóirí, profléitheoirí.”

Easpa feasachta

Go dtí le gairid, bhí sé deacair daoine a earcú, a dúirt Hade.

“Cheapainnse gur easpa eolais nó easpa feasachta ba chúis leis. Ní raibh daoine ar an eolas go raibh deiseanna fostaíochta ar fáil.

“Tá sé sin tar éis athrú le bliain nó le bliain go leith anuas. Agus tá i bhfad níos mó daoine ag cur isteach ar na poist seo anois ná mar a bhí i gcomparáid le 2012-2014,” a dúirt sé.

Ní gá freastal ar chúrsaí a bhaineann go sonrach le cúrsaí aistriúcháin chun cur isteach ar phost leis an AE.

“Ní mór go mbeadh céim ollscoile ag duine ach ní chaithfí céim sa Ghaeilge nó céim san aistriúchán a bheith ag aistritheoir,” a dúirt Hade.

“An cumas nádúrtha nó an tuiscint atá ag daoine ar an teanga – sin an rud is tábhachtaí seachas cáilíochtaí acadúlachta i ndáiríre.”

Cé nach gá staidéar a bheith déanta ar an nGaeilge ag an tríú leibhéal tá réimse cúrsaí ar fáil a luíonn go maith le hobair an aistriúcháin.

“Tá cúrsaí ar leith ann i réimse an aistriúcháin anois agus dar ndóigh b’fhiú go mór tabhairt faoi cheann de na cúrsaí sin mar go mbaineann siad leis an ábhar,” a mhol Hade.

“Bheadh sé deacair a rá le duine gur gá an cúrsa seo nó an cúrsa sin a leanúint mar go bhfuil an oiread sin acu ann,” a dúirt sé.

Faoin mbliain 2030, tá sé beartaithe go mbeidh 20 faoin gcéad d’earcaigh nua na státseirbhíse abhus in ann a gcuid oibre a dhéanamh trí Ghaeilge. An bhfuil baol ann go bhfuil plúr na Gaeilgeoirí á mealladh ón tír?

Tá buntáiste eile ag baint leis na scileanna seo ar aghaidh ar sprioc 2030 mar is deis é chun cur leis an stór eolais, deis chun feasacht agus barr feabhais a bhaint amach i gcleachtas an aistriúcháin agus an ateangaireacht.

“Sin é agus de réir mar a fheiceann daoine na deiseanna atá ann tarraingíonn sé isteach iad sa phobal teangeolaíochta,” a dúirt Hade.

Oiliúint

Cuirtear scéimeanna oiliúna agus deiseanna intéirneachta ar fáil do mhic léinn agus do dhaoine atá nuacháilithe chun cabhrú leo a bheith ullamh le tabhairt faoin ngairm.

Cúrsa oiliúna deich mí atá i gceist agus íoctar thart ar €2,000 in aghaidh na míosa leis na rannpháirtithe.

“Faigheann thart ar 70-80 faoin gcéad de na hoiliúnaithe a bhíonn ar an scéim sin post sna hinstitiúidí,” a dúirt Hade.

“Ta torthaí ana mhaith ag teacht as an scéim sin agus bheadh tuilleadh sonraí ar fáil ó Roinn na Gaeltachta maidir le scéim na bliana seo chugainn.

Breis eolais: epso.europa.eu agus Gov.ie

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.