FOCLÓIR: Réamhrá - introduction; cnuasach - collection; eisceachtúil - exceptional; íobairt/í - sacrifice/s; aird - attention; poblachtánach - republican; stailc - strike; cinedheighilt - apartheid; feachtasóir - activist/campaigner; éagóir - wrong; cos i dtaca - dug in.
Sa réamhrá ar chnuasach nua filíochta le hÁine Uí Fhoghlú luaitear leithéidí Ghráinne Ní Mháille, an Chúntaois Markievicz agus an Bhanraíon Méadhbh ar dhornán beag ban sa stair a chuimhnítear orthu nuair a iarrtar ainmneacha ban eisceachtiúil na hÉireann a lua.
De bharr go raibh stádas teoranta ag mná sa tsochaí seo agus níos faide i gcéin, is minic gur tugadh neamhaird ar mhórchuid de na gaiscí agus de na h-íobairtí a rinne go leor acu. Tarraingítear aird ar an éagóir seo sa chnuasach nua filíochta le hÁine Uí Fhoghlú, Mná dár mhair (Coiscéim, €10).
Theastaigh ón bhfile mná a ndeachaigh a scéalta i bhfeidhm uirthi a fhiosrú agus spléachadh a thabhairt don léitheoir ar shaol na mban a roghnaigh sí don chnuasach.
Mar shampla, cuimhneoidh roinnt léitheoirí ar scéal Bhríd Nic Dhomhnaill, príomhoide bunscoile ar an tSraith Salach a thug dúshlán na cléire ar cheist na Gaeilge sna 1980dí; an poblachtánach Máire Comerford a bhí ina timire do Chumann na mBan, Mary Manning, an bhean a d’eagraigh stailc frith-chinedheighilte in Dunnes Stores sna 1980dí, chomh maith leis an bhfeachtasóir ar son an lucht siúil, Nan Joyce, i measc go leor eile.
Labhair Tuarascáil le hÁine Uí Fhoghlú faoin saothar is déanaí aici agus ar an riocht ina bhfuil an fhilíocht in Éirinn.
Céard a spreag tú leis an cnuasach seo a scríobh?
“Bhí meas agam riamh ar dhaoine a bhíonn sásta an fód a sheasamh ar son a gcreideann siad ann, agus meas níos mó dá réir sin ar mhná dá leithéid, mar go mbíonn ar mhná bacanna a n-inscne a shárú chomh maith leis na gnáth-bhacanna sóisialta,” a dúirt sí.
“Bhí sé de phribhléid agam go raibh aithne bheag agam ar chuid de na mná atá faoi chaibidil sa chnuasach.
“Mar sin, bhí sciar de na dánta seo i dtaisce im intinn nó dréachta garbha breactha blianta fada sular scríobh mé iad, ach is nuair a bhronn An Chomhairle Ealaíon Sparánacht Litríocht na Gaeilge orm i 2020 go raibh mé ábalta an t-am a chaitheamh go dílis leis an taighde agus an dréachtadh.”
Cé chaoi ar roghnaigh tú na mná ar scríobh tú fúthu agus an raibh téama nó tréithe áirithe ar intinn agat?
“Ba chomhaoisigh liom a bheag nó a mhór, cuid de na mná a roghnaigh mé, daoine ar nós Mary Manning, Eileen Flynn, Bríd Nic Dhomhnaill, Máiréad Farrell, Joanne Hayes agus chuaigh a ngníomhartha siúd i bhfeidhm orm le linn dóibh a bheith ag tarlú.
“Ach rith sé liom go raibh go leor eile ar mhaith liom a gcuimhne a thaifeadadh i bhfoirm dáin. Na sufraigéidí Éireannacha, mar shampla, na mná a d’imigh ar iarraidh sna nóchaidí, an laoch Lochlannach ón 10ú haois go bhfuarthas a creatlach ar Oileán Björkö sa tSualainn, nó Mary Putnam Jacobi, an dochtúir ón 19ú haois a chruthaigh lena taighde nár ghalar (ná cúis mheabhairghalair, go deimhin!) é míostrú na fola.
“Tá an-éagsúlacht i measc na mban atá sa chnuasach, níl bunús tíreolaíoch, stairiúil ná liteartha ag baint leis an roghnú. Níl ann ach rogha phearsanta. An t-aon snáithín coitianta a bhaineann leo ná gur chuireadar go léir cos i dtaca nuair a b’fhusa dóibh géilleadh.”
An é go raibh sé i gceist agat daoine a chur ar an eolas faoi na mná seo?
“Bhí, is dócha. Thairis sin, theastaigh uaim fianaise ealaíne a fhágaint gurbh ann dóibh. Ach mar a deirim sa Réamhrá, níl mé ag iarraidh aon rud ar a son seachas go mbeadh a fhios gur mhaireadar agus go raibh misneach acu.
