Dea-mhéin nochtaithe ach obair mhór le déanamh

Tá sean-taithí ag lucht na Gaeilge ar ghealltanais toghchánaíochta nach gcomhlíontar

Dara Calleary: ag tnúth go mór le tús a chur leis an obair. Grianghraf: Dara Mac Donaill / The Irish Times

Dara Calleary: ag tnúth go mór le tús a chur leis an obair. Grianghraf: Dara Mac Donaill / The Irish Times

 

FOCLÓIR: dlúsúil – diligent/expeditious, aighneas – argument, buaireamh – worry/concern, ceapachán – appointment, cúram – care/responsibility, táinrith – stampede, Suirbhéireacht Ordanáis – Ordnance Survey, foracún – large quantity.

Chruinnigh na teachtaí ó gach cearn. Bhí obair dhlúsúil le déanamh agus lá stairiúil a bhí le bheith ann. Teacht le chéile thrí pháirtí mar rialtas a chuirfeadh polaitíocht Chogadh na gCarad chun suain ar deireadh.

Ach bhí níos mó ná sean aighneas ag déanamh buairimh do Ghaeil. An dtarlódh sé an babhta seo go n-ainmneofaí Aire Sinsearach don Ghaeilge agus don Ghaeltacht?

Nó an dtarlódh sé arís go dtabharfaí neamhaird ar thosaíochtaí na Gaeltachtaí agus na Gaeilge?

De réir mar a rinneadh soiléiriú ar cheapacháin na n-airí ba léir gur socrú eile a bheadh ann.

Tuairiscíodh go mbogfaí cúram na n-oileán ó Roinn na Gaeltachta chuig an Roinn Choimirce Sóisialaí, Gnóthaí Tuaithe agus Oileán.

Ba ait an cinneadh é sin. Nach bhfuil formhór phobal na n-oileán lonnaithe ar oileáin Ghaeltachta? Cé eile a mbeadh tuiscint níos fearr acu ar na hoileáin ná an rannóg a bhí lonnaithe le fada an lá in Na Forbacha?

Anuas ar sin, nárbh as Gaeilge ba mhó a rinne muintir na n-oileán Gaeltachta a gcuid cumarsáide leis an stát? An mbeadh deireadh leis sin anois? An fada go mbrúfar Béarla anois ar rannóg na n-oileán agus ar na hoileánaigh féin? Ní fios go fóill cén toradh a bheas ar an gcinneadh seo ach ba dheacair a shamhlú gur toradh maith é.

Ansin tháinig an scéal go raibh Catherine Martin ceaptha ina haire sinsearach ar Roinn Cultúir, Ealaíon, Meán, Turasóireachta, Spóirt agus Gaeltachta

B’shin sin. Roinn chumaisc a bheadh ann. Diomú mór!

Ba chosúil nach raibh an Ghaeltacht nó an Ghaeilge ina cloch mhór ar phaidrín an rialtais nua agus gur ag an deireadh a ghoin a n-aire iad.

Ar ndóigh tá sean-taithí ag lucht na Gaeilge ar ghealltanais toghchánaíochta nach gcomhlíontar.

Ach ansin, go déanach ar oíche Dé Céadaoin tháinig an nuacht go raibh Dara Calleary ceaptha in Aire Stáit Gaeltachta, Gaeilge agus Spóirt.

Cé nár ceapadh aire sinsearach ar leith don Ghaeilge agus Gaeltacht dúirt Catherine Martin go bhfuil cás na Gaeilge agus na Gaeltachta “ríthábhachtach don Rialtas nua agus di féin go pearsanta”. Thug sí le fios freisin go mbeadh an bheirt -- í féin agus Dara Calleary - ag obair “as lámha a chéile” ar mhaithe lena gclár oibre a chur chun cinn.

Dúirt Calleary go raibh sé ag tnúth go mór le tús a chur leis an obair.

“Tá muid diongbháilte cur le feiceálacht ár dteanga dhúchais agus cur le líon na gcainteoirí laethúla sa phobal. Mothaím go paiseanta faoi chosaint agus chaomhnú na Gaeltachta chun a chinntiú go mairfidh sí mar thobar den teanga bheo,” a dúirt sé.

An cheist atá ann anois ná cén aird a thabharfar ar cheisteanna móra na Gaeltachta agus na Gaeilge le linn saol an rialtais.

Dúirt an tAire Martin go bhfuil sé i gceist aici cuairt oifigiúil a thabhairt ar cheantar Gaeltachta i dteannta an Aire Stáit nua “gan mhoill”. Is maith an tuar dóchais é seo.

Cé nár éirigh le lucht na Gaeilge a bpríomh éileamh a chur i gcrích an babhta seo, beidh súil ar a laghad go ndéanfar breis infheistíochta i gcúrsaí teanga agus Gaeltachta, go neartófar an t-acht teanga agus go mbeidh oideachas trí Ghaeilge ar fáil áit ar bith a bhfuil éileamh ann agus go dtabharfar i ndáiríre faoi “chosaint agus caomhnú na Gaeltachta” mar a dúirt an tAire Stáit.

Ach ní bréag é a rá go bhfuil an Ghaeilge imeallaithe beagnach go hiomlán sa chóras polaitiúil le blianta anuas.

Tá géarchéim phleanála ann – cuimhnigh ar a bhfuil ar siúl i Ráth Chairn. Tá an Bord Pleanála tar éis cead a thabhairt óstán agus foracún tithe a thógáil i lár an bhaile, rud a mhaítear a scriosfadh Gaeltacht na Mí d’aon bhuile amháin.

Chuir an tOifigeach Pleanála, muintir na háite, Comhairle Chontae na Mí agus Comharchumann Ráth Chairn (faoina bhfuil sé de chúram Plean Teanga do Ghaeltachtaí na Mí a chur i bhfeidhm) ina choinne.

Is léir nach mbeidh an pobal beag Gaeltachta seo in ann maireachtáil mar Ghaeltacht agus an baile nua seo ina croílár.

Ach tugadh cead dul ar aghaidh faoi choinníollacha nach dtugann cosaint cheart don Ghaeltacht.

Beidh spéis mhór ag daoine sa dearcadh a bheidh ag an Aire agus an Aire Stáit maidir leis an scéal seo.

Beidh oifigigh ranna agus na hairí nua-thofa ag casadh lena chéile an tseachtain seo agus coimeádfar súil ghéar ar pé rud a eascraíonn as na cruinnithe sin.

Luaigh an tAire Calleary ar an Aoine go ndéanfar athbhreithniú ar Údarás na Gaeltachta agus go mbeidh toghchán mar chuid de sin.

Dúirt sé go mbeadh cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta san áireamh sa phacáiste borradh eacnamaíochta atá le fógairt sna seachtainí atá le teacht.

In ainneoin go bhfuil an stát ag cúlú le fada ó chaomhnú na Gaeilge gan trácht ar a athréimniú tá údar dóchais ann.

Nach bhfuil dul chun cinn mór déanta ó 1893 i leith. Roimh lár an chéid sin, nuair a bhí an táinrith ón nGaeilge faoi lán seoil ní raibh duine ar bith eile ann a raibh eolas níos mó acu ar na ceantair Ghaeltachta ná Seán Ó Donnabháin a shiúl cuid mhór den tír don tSuirbhéireacht Ordanáis.

Bhí an meath chomh mór sin ag an am gur shíl seisean go mairfeadh sé féin níba fhaide ná mar a mhairfeadh an Ghaeilge labhartha.

Tá an chuid is mó den Ghaeltacht a bhí ann lena linn siúd imithe ach níl an Ghaeilge imithe.

Le beagán dea-mhéine ón státchóras, an córas polaitíochta agus na mórmheáin agus le cur chuige dáiríre a mbeadh béim ar leith aige ar úsáid na teanga sa phobal, d’fhéadfaí staid na teanga a athrú ó bhonn, agus sin gan ró mhoill.

Ach, an dtarlóidh sé? Tá dea-mhéin agus dea-intinn nochtaithe ag Catherine Martin agus Dara Calleary. Ach caithfidh siad an ceann is fearr a fháil ar na mandairíní! Go n-éirí leo!