Obair bhocht

Crobhingne/Alan Titley: An mhaidin cheana tharla sé

Crobhingne/Alan Titley: An mhaidin cheana tharla sé. Mé ag tiomáint liom chun mo láthair sclábhaíochta agus allais, agus in ionad rud ciallmhar éigin a dhéanamh ar nós a bheith ag éisteacht le ceol nó le scéal nó le filíocht ar téip, is amhlaidh gur ghabhas ó chnaipe go cnaipe ar an raidió.

Éamon Ó Cuív ar RnaG, eacnamaí éigin ar David McWilliams, bladar ar 98FM, Éamon Ó Cuív ar RnaG, David Hanly ag ligean osna ar Raidió a hAon, ceol neamhidirdhealaithe ar East Coast Radio, Lite FM, Phoenix FM, Anna Livia FM, Éamon Ó Cuív ar RnaG, comhrá éigin faoin tsocheolaíocht agus faoin bhfostaíocht ar Raidió a hAon. Is ansin, i lár na cainte istigh, a chuala mé an focal.

Bíonn focail nua á gceapadh go laethúil sna teangacha fairsinge domhanda agus is ar éigean aon aird orthu. An focal nua sa Ghaeilge, áfach, is cuma nó goirín ar shróin é. Ní cuid den chraiceann é, agus glacann tamall sula súitear isteach faoin gcoirt é. Is í an téarmaíocht an ghné is túisce den fhoclaíocht nua a mhúsclódh an bior ar do shúile is an ghéire ar do chluasa duit, gan amhras. "Gearrann iarrainn" a bhíodh ag na Conallaigh ar an rothar, toisc taithí áirithe a bheith acu a bheith in airde ar chapaill, agus thóg sé mórán buillí den leathar scoile an "baidhsilic" a dhíbirt ó bhéala Chonamara.

I ndeireadh an lae, áfach, tagann crónú na hoíche agus titimín an tráthnóna agus bíonn gach rud le réiteach le dul faoi na gréine. Ar éigean go raibh "deireadh an lae" ar bith ann go dtí a sé nó a seacht de bhlianta ó shin. Bheadh fadhb le réiteach ar deireadh thiar, nó ina dhiaidh sin is uile, nó tar éis an iomláin. Is amhlaidh anois gurb é deireadh an lae críoch agus foirceann gach beart. É sin ráite, úps, brón orm, bíodh sin mar atá, greamaítear na frásaí seo dár n-intinn agus bheadh Arm na hImpireachta uait chun iad a bhleaisteáil as uaimh tóra bóra na cainte.

READ MORE

Is sleamhaine agus is stráilleoigiúla iad na nathanna bréagnádúrtha seo ná seodchlocha glioscarnacha an Choiste Téarmaíochta a bhfuil cuid den fhilíocht is fearr in Éirinn á cumadh acu. Tá rud éigin sláintiúil ag baint le "marthain éiglíochta" ar "continuation of infirmity", agus rud éigin inláimhsithe ar "mataí móra algaí gléghlasa ar snámh" ar "large mats of bright green floating algae". Ní móide, áfach, go mbeidh na teármaí seo á ndealú againn ina bhfréamhacha, ina ngais, is ina nduillí, gan trácht ar iad a úsáid go gnáthlaethúil.

Fríd eile ar fad é an frása folaithe ón mBéarla isteach. Gach tráchtaire eacnamaíochta agus gnó le trí mhí anuas bíonn an nathán maol "going forward" ríofa trína chuid séideán. Ní heol dom gur réab sé thar chlaí isteach chugainn fós sa Ghaeilge. Sásta atáimid fós leis an aimsir fháistineach, agus an saol atá romhainn amach, agus go deimhin, leis an todhchaí féin.

B'é seo a phrioc m'aire nuair a chuala go raibh daoine "workpoor" an lá cheana. B'é an chéad uair agam é. Ní deimhin liom ar fad cad is brí leis. Ní hionann agus dífhostaithe is léir. Ná ní hionann é agus bocht.

B'fhéidir gurb é is brí leis ná obair ar bheagán pá, nó obair gan aon sásamh. Nó cumasc éigin díobh ar fad. Béarlagair socheolaíochta á raideadh isteach ar chlár an dioscúrsa phoiblí agus sinn fós glas air.

B'fhéidir, ar ndóigh, go n-imeoidh as ar nós sneachta na bliana anuraidh nó cúr na habhann nó féileacán an tsamhraidh nó faiteadh na súile salaí nó smuga ó shluasaid. B'fhéidir nach ndéanfaidh nead agus nach ngabhfaidh fos sa Bhéarla féin. Tá focail chomh luaineach le crandaí bogadaí, chomh claochlóideach le giúmar neach baoise, chomh hinmhalartaithe le hintinn pholaiteora rialtais.

Bhí focal a rugadh i gCeanada tá breis agus deich mbliana ó shin ann a raibh "doughnutting" air, agus a chiallaigh an nós a bhí ag polaiteoirí bailiú timpeall ar chainteoir sa Phairlimint d'fhonn a thabhairt le fios don teilifís go raibh slua ina thimpeall agus tacaíocht dá réir aige. Níor tógadh anseo abhus é mar bíodh oiread sin cnónna sa Dáil bhaile againn, ar éigean go leor taois ann chun iad a ghreamú le chéile. Déanfaidh "ceannach" an chúis ar "headhunt" i gcónaí, agus ní bheidh gá ar bith choíche le "chase the dragon" mar ní ghlacfadh lucht na Gaeilge héaróin ar chuisle a gcroí ná ar fhéith ar éigean.

Pe ní mar gheall ar a bheith "obairbhocht", ní móide go mbeimid "focalbhocht" go brách, fiu mura mbeidh iontu ach ráiméis.