“Tuigimíd gur ón gcroí amach a thagann an fhilíocht agus toisc go stiúraíonn cúinsí saoil gach scríbhneora cuid éigin dá scríobhann sé/sí, seo mar a bheartaigh mise scéal na mban seo a chaomhnú de réir mo chleachtas ealaíne féin, mar fhreagairt ar an bpáirt (bíodh sé beag nó mór) a ghlacadar i stair an chine dhaonna. Mná iad a chuaigh i bhfeidhm ormsa, sin an méid.”
An raibh sé deacair an obair a dhéanamh le linn na paindéime?
“Bhuel, deirtear gur olc an ghaoth nach séideann maith do dhuine éigin, agus b’é an dála sin agamsa é le linn na paindéime. Ó ba rud é go raibh an taighde agus dréachtadh an chnuasaigh seo díreach tosnaithe agam i 2019, ar shlí ait ba thabhartas gan choinne é nuair a tháinig bac ar an saol mar a thaithíomar roimhe sin é.
“Thug sé an deis dom mé féin a thumadh go hiomlán san obair agus gan aon ghá le freastal ar ócáidí, ní raibh aon chuairteoirí ag teacht, ní raibh éileamh ar bith eile orm ach mé ag baint súp as an scéal ar feadh dhá bhliain nó mar sin nó gur tháinig críoch leis an obair.
An raibh eolas ar bith ar tháinig tú air a chuir ionadh ort?
“Chaith mé dhá bhliain agus breis leis an taighde agus le linn an ama sin d’fhoghlaim mé féin an t-uafás. Rud amháin a chuir alltacht orm ná dála báis an laoch staire Anne Devlin.
“Cailleadh den ocras ina háras ainnis í agus fuarthas a corp caite ar chláracha loma an urláir, an troscán ar fád díolta aici le gátar agus gan ach giobail mar éadach uirthi.
“Chuir sé tocht orm go ndéanfadh lucht gnó na cathrach a leithéid d’fhaillí ina ndualgas, ainneoin ar fhulaing sí ar mhaithe len iadsan a chosaint ón ngéibheann. Ba líon le háireamh an méid eolais eile suimiúil a dtáinig mé air agus mé ag cuardach.”
An bhfaca tú cosúlachtaí nó tréithe ar leith ag na mná a sheas amach duit?
“Dá gcaithfinn tréith amháin a lua leo go léir, is é an misneach é, is dócha. An misneach leis an bhfód a sheasamh nuair is cosúil go bhfuil an saol ar fad i do choinne. Chaill cuid acu gach dá raibh acu, a bpost, a seilbh, a mbeatha.
“Ach chuireadar a gcos i dtaca ar mhaithe lenar chreideadar ann. Is inmholta an tréith í sin dar liom, fiú muna n-aontaíonn tú leis an gcuspóir.
Céard é féin faoin fhilíocht a mheallann tú?
“Bhí an-mheas ar an litríocht sa mbaile agus sinn ag fás aníos. Bhí mo mháthair ina file cumasach i nGaeilge agus i mBéarla cé nár fhoilsigh sí cnuasach riamh. Scríobh m’athair drámaí do Raidió Éireann sna 1950dí agus mar sin is dócha go bhfuil sé sa bhfuil agam.
“Sna scoileanna áitiúla ar fhreastail mé orthu d’fhoghlaimíomar an t-uafás filíochta, idir amhráintí móra na Mumhan agus an nua-fhilíocht. Bhí mé an-spreagtha riamh chuige agus bhínn ag cumadh dréachtaí beaga as m’óige.
“Rud amháin a chuireann lagmhisneach orm uaireanta áfach, ná an easpa airde a thugtar ar fhilíocht na Gaeilge trí chéile. Sa lá atá inniu ann is beag ná go gcaithfidh an file Gaeilge cnuasach dátheangach a fhoilsiú le go mbeadh aon phlé dáiríre ar a gcuid oibre ar bhonn leathan.
“Measaim go bhfuil sé in am áisíneacht phoiblíochta ar leith a bhunú a thacódh le filí na Gaeilge a gcuid saothair a chur chun cinn sna meáin agus eolas fúthu a dháileadh. Déanann na foilsitheoirí a ndícheall, ach tá siadsan srianta ag buiséad gann, easpa acmhainní agus ualach oibre.
“Níor cheart go gcaithfeadh filí na Gaeilge a bheith mar phreas-oifigigh acu féin, ach faraor is mar sin atá an scéal.
“Tá aithne agam ar fhilí fónta a chreideann ná léifidh éinne a gcuid oibre go deo, tá sé sin tubaisteach. Ach sin mar a bheidh muna ndéantar beartas éigin go luath chun an fhadhb a réiteach.
* Tá Mná dár mhair ar fáil ó coisceim.ie, siopaleabhar.com, anceathrupoili.com agus i siopaí eile ar fud na tíre.