Aird na nGael ar Chill Airne

Is í Uachtarán na hÉireann, Catherine Connolly, a sheolfaidh Oireachtas na Samhna sa Gleneagle amárach

Tá súil leis na mílte ag Oireachtas na Samhna i gCill Airne i mbliana.
Tá súil leis na mílte ag Oireachtas na Samhna i gCill Airne i mbliana.

Beidh pobal na Gaeilge ag tabhairt aghaidh ar Chill Airne an tseachtain seo agus iad ag tnúth go mór le mórfhéile na nGael, Oireachtas na Samhna 2026.

Beidh an fhéile ar siúl ón 28 Deireadh Fómhair go dtí an 1 Samhain agus táthar ag súil leis na mílte freastal ar na himeachtaí ó gach cearn den tír.

Is í Uachtarán na hÉireann, Catherine Connolly, a sheolfaidh an fhéile go hoifigiúil in airéine óstán an Gleneagle ar a haon a chlog amárach agus beidh neart ceoil, amhránaíochta agus damhsa ó phlúr na dtaibhealaíontóirí ag an ócáid oscailte.

Déanfar torthaí na gComórtas Liteartha a fhógairt i ndiaidh na hócáide agus bronnfar duaiseanna ar scríbhneoirí na mbuaicshaothar. Beidh neart leabhar á seoladh agus neart ócáidí a mbeidh suim ag lucht léitheoireachta agus scríbhneoireachta iontu i measc na n-imeachtaí a bheidh ar siúl le linn na féile. Dé Sathairn, beidh an t-údar Celia de Fréine ag cur Éilis Ní Dhuibhne, an File Stáit don Fhicsean Éireannach, faoi agallamh sa Seomra Comhdhála.

I réimse na meán, beidh neart stíleanna agus stíleála le feiceáil ag ócáid bhronnta Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais a bheidh ar siúl oíche Dé Céadaoin.

D’fhógair an tOireachtas an tseachtain seo caite gur ar an iriseoir agus craoltóir aitheanta, Cathal Mac Coille, a bhronnfar buaicghradam cumarsáide na bliana seo.

Bíonn comórtais ardáin Oireachtas na Gaeilge i gcónaí i gceartlár an aonaigh agus is iad a thugann a gcéad bhlas do pháistí ar shaol agus ar chultúr saibhir na Gaeilge.

Is mór an difear idir an tOireachtas anois agus an chéad Oireachtas riamh. Tionóladh an chéad fhéile Oireachtais sa seomra cruinn sa Rotunda, Baile Átha Cliath, in 1897 agus reáchtáladh é ar feadh leathlae. Naoi gcomórtas a bhí ar an chlár. I mbliana beidh thar thrí scór comórtas ar siúl d’idir óg agus aosta le linn na féile, a mhairfidh cúig lá. I measc na gcomórtas beidh amhránaíocht, damhsa ar an sean-nós, agallamh beirte, scéalaíocht, uirlisí ceoil, aithriseoireacht, lúibíní agus go leor eile.

Ar an Satharn, déanfaidh TG4 comóradh ar 30 bliain ar an aer. Dúirt Ard-Stiúrthóir TG4, Deirdre Ní Choistín: “Níl áit ar bith níos oiriúnaí ná Oireachtas na Samhna chun breithlá TG4 a cheiliúradh, i measc phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge. Le seoladh TG4+, craoladh beo Chorn Uí Riada ar TG4 agus seoladh shraith a dó den tsraith choirdhrámaíochta CRÁ, táimid ag ceiliúradh na rudaí is tábhachtaí a bhaineann le TG4, is iad sin ár gcruthaitheacht, ár dteanga, ár gcultúr agus ár bpobal, pé áit a bhfuil siad.”

Beidh neart ceardlann, seoltaí, léachtaí agus comhdhálacha ar siúl lena linn chomh maith. Tráthnóna Déardaoin seolfaidh an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, Dara Calleary, Plean Straitéiseach 2026–2030 Údarás na Gaeltachta, céad bliain i ndiaidh teorainneacha na Gaeltachta a bheith leagtha síos den chéad uair.

I dtaca le cúrsaí acadúla na teanga de, beidh cur agus cúiteamh go leor ann maidir leis na hacmhainní atá ar fáil ar líne. Beidh seisiún eolais, ‘Rochtain agus Geabair’, a bhaineann le cumarsáid bhreisitheach agus mhalartach don Ghaeilge, ag aonach an Oireachtais Déardaoin.

Dé hAoine beidh seisiúin eolais ag gaois.ie ag a bpléifear an méid atá curtha i gcrích ag an ghrúpa taighde le tamall anuas, forbairtí ar na suíomhanna téarma.ie agus logainm.ie san áireamh. Beidh cur i láthair ar úsáid foclóirí agus teanglann.ie ar a 2 a chlog an lá céanna agus ar a 4 a chlog beidh seisiún Focal ar Fhocal ann ina dtabharfar nuashonrú ar an obair atá ar bun agus beartaithe do na foclóirí atá idir lámha ag Rannóg Foclóireachta Fhoras na Gaeilge.

Beidh lucht Ollscoil na Gaillimhe ag cur a seastáin i lár báire agus iad ag díriú ar na mórcheisteanna a bhaineann leis an Ghaeilge, idir cheist na teanga ag an tríú leibhéal agus an tionchar atá ag STEM ar an teagasc.

Beidh cúrsaí drámaíochta i lár stáitse chomh maith i mbliana agus an tOireachtas, i gcomhar le hOllscoil Notre Dame agus le tacaíocht ó Amharclann Náisiúnta na Gaeilge, An Taibhdhearc, ag eagrú comhdháil drámaíochta an bhliain seo chugainn i nGaillimh. Fógrófar sonraí an chomórtais nua, dráma ilghníomh, faoi urraíocht Ollscoil Notre Dame, a bheidh ar chlár na gComórtas Liteartha 2027.

Cuirfear Ar Thóir Bhríd Ní Mháille i láthair, léamh drámatúil atá bunaithe ar úrscéal nua le Micheál Ó Conghaile agus arb iad Bridie Ní Churraoin agus Caitlín Ní Chualáin, faoi stiúir Eoghan Uí Riada, a bheidh ina bhun.

Beidh RTÉ Raidió na Gaeltachta ag craoladh beo i rith na féile mar sin beidh daoine nach mbeidh i gCill Airne in ann na himeachtaí a leanúint cibé áit a mbeidh siad idir seo agus clabhsúr an Oireachtais Dé Domhnaigh.