Spiorad na gcomhaontuithe in easnamh

Tá deacrachtaí arís eile roimh Thionól agus Feidhmeannas an Tuaiscirt ach ní leor forálacha lena réiteach

Iar-cheannaire an DUP Ian Paisley le leas-iar-cheannaire Shinn Féin, Martin McGuinness in 2007. Ceapadh an bheirt mar Chéad-Aire agus mar LeasChéad-Aire in 2006. Grianghraf: Paul Faith/Pool/PA Wire
Iar-cheannaire an DUP Ian Paisley le leas-iar-cheannaire Shinn Féin, Martin McGuinness in 2007. Ceapadh an bheirt mar Chéad-Aire agus mar LeasChéad-Aire in 2006. Grianghraf: Paul Faith/Pool/PA Wire

Tá fiche bliain caite ó Chomhaontú Chill Rímhinn, an comhaontú a thug na struchtúir dhéabhlóidithe ar ais ó thuaidh i ndiaidh tréimhse fhada gan aon Tionól a bheith ag feidhmiú ar Chnoc an Anfa.

Nuair a bunaíodh na struchtúir den chéad uair faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta, bhí dóchas forleathan ann go mbeadh siad in ann riar éifeachtach a dhéanamh ar an Tuaisceart agus, de réir a chéile, go dtiocfadh deireadh leis an aighneas domhain idir na páirtithe polaitíochta agus iad ag obair as lámha a chéile. Ní hamhlaidh a bhí. Bhí thuas seal agus thíos seal ag an Tionól ó 1998 ar aghaidh agus nuair a thit sé arís in 2002 bhí imní fhorleathan ann nach dtiocfadh sé ar ais arís.

An difear is suntasaí a bhí ann an uair sin ó thaobh na bpáirtithe polaitíochta de ná go raibh líon na suíochán a bhí ag an UUP agus an SDLP tite, rud a d’fhág nach raibh na páirtithe a bhí lárnach i mbaint amach Chomhaontú Aoine an Chéasta i lár an aonaigh a thuilleadh. Go deimhin, i ndiaidh thoghchán an Tionóil in 2005 bhí an DUP ar an pháirtí is mó sa Tuaisceart, agus níor chuir siad a n-ainm leis na socruithe comhroinnte cumhachta riamh go dtí sin. Ar thaobh na náisiúnaithe, bhí Sinn Féin ar an pháirtí is mó, agus cé go raibh siad anois mar chuid den chóras, bhí fós deacrachtaí ann maidir le tacaíocht an pháirtí don PSNI.

Chuir an t-athrú seo go leor brú orthu siúd a bhí ag iarraidh Cnoc an Anfa a fheiceáil ag feidhmiú arís, Rialtas na Breataine agus Rialtas na hÉireann ina measc. Agus Bertie Ahern ina Thaoiseach agus Tony Blair ina phríomh-aire, bhí suim phearsanta ag an bheirt cheannairí sna struchtúir a bheith ar obair agus ag feidhmiú go maith, agus bhí an ceannach isteach pearsanta sin riachtanach do Chomhaontú Chill Rímhinn óir bhí tuiscint agus tiomantas acu i leith an ábhair.

Go bunúsach, rinneadh leasuithe ar na struchtúir a cruthaíodh i gComhaontú Aoine an Chéasta chun, go teoiriciúil, iad a dhéanamh níos inbhuanaithe. I measc na n-athruithe is mó a rinneadh, bhí athrú ar an bhealach ar ceapadh an Céad-Aire (ón pháirtí is mó in áit ón phobal ainmnithe is mó sa Tionól) agus leasú ar na struchtúir thuaidh-theas agus oirthear-iarthar chun gné níos láidre a chruthú le réigiúin eile sa Ríocht Aontaithe. Agus ba é ceann de na gnéithe is cinniúnaí de Chill Rímhinn ná tacaíocht Shinn Féin don PSNI, rud a deimhníodh ag Ard-Fheis an pháirtí ag tús 2007.

Thug an Comhaontú seo an clúdach polaitíochta a bhí de dhíth ar na páirtithe, go háirithe ar an DUP, chun dul isteach san Fheidhmeannas leis na páirtithe eile. Spreagadh dóchas as an nua go dtiocfadh le polaiteoirí Chnoc an Anfa a róil a chomhlíonadh ina n-iomláine arís, agus nuair a ceapadh Ian Paisley agus Martin McGuinness mar Chéad-Aire agus mar LeasChéad-Aire faoi seach ar an Fheidhmeannas, bhí iontas forleathan ar dhaoine faoin chaidreamh a d’fhás idir an bheirt acu agus iad ag obair le chéile.

Tá tuairim láidir ag teacht i dtreis go bhfuil tuilleadh athruithe de dhíth ar bharr na n-athruithe a rinneadh i gComhaontú Chill Rímhinn…

Bhí go leor míreanna teicniúla sa Chomhaontú ach rud a bhí tábhachtach faoi, mar a bhí le Comhaontú Aoine an Chéasta a tháinig roimhe, ná go raibh na páirtithe, ag an phointe sin, tiomanta feidhmiú laistigh de spiorad an Chomhaontaithe. An deacracht nach raibh daoine ag súil léi - agus atá níos deacra fós lena réiteach - ná cad a tharlaíonn nuair nach bhfuil sé ar leas na bpáirtithe é sin a dhéanamh? Mar gheall ar ghéarchéimeanna éagsúla thar na blianta, thit na struchtúir as a chéile arís cúpla uair. Gach babhta, déantar iarrachtaí leasuithe a dhéanamh ar na struchtúir nó pacáistí infheistíochta a chur ar fáil chun polaiteoirí a mhealladh ar ais, rud a tharla le Comhaontú Chromghlinne, Tús Úr, agus le Ré Nua - Cur Chuige Nua. Ach fós féin maireann deacrachtaí agus constaicí atá leabaithe sa chóras féin.

Is iomaí plé a dhéantar ar athbhreithniú ar na bealaí a bhfeidhmíonn an Tionól agus an Feidhmeannas chun é a dhéanamh níos éifeachtaí agus níos láidre. Tá neart moltaí sa réimse seo faoi láthair, agus plé leanúnach ar an cheist ag leibhéal an Tionóil agus i measc an phobail agus na meán. An deacracht is mó atá rompu siúd ar mhaith leo an Tionól agus an Feidhmeannas a dhéanamh níos éifeachtaí amach anseo ná go mbeadh toil na bpolaiteoirí a bhaineann buntáiste as na struchtúir reatha de dhíth chun na hathruithe siúd a chur i bhfeidhm.

I bhfianaise na ndeacrachtaí atá feicthe againn i bpolaitíocht na Sé Chontae le roinnt seachtainí agus míonna anuas, tá plé athoscailte maidir le seasmhacht na n-institiúidí. Tá tuairim láidir ag teacht i dtreis go bhfuil tuilleadh athruithe de dhíth ar bharr na n-athruithe a rinneadh i gComhaontú Chill Rímhinn agus sna comhaontaithe a bhí ann ó shin.

Fós féin, níor athraigh Comhaontú Chill Rímhinn ná aon chomhaontú eile na bunrialacha a bhaineann leis an chóras comhroinnte cumhachta. An dúshlán is mó ná nach féidir leis na struchtúir sa Tuaisceart feidhmiú mar is ceart mura bhfuil na páirtithe ag obair faoi spiorad an chomhaontaithe chomh maith. Gan an toil sin, forálacha ann nó as, beidh sé deacair mórán dul chun cinn a dhéanamh.

Foclóir:

Comhaontú Chill Rímhinn = St Andrew’s Agreement

Comhaontú Aoine an Chéasta = Good Friday Agreement

comhroinnte = shared/sharing

géarchéimeanna = crises

athbhreithniú = review/revision

struchtúir reatha = existing structures