Cárta poist ón todhchaí

Is cúis imní é El Niño, ach tugann sé deis dúinn ullmhú don domhan atá le teacht

Ní heol dúinn go baileach cén tionchar a imreoidh El Niño ar an aeráid ach tuarthar go gheobhaidh níos mó ná 450,000 duine bás de dheasca teas breise ar fud an domhain faoi mhí Feabhra. Grianghraf: iStock/Getty
Ní heol dúinn go baileach cén tionchar a imreoidh El Niño ar an aeráid ach tuarthar go gheobhaidh níos mó ná 450,000 duine bás de dheasca teas breise ar fud an domhain faoi mhí Feabhra. Grianghraf: iStock/Getty

An buachaill. An gasúr. An maicín.

An chuid is mó den am, is íomhá de pháiste séimh neamhurchóideach a thagann chun cuimhne ar chluinstin na bhfocal sin dúinn. Soineantacht na hóige nach bhfuil an domhan mór danartha i ndiaidh dul i bhfeidhm uirthi go fóill, luisne linbh nach bhfuil maolaithe fós ag cora crua an tsaoil.

Ach is a mhalairt ghlan de phictiúr atá á tharraingt ag an ógánach fhiáin atá ag tormáil agus ag tiontú, ag borradh agus ag brúchtadh i bhfairsingeacht aibhseach na bhfarraigí theas i láthair na huaire.

An buachaill baolach. An gasúr goimhiúil. An maicín mailíseach.

Is é sin le rá El Niño - mar is fearr aithne air i dteanga uasal Cervantes agus Bad Bunny.

Is feiniméan aeráide iomráiteach é El Niño a tharlaíonn tráth éigin idir gach dhá bhliain agus gach seacht mbliana nuair a laghdaíonn na trádghaotha san Aigéan Chiúin. Fágann an t-athrú seo go leathann uisce atá níos teo ná mar is iondúil soir i dtreo Mheiriceá Theas, rud a théann an t-atmaisféar os a chionn agus a chuireann isteach go mór ar phátrúin aimsire ar fud na cruinne dá réir. Bíonn dílí thall agus deannach abhus, spéirling anseo agus spalladh ansiúd.

Is minic a bhaineann El Niño an bonn ó chórais aimsire sna ceithre hairde agus bhí blianta ann roimhe seo a d’fhág sé léirscrios ina dhiaidh, ach tá eolaithe ar aon aigne gur arracht ar leith, fathach fiánta nach bhfacthas cheana é an boc atá ag teacht i méadaíocht anois.

Is é an tuairim choitianta gurb é an t-athrú aeráide is cúis leis an ghéarú sin.

Tá codanna den Aigéan Chiúin corradh is 4°C níos airde ná an mheánteocht cheana féin agus tá an taiscumar sin d’uisce te ina inneall cumhachta ag gníomhaíochtaí goineacha El Niño.

Is dána an buachaill a bheadh ann ar aon nós ach is amhlaidh is dána a bheidh sé anois.

Is cosúil gur mheasa na falscaithe uafásacha a tharla i mBoirneo ar na mallaibh dá bharr, gur laige an monsún san Áise trí chéile, agus go bhfuil séasúr na hairicíní san Atlantach curtha siar aige chomh maith.

Ach deirtear gur troime fós an tionchar a bheidh ag an bhuachaillín sna míonna seo amach romhainn.

De réir meastachán a d’fhoilsigh an University of Chicago an mhí seo caite, gheobhaidh níos mó ná 450,000 duine bás de dheasca teas breise ar fud an domhain faoi mhí Feabhra, agus leanfaidh an teocht ard ar aghaidh go dtí samhradh 2027.

Náisiúin an teochreasa is mó a bhuailfear, cuid de na tíortha is mó daonra ar an phláinéad - an Nigéir, an Indinéis, an tSúdáin, an India agus an Bhrasaíl - ina measc.

Le cois na díobhála a dhéanfaidh an teas féin, beidh tuilleadh tuilte ann, mar aon le triomach agus tinte in áiteanna eile.

“Cárta poist ón todhchaí” atá tugtha ag taighdeoirí ar El Niño agus i bhfianaise na ndrochthuartha atá á ndéanamh faoin aeráid atá le teacht, is dócha gur cruinn an cur síos é.

Ach seachas imní agus eagla a spreagadh i measc an phobail, rud is intuigthe gan amhras, an bhfuil aon teachtaireacht eile ag an ghasúr ghéar seo dúinn?

Bhuel, is meabhrú é déine El Niño gur ag imeacht uainn atá an ré ina raibh an aeráid measartha seasta agus intuartha, agus gur mithid dúinn, an chlann dhaonna, a bheith ullamh don tréimhse luaineach atá ag teannadh linn.

Ní mór do na rialtais céimeanna níos daingne a thógáil leis an tsuaitheadh a bhainistiú. Beidh gá le scileanna praiticiúla, agus lena chinntiú gur féidir maireachtáil go ceann roinnt laethanta gan leictreachas nó rochtain ar na siopaí. Bheadh i bhfad níos mó táirgeadh bia áitiúil fiúntach fosta, sin agus líonraí tacaíochta - meithleacha - a mbeadh a gcuid ball in ann cuidiú lena chéile in am an ghátair. Bí deimhin de go mbeidh pleananna dá leithéid - agus tuilleadh mór nach iad - ag teastáil, go háirithe má thiteann an tóin as an AMOC (Imshruthú Iompaithe an Uisce Feadh an Atlantaigh) i gceann glúine nó trí.

Chomh tábhachtach céanna leis an ullmhúchán nithiúil seo áfach, tá an t-ullmhúchán síceolaíoch. Óir ní fiú mórán na stoc-chairn agus na cosaintí ar aeráid atá as a riocht muna mbíonn an acmhainn againn teacht slán as na stoirmeacha inmheánacha chomh maith.

An t-amhras agus an faitíos, an t-easpa misnigh agus an díth dóchais, is dúshláin mhothúchánacha iad sin a thiocfaidh roimh gach duine ar domhan nuair a rachaidh staid na haeráide in olcas sna blianta amach romhainn, rud atá ráite ag saineolaithe linn arís agus arís eile.

Mar dá mhéad a éiríonn linn ár ngaotha intinne agus croí féin a chur chun fónaimh dúinn, agus dá mhéad a thuigeann muid gur cuid de chiorcal mór na beatha atá gach cor sa tsaol, is é is fearr a bheidh muid in ann déileáil leis na gustaí agus na gálaí thart orainn.

Rud amháin a chuireann bac ar ár gcumas aghaidh cheart a thabhairt ar scála na faidhbe eisí atá os ár gcomhair ná an bharúil go bhfuil an rás rite cheana féin, nó gurb ionann an cliseadh aeráide agus cliseadh na cruinne ina hiomláine. Ní deireadh an domhain é áfach, ach deireadh ré. Deireadh córais nach raibh ag obair dúinn le tamall fada ar aon nós, deireadh scéil nach bhfuil follúnú ar bith le fáil ann a thuilleadh.

Agus cé gur dócha gur cíor thuathail dhomhanda atá i ndán dúinn, nó dár bpáistí nó dár ngarpháistí, tugann an dúshlán seo deis dúinn dúiseacht as an tsuansiúl agus todhchaí eile a shamhlú ina bpléifidh muid níos fearr lena chéile agus leis an phláinéad ar a gcónaíonn muid.

Óir, mar a tharlaíonn i saol gach niño, tagann tréimhse chlaochlaitheach ina dtugtar ar gach sochaí teacht in aibíocht faoi dheireadh.

Foclóir

Soineantacht = innocence

iomráiteach = famous/well-known

léirscrios = devastation

nithiúil = real

a chur chun fónaimh = to put to good use

cliseadh = collapse

claochlaitheach = unsettled