An fhuiseog ag éirí

Tá áilleacht an éin bhig ina spreagadh ag an gceol agus ag an litríocht araon

Fuiseog ag éirí. Grianghraf: iStock/Getty
Fuiseog ag éirí. Grianghraf: iStock/Getty

Foclóir: Ar fhara – roosting; sárshaothar ceoil – masterpiece; rímháistreacht – virtuosity; lách umhal - pleasant and unassuming; lapadán linbh – toddler; culaith shneachta – snowsuit; désúiligh – binoculars; teacht in inmhe - reach maturity; rásanna sealaíochta - relay races; braighdeanas – captivity.

Murab ionann agus éin eile a chanann nuair a bhíonn siad ar fhara, de ghnáth i mbarr crainn nó i dtor, canann an fhuiseog agus é ag eitilt. Éiríonn an t-éan go réidh ón talamh ag canadh i gcónaí agus éiríonn diaidh ar ndiaidh go dtí go n-imíonn as radharc sa spéir. Ansin tuirlingíonn go breá réidh ag canadh an t-am ar fad go sroicheann sé talamh arís. Tá ceiliúr na fuiseoige fíor-álainn agus leanann sé leis suas le leathuair an chloig agus é san aer.

Ní haon ionadh mar sin go bhfuil clú chomh mór sin ar shárshaothar ceoil Ralph Vaughan Williams ‘The Lark Ascending’. Thaitin an dán den teideal céanna leis an bhfile George Meredith chomh mór sin leis go ‘ndearna sé smaoineamh ceolmhar de thuairim liteartha’, mar a scríobh an dara bean chéile aige, Ursula, file.

Cúpla bliain ó shin bhí sé de phribhléid agam féin agus ag mo bhean chéile an píosa ceoil seo a chloisteáil sa Cheoláras Náisiúnta á sheinm ag an veidhleadóir clúiteach Nicola Benedetti. Bhíomar faoi dhraíocht ag rímháistreacht na spéirmhná Albanaí seo agus í ag athchruthú ceol na fuiseoige ag éirí agus ag ceiliúradh. Mar bharr ar an ádh cuireadh in aithne muid i ndiaidh na ceolchoirme do Nicola féin de bharr go raibh ceoltóir a raibh aithne againn uirthi cairdiúil léi.

Bhí Nicola Benedetti chomh lách umhal álainn sin, gan éirí in airde ar bith uirthi ainneoin a fheabhas is a bhí sí mar cheoltóir.

Chuimhnigh mé ar lá eile ar chósta Thír Chonaill: Bhí mé ag siúl ar an trá gar d’Oileán na Cruite le m’iníon Clár agus le mo gharíníon Elena. Cé go raibh an t-earrach ann bhí an aimsir go fuar feanntach fós. Ní raibh Elena ach ina lapadán linbh agus bhí sí ag caitheamh culaith shneachta agus buataisí dearga. Ós rud é go bhfuil an-suim agam féin san éaneolaíocht, bhí mé ag faire amach an t-am ar fad agus déshúiligh á n-úsáid agam chuige sin.

Leis sin chuala mé an ceiliúr so-aitheanta agus d’éirigh fuiseog go breá réidh ó na dumhcha achar beag uaim. Bhrostaigh mé chun tosaigh agus d’ardaigh mé na déshúiligh chun díriú isteach air. Chuala mé fuaim bhog taobh thiar díom agus nuair a chas mé timpeall bhí Elena bheag sna sála agam, déshúiligh bhréige aici agus iad á n-ardú aici ag déanamh aithris ar a Dhaideo! Ba ghleoite an radharc é agus d’fhág sé imprisean orm a thug orm dán Béarla a chumadh tamall ina dhiaidh sin ina honóir. Sa liric sin luaigh mé ar tharla ar an gcladach, agus ghuigh mé go mairfinn fada go leor go bhfeicfinn Elena ag teacht in inmhe nuair a bheadh caoi aici ceol álainn Ralph Vaughan Williams a bhlaiseadh, ní áirím dán gleoite Shelley ar an ábhar céanna.

Tá Elena fásta suas anois ina cailín ard lúfar a chruthaíonn thar barr sna rásanna sealaíochta agus sa haca féin, cailín álainn atá líofa sa Ghaeilge agus í tar éis an Teastas Sóisearach a chríochnú. Agus mé ag féachaint go bródúil uirthi ag buachaint sna rásaí sealaíochta is minic a théim siar ar bhóithrín na smaointe go dtí an trá sin i dTír Chonaill mar ar éirigh an fhuiseog. Feicim fós an cailín ard maorga seo mar lapadán linbh ina culaith shneachta sna sála agam lena désúiligh bhréige.

