Léas dóchais in Iosrael ach deacrachtaí móra le sárú sula mbeidh síocháin ann

Tuarascáil: Seans nach bhfuil cur amach ag mórán léitheoirí ar Innéacs Síochána an Domhain (Global Peace Index). Liosta…

Tuarascáil:Seans nach bhfuil cur amach ag mórán léitheoirí ar Innéacs Síochána an Domhain (Global Peace Index). Liosta é a chuireann an Institiúid Eacnamaíochta agus Síochána (Institute for Economics and Peace) le chéile gach bliain, liosta atá bunaithe ar chúrsaí míleata agus cogaidh, míshocracht pholaitiúil, leibhéal na coiriúlachta agus sceimhlitheoireachta agus eilimintí eile.

I measc na 158 tír ar an liosta do 2012, tá Éire thuas in áit a sé agus Iosrael thíos in áit 150. Tugann na staitisticí úd peirspictíocht éigin dúinn. Bíonn muid ag breathnú ar Iosrael (agus na críocha Palaistíneacha freisin) trí shúile na hÉireann – ach tá an dá áit an-difriúil ar fad.

Is iomaí cuairt atá tugtha agam ar an Talamh Naofa mar thuairisceoir. Bhí mé ar an láthair in Iarúsailéim, tamall gearr i ndiaidh do bhuamadóir féinmharfach Mohammed Hashaika (22) a chuid oibre scriosach a chur i gcrích ar 21ú Márta 2002. Ceantar gnóthach siopadóireachta a bhí ann: maraíodh triúr duine eile seachas an buamadóir agus bhí 86 duine gortaithe, triúr acu go dona.

Seachtain ina dhiaidh sin, bhíos i marbhlann Ospidéal El-Shifaa i nGaza, áit a raibh Nashat Abu Assi (21) sínte amach os ár gcomhair, poll ollmhór dearg san ucht aige. Saighdiúirí Iosrael a rinne é a lámhach cúpla lá roimh ré mar gur cheap siad, is cosúil, go raibh buama nó gunna aige agus go raibh sé ar tí ionsaí a dhéanamh orthu. Agus tá an foréigean fós ar siúl idir an dá thaobh ó shin.

READ MORE

Cor eile sa scéal anois ná torthaí an olltoghcháin a reáchtáladh in Iosrael le déanaí. Roimh ré, bhí daoine ag ceapadh go mbeadh meá na cumhachta ag Naftali Bennett (40), ceannaire ar pháirtí den eite dheis, Habayit Hayehudi (Tír Dhúchais Ghiúdach/Jewish Home.)

Bhí Bennett ina cheannaire foirne ag an bpríomhaire agus ceannaire an pháirtí Likud, Binyamin (“Bibi”) Netanyahu, idir 2006 agus 2008.

Tá Bennett glan in agaidh stát dá gcuid féin a bheith ag na Palaistínigh. Is é an plean atá á mholadh aige ná go dtógfaí thart ar 60 faoin gcéad den mBruach Thiar (Ceantar “C” mar a thugtar air) mar chuid seasmhach de Stát Iosrael.

Ritheann sé sin glan in aghaidh Réiteach an Dá Stát (two-state solution) atá á bhrú chun cinn ag an gcomhphobal idirnáisiúnta – Rialtas na hÉireann san áireamh – le tamall maith de bhlianta.

Ach cé gur imigh páirtí Bennett ó thrí shuíochán go dtí 12 ceann san olltoghchán, is beag duine i ndáiríre a bhí ag ceapadh go n-éireodh chomh maith sin le Yesh Atid (“Tá Todhchaí Againn”) a ghnóthaigh 19 suíochán, i gcomparáid le 31 ag an Likud Beiteinu (comhnascadh sealadach idir páirtithe Netanyahu agus Avigdor Lieberman) as an iomlán 120 atá i bparlaimint Iosrael, an Knesset.

B’in scéal mór an olltoghcháin. Cloíonn Yesh Atid le polaitíocht an láir, le claonadh chun clé, agus tá sé ar an dara dream is mó sa Knesset anois. Bhunaigh Yair Lapid (49), iriseoir, aisteoir, údar, dornálaí amaitéarach agus láithreoir iomráiteach teilifíse an páirtí anuraidh.

Bhíodh colún rialta nuachtáin ag Lapid dar teideal “Cá bhfuil an t-airgead?” agus d’úsáid sé sin mar mhana san olltoghchán chomh maith. Dar leis go raibh an mheánaicme ag obair go dian, ag íoc an-chuid cánach agus ag glacadh páirt lárnach sna fórsaí cúltaca cosanta ach gan mórán á fháil ar ais acu mar chúiteamh.

Cnámh spairne is ea an chaoi nach gcuirtear iallach ar na mílte mac léinn fíor-cheartchreidmheach, cuid de na Haredim, seirbhís mhíleata a dhéanamh ar an leithscéal go bhfuil an Torah (scrioptúr agus teagasc an Ghiúdachais) á staidéar acu go lánaimseartha.

Ta Lapid in aghaidh ionsaí míleata ar an Iaráin chun bac a chur ar chumas míleata núicléach sa tír sin – is fearr leis smachtbhannaí níos déine.

Is fada ó chuala an comhphobal idirnáisiúnta aon rud ar a dtabharfaidís dea-scéal ó Iosrael agus na críocha Palaistíneacha. Tá dóchas nua ann anois go n-athbhunófaí comhráití síochána idir an dá thaobh.Táthar ag súil go gcuirfear rialtas nua idirpháirtí le chéile ag deireadh mhí Feabhra agus go mbeidh Lapid agus Bennett ann mar airí.

Cé go bhfuil an bheirt acu ar comhfhocal maidir leis na Haredim, ní aontaíonn siad faoin bpróiseas síochána.

Fiú Lapid féin, níl sé i bhfabhar na lonnaíochtaí móra Giúdacha, atá tógtha ar an mBruach Thiar, a bhaint as a chéile. Ach, den chéad uair le fada, tá léas dóchais le feiceáil sa cheantar corrach seo.

Deaglán  De Bréadún

Deaglán De Bréadún

Deaglán De Bréadún, a former Irish Times journalist, is a contributor to the newspaper