MEDB NIC EOIN,
A chara, - Tá mé ag scríobh chugat maidir leis an alt le Emmet Oliver (24ú Deireadh Fómhair) a dúirt go raibh daltaí i gcoinne Gaeilge éigeantaí sa mheánscoil.
Ba mhaith liom a chur in iúl do léitheoirí an Irish Times, tar éis mórán argóinte agus conspóide ag cruinniú an USS, nár ghlac an t-aontas leis an rún seo. Bhí sé ríshoiléir ó na hargóintí a tháinig ón urlár go raibh a lán suime ag daltaí meánscoile sa Ghaeilge. Léiríodh freisin go raibh a lán measa ag daltaí dara leibhéal ar a dteanga dhúchais.
Is dalta ardteistiméarachta mé atá ag freastal ar Scoil Chaitríona, scoil lánGhaelach, agus tá a fhios agam go bhfuil na tuairimí céanna ag a lán daltaí eile atá ag freastal ar ghaelscoileanna. - Is mise,
MEDB NIC EOIN,
Iar Leas-Uachtarán USS,
Ascal Lomain,
Fionnradharc,
Baile Átha Cliath 3.
The writer is correct: the motion calling for the scrapping of compulsory Irish was defeated at the meeting of the Union of Secondary Students. - Ed., IT.