Cloisim ceiliúr an éin agus é ag síor-éirí agus cuimhním fós mar ar thóg mé an cailín beag i mo bhaclainn ag taispeáint di an t-éan a bhí i bhfad uainn sa spéir ghorm. Fágann sin blas idir shearbh agus mhilis i mo bhéal, scéal a bhfuil an brón ina orlaí tríd. Bhí an ceart ag Ovid nuair a dúirt ‘Omnia mutantur’ (Athraíonn gach uile rud).

I mí na Samhna beidh Nicola Benedetti ag teacht ar ais go dtí an Ceoláras Náisiúnta. An babhta seo beidh beirt cheoltóirí ag seinm ina teannta: an boscadóir Iodálach Samuele Telari agus an giotáraí Brasaíleach Plinio Fernandes. Tá sé i gceist ag Nicola cur síos a dhéanamh ar an saghas ceoil is rogha léi, mar aon lenar tharla léi i rith na ndeich mbliana seo atá imithe tharainn. I measc cheol Schumann, Paganini agus Vaughan Williams, beidh Nicola ag seinm roinnt píosaí traidisiúnta Albanacha.

Mar fhocal scoir ní féidir liom tagairt a dhéanamh don fhuiseog gan meabhrú ar dhán Phiarais Béaslaí a d’fhoghlaimíomar blianta fada ó shin sa mheánscoil. Agus é i ngéibhinn i bpríosún Lewes tar éis Éirí Amach na Cásca 1916, chum sé ‘An Fhuiseog’ inar luaigh sé saoirse an éin i gcodarsnacht a bhraighdeanais féin:

Och mo léir, ón och mo léir

gan mise taobh leat, a éin,

i bhfad ó ghéibhinn na nglas

saor gan cheas go hard sa spéir.


An Saol Bocht

Dá mbeadh rí an aoir Brian Ó Nualláin ina bheatha agus ina shláinte sa lá atá inniu ann bheadh 114 bliain ar an saol á chéiliúradh i mbliana ag an Eoghanach (rugadh ar an tSraith Bhán é in 1911).

Ach céard a cheapfadh sé dá ndúiseofaí óna thoirchim suain é?

Dá gcaithfeadh sé súil timpeall, is cinnte go mbeadh a dhóthain ábhar grinn agus goirte le feiceáil aige agus dá mbeadh fonn air filleadh ar a pheannaireacht bhioranta, is féidir a bheith cinnte de nach mbeadh easpa ábhair ina bhac ar bith air.

Rud amháin a chuirfeadh meangadh gáire air, b’fhéidir, ná an méid a scríobhtar faoina shaothar féin, idir Béarla agus Gaeilge. Is ceart go mbeadh síorchíoradh á dhéanamh ar shaothar scríbhneoirí iomráiteacha na tíre seo, beag beann ar an teanga inar scríobhadar, ach d’fhéadfaí a áitiú nach dtugtar dóthain airde ar shaothar Ghaeilge Uí Nualláin nó ar scríbhneoirí eile na Gaeilge, go háirithe i gcomparáid le saothar scríbhneoirí aitheanta Éireannacha an Bhéarla.

Is cinnte nach féidir saothar scríbhneora ar bith a thuiscint gan an cineál saoil a bhí aige nó aici a chur san áireamh. Bhain an tOllamh Brian Ó Conchubhair úsáid as réimse leathan foinsí Gaeilge agus Béarla le léargas cuimsitheach a thabhairt ar shaol Uí Nualláin ina mhórshaothar 600 leathanach Myles na gCopaleen agus Flann O’Brien, An Saol Bocht.

Bhuaigh Ó Conchubhair dhá mhórdhuais i gComórtas Liteartha an Oireachtais in 2022 agus tá duais mhór litríochta eile buaite aige anois, bronnta ag Cumann Idirnáisiúnta Flann O’Brien. Is é an chéad leabhar Gaeilge é a bhuaigh an duais.

Déanann Ó Conchubhair dianscrúdú ar a bhfuil scríofa faoi shaothar Uí Nualláin agus cuireann anailís agus breis eolais i láthair an léitheora. Tugann sé tuiscint ar chúlra teaghlaigh Uí Nualláin, ar a shaol, a shaothar agus ar chomhthéacs liteartha a linne. Chun tuiscint mhaith a fháil ar shaol Uí Nualláin agus ar a shaothar, b’fhiú go mór an leabhar seo a léamh. - ÉannaÓ Caollaí

Breis eolais: Leabharbreac.com