Thart ar choicís ó shin bhí an Teachta Dála neamhspleách Michael Healy-Rae sáite i mbrú tráchta i gceartlár Bhaile Átha Cliath.
Tá an Ciarraíoch ar dhuine de na polaiteoirí is so-aitheanta in Éirinn mar gheall ar an gcaipín a chaitheann sé agus ar a cholainn chaol.
In éineacht leis sin, tá comhartha mór ar an gcarr a deireann: Michael Healy-Rae TD.
Mar sin, is neach poiblí é, níl dabht faoi sin. Tá sé deacair air a bheith ag saothrú a choda i ngan fhios don saol mór.
READ MORE
Ar aon chuma, bhí fear ar an gcosán ag an am a bhí ag siúl lena ghadhar. Chonaic sé an carr agus an fear a bhí ag tiomáint agus ní raibh sé deacair air Healy-Rae a aithint.
Ach is léir nach eisceacht í an tír seo. Feicfimid na hathruithe san Eoraip agus sa Bhreatain ag tarlú in Éirinn amach anseo.
Tuairiscíodh gur caitheadh maslaí le Healy-Rae agus ansin, de phreab agus gan fainic, gur tugadh sonc sa bhéal don Teachta Dála trí fhuinneog an ghluaisteáin a bhí oscailte mar gheall ar theas an lae. Gortaíodh Healy-Rae, níl amhras ar bith faoi sin. Gearradh go dona san aghaidh é agus bhí air greamanna a fháil.
Is é seo an eachtra is deireanaí i liosta fada d’ionsaithe agus de bhagairtí atá dírithe ar pholaiteoirí na hÉireann le roinnt blianta anuas. Tá fear anois faoi ghabháil i dtaca leis an eachtra.
Agus ní hé seo an chéad uair a tugadh íde béil do Healy-Rae. Bhí agóid ar siúl lasmuigh de Theach Laighean in 2023 agus, nuair a tháinig Healy-Rae amach, thosaigh cuid den slua ag caitheamh maslaí leis.
Agus é ag siúl síos Sráid Chill Dara, lean roinnt den drong mhallaithe é agus b’éigean do na Gardaí cabhair a thabhairt dó éalú uathu. Sciobadh fón Healy-Rae an lá céanna.
Agus tar éis an mhéid a tharla le linn na míosa seo, chonaic mé físeán eile de Healy-Rae ag iarraidh sráid a thrasnú sa phríomhchathair agus slua ag plódú timpeall air ag béiceadh agus ag cur ina leith gur fealltóir a bhí ann.
Seo cuid den teanga a úsáideann an dream a dtugann tírghráthóirí orthu féin chun a naimhde a dhíspeagadh agus a chur faoi chois. É sin agus manaí frith-inimirce ciníocha a spalpadh ar líne agus go poiblí.
Go dtí Covid is beag den stuif sin a bhí le feiceáil i saol na hÉireann agus, faraor, ó 2020 ar aghaidh tá an claonadh seo i saol poiblí na tíre ag éirí níos nimhní bliain i ndiaidh bliana.
Ar ndóigh, tá sé ina scáthán ar na hathruithe suntasacha atá tarlaithe i ndreach na polaitíochta san Eoraip le glúin anois. Go dtí, b’fhéidir, deich mbliana ó shin bhí páirtithe ón eite dheas (iad siúd ag iarraidh inimircigh a dhíbirt) imeallach sa pholaitíocht. Bhíodar i gcónaí sách láidir i dtíortha cosúil leis an bhFrainc ach ní raibh aon seans acu cumhacht a bhaint amach.
Ach nuair a thosaigh an t-éirí amach go léir sa Mheánoirthear agus nuair a thosaigh na milliúin teifeach ag taisteal chun na hEorpa ag lorg cosanta, is ansin a chonaic muid athrú ag teacht ar mheon daoine áirithe ina leith.
De ghnáth leis hinimirce is go dtí na háiteanna is boichte a théann an pobal nua chun cónaí. Agus ní nach ionadh go mbreathnaíonn an pobal seasta sna ceantair sin go doicheallach ar an lucht atá tar éis teacht isteach. Úsáideann páirtithe agus grúpaí frith-inimirice an teannas sin ar mhaithe leo féin.
Níl na páirtithe de chuid na heite deise imeallach a thuilleadh san Eoraip. Tá roinnt acu i gcumhacht anois agus roinnt eile cóngarach do bheith sa rialtas - go háirithe sa Ghearmáin agus sa Fhrainc. Dealraíonn sin go bhfuil na teachtaireachtaí crua (agus ciníocha i gcásanna áirithe) ag dul i bhfeidhm ní hamháin ar dhream beag, ach ar sciar maith den daonra.
Agus tá sé ag tarlú in Éirinn chomh maith, diaidh ar ndiaidh, cé gur ar an imeall atá na páirtithe agus polaiteoirí den chlaonadh sin fós.Ach is léir nach eisceacht í an tír seo. Feicfimid na hathruithe san Eoraip agus sa Bhreatain ag tarlú in Éirinn amach anseo. Níl mé ag rá go bhfeicfimid páirtí den chineál sin sa rialtas. Ach feicfimid iad ag cur go mór lena lucht tacaíochta agus lena dtionchar.
Bhí mé ag breathnú siar ar eachtraí agus ionsaithe cosúil leis an méid a tharla do Healy-Rae. Ní tharlaíonn siad go rialta ach ní tharlaíonn siad go hannamh ach oiread.
Bhí cásanna coiriúla a d’eascraigh ó bhagairtí a rinneadh ar an Tánaiste Simon Harris agus a chlann; ionsaí a rinneadh ar Roderic O’Gorman, ceannaire an Chomhaontais Ghlais; agus bagairtí a rinneadh ar Helen McEntee nuair a bhí sí ina hAire Dlí agus Cirt.
Bhí sé deacair breathnú ar an bhfeannadóireacht nimhneach ó dhaoine gan ainm a cuireadh suas mar ráitis ar shuíomh meán sóisialta Helen Ogbu, iarMhéara na