Ráinig go rabhas ar bhus idir Cill Airne agus ball éigin níos faide siar tamall fada de bhlianta ó shin. Bhí foireann caideolaíochta Chiarraí tar éis a mbualadh bliantúil a thabhairt d’fhoireann iarthar Chorcaí (agus cúpla leaid ón gcathair) i gcomórtas codólaíochta peile na Mumhan uair amháin eile, arís. Ba leadradh gnách é, ach cheap formhór an bhus go raibh gaisce déanta acu. Is iad nár thuig gur cuma sa tsioc nó sa tsneachta le formhór an chontae faoi fhoireann peile Chorcaí ach amháin mar mhalairt ar na hiománaithe.
Ní raibh a oiread sin díomá orm, mar sin, nuair a chrom bodach éigin ar an ‘Kerry Recruit’ a rá de ghuth gránna garbh ionas nárbh fhada gur thuigeas go raibh buachaillí Chiarraí chomh hoilte ar an leadradh is a bhí siad ag imirt cluiche an áir go fonnmhar ar son na himpireachta. Thóg sé tamall orm a thuiscint cad ba bhrí le nó ba log don amhrán ach ba nod soiléir iad na tagairtí do Balaklava agus Inkerman. Bhain le cogadh na Crimé a troideadh idir 1853 agus 1856 nuair a bhí Impireacht na Rúise agus Impireacht na Breataine agus Impireacht na Fraince agus Impireacht na Tuirce á fhéachaint le chéile ar son ceannais agus forlámhais sa smut sin den domhan. Ní haon nuacht é sin.
Is é ábhar agus scéal an amhráin ná an saontachán seo a mealladh isteach san arm toisc gur sádh ‘a bob in my fist’ agus gur cuireadh ar bhord loinge é ‘that walked on the waters without any feet’ agus gur shroich siad Balaclava ‘all safe and all sound’ go dtí go bhfuair siad ‘a breakfast of cannon and ball.’ Mar a thuigfí, ba ghairid gur tharla ‘that a big Russian bullet ran away with my thigh’ ionas go bhfágtar é ar leathchois. B’fhearr mar chinniúint é ná Willie McBride bocht san amhrán a chum Eric Bogle ina thaobh a mharaítear go minic i ngach aon tigh tábhairne idir Cionn Mhálanna agus Carn Uí Néid.
Tá an chuma air go raibh amhráin riamh ann againne a chuir in aghaidh dul chun cogaidh ar son na himpireachta, is é sin, an impireacht a rabhamar snaidhmthe inti. In ainneoin go raibh na mílte, an ceathrú cuid b’fhéidir, d’arm Wellington a throid ag Waterloo a saolaíodh in Éirinn, tá na hamhráin go léir ar son Bónaí, an Fiolar, an Corporal Beag. Nach lánait go raibh na fir ag troid ar thaobh amháin agus an éigse ag ceol ina gcoinne? Cogar sin liom, a staraithe go léir?
READ MORE
B’fhaide siar ná sin a ghabh an cur i gcoinne na breabaireachta is na preasála. Amhrán scanrúil is ea ‘Johnny, I hardly knew you’ nuair a thagann an mí-ámharach ar ais mar a deirtear ‘you haven’t an arm you haven’t a leg’ agus gur dócha ‘you’ll have to be put in a bowl to beg’. Seo de dheasca cogaidh éigin éiginnte a fágadh ina chláiríneach gan dóchas é.
Ceaptar go minic go dtagraíonn an t-amhrán ‘Arthur McBride’, a bhfuil an leagan is cáiliúla de ag Paul Brady, don chéad chogadh mór barbartha. Is dóichí, áfach, gurb é is bun leis ná ceann de na cogaí móra fada úd idir an Bhreatain agus an Fhrainc le seacht gcéad bliain roimhe sin, bíodh do rogha féin agat.
Bhí amhráin riamh ann ag cur i gcoinne na gcogaí a raibh fir bhochta na hÉireann pairteach iontu mar amhais impireachta. Cantar is ceoltar anois iad go binn.
Cad iad na hamhráin a chumfar is a déarfar amach anseo leis an teachtaireacht chéanna, agus cé a bheidh fágtha lena rá tar éis an chéad chogaidh eile a bhfuiltear ag ullmhú chuige le fonn?











