Ní aithne go haontíos - agus aon tacsaí

Tá buntáiste an-mhór amháin ag lucht tiománaithe tacsaí nach bhfuil ag an gcuid eile againn.

Tá buntáiste an-mhór amháin ag lucht tiománaithe tacsaí nach bhfuil ag an gcuid eile againn.

Go deimhin, tá buntáiste acu nach bhfuil ag an aos eacnamaíochta, ag aon aos oideachais, ag lucht léite duilleoga tae agus ag an aicme pholaitiúil sa tslánchruinne arna síneadh amach le bannaí leaisteacha go dtí an chéad phláinéad eile amuigh i bhfad uainn: is é sin, go dtuigeann siad go cruinn conas deacrachtaí agus fadhbanna an tsaoil a réiteach.

Bhí fear tacsaí agam aon uair amháin “a fuair Íosa”, ach níorbh fhéidir leis an seoladh a bhí á lorg agamsa a fháil.

Duine eile a dúirt liom gur de shliocht spaceinvéadaraí iad gach duine le gruaig rua, rud a mhíneodh cuid de dhréachta fileata Nuala, Louis agus Phóil, ach ar chuma éigin, níor chuaigh an fhianaise i bhfeidhm orm go hiomlán.

READ MORE

Duine eile a mhionnaigh is a mhóidigh gurb é Elvis Dia, rud a cheapainn a bheith réasúnta tráth dá raibh.

Is dá gcúram sa cheart é míniú a thabhairt ar ár gcrá eacnamaíochta agus trioblóidí polaitiúla: an iomad státseirbhíseach, Charlie Haughey, daoine gorma, Charlie Haughey, Seanie seo is siúd, Charlie Haughey, na heaspaig, Charlie Haughey, tincéirí agus mar sin.

Agus a réiteach dá réir go sruthlabhrach: daoine a chrochadh, an tslat a thabhairt ar ais, níos mó príosún, eachtrannaigh a dhíbirt, fuipeáil laethúil, deireadh le ceardchumainn, seirbhís mhíleata náisiúnta.

Is mó is ionadh liom, mar sin, go mbeadh leisce ar Sheanadóir FF, Paschal Mooney, dul isteach i dtacsaí a bheadh á thiomáint ag duine “neamhnáisiúnta”.

B’fhéidir go bhfoghlaimeodh sé rud éigin uathu nach gcloisfeadh sé ó dhroim sheanbhó.

Is fíor gur shainigh sé go gcaithfeadh sé a bheith soiléir nár bhain siad leis an tír seo, cé nach ndúirt sé conas a d’aithneodh sé go follas neach as Minsk seachas as Maothail, ná cabaire as Cambridge seachas as Cluainín Uí Ruairc.

Bheadh leisce orm féin seasamh in aice le fear a bhfuil geansaí glas agus buí air, ar eagla an mhaímh agus na bóisceála buacaí, ach thiocfadh gurb as an Mí nó as stráice de Liatroim dó, rud nach músclódh gíocs mórálach ar bith.

Ina choinne sin, b’fhéidir go raibh leite déanta dá chloigeann ag an iomad den cheol portach poncánach tíre sin atá chomh coitianta i mbaill nár shroich bóithre tarramacadaim fós.

Thaispeáin suirbhé le déanaí, mar a thaispeáineann suirbhéanna, go samhlaíonn daoine a éisteann leis an iomad den cheol tuathánach tíre níos mó den chraiceann dorcha agus den fholt catach agus de bhruasa tiubha ná daoine a éisteann le ceol roc.

Deirtear go bhfuil amhras faoi mhodheolaíocht an tsuirbhé, ach cá bhfios?

Chaith mé samhradh amháin (ar son taighde, lándáiríre) ag éisteacht le hamhráin a raibh teidil bharúla orthu, leithéid – She’s looking better after every beer, Mamma get a hammer there’s a fly on Dadda’s head, You’re the reason our kids are so ugly, – agus ghlac sé cúpla geimhreadh orm teacht slán dá n-éis.

Chuige sin, tá leithscéal ar fónamh ag an Seanadóir Mooney má deir sé rud ar bith gan dealramh as seo suas, rud is dócha...

Is dócha, mar níl an ceacht foghlamtha fós ag FF. Is fíor gur dhein siad cac i mála agus bualtrach i mbalún den eacnamaíocht, ach dhein siad rud ba sheacht míle mó ba dhomhaite ná sin dá lucht leanúna féin: dhein siad Fine Gael díobh féin.

Más eachtrannach tú á léamh seo, thógfadh sé cúpla bliain orm a mhíniú cad is brí leis seo; más abhus atá tú, mura dtuigeann anois ní thuigfidh go brách.

Ar aon chonair bheag chaol amháin, nuair a tháinig na huaisle eachtrannacha ar cuairt chun na Comhdhála Eocairistí in 1932 níor aithin siad muintir FF mar bhí gnáthéadaí ghnáthdhaoine á gcaitheamh acu.

Tríocha bliain ina dhiaidh sin bhí cultacha móihéir siar síos orthu agus loinnir ar bhróga fúthu mar a bheadh scátháin i bpálás.

B’iad buachaillí FG a mholadh crochadh ar chroiseanna agus slabhraí ar phríosúnaigh agus tagáil ar thincéirí agus cosc ar húdaí agus lúitéis roimh ríogacht agus carbhait ar chóisir, agus bhíodh monabhar beag míchompordach ó FF – go fánach.

Níl sé ciníoch gan dul i dtacsaí le duine nach duine áitiúil é.

Ná níl sé ciníoch a bheith ar son dúnphort na hEorpa a thógáil, ná feadaíl mhaslach a chaitheamh le himreoir dorcha, ná nach mbeadh cead ag iníon leat siúl isteach chun suipéir ... le fear tacsaí, nó neachtar acu, le ball de Sheanad Éireann.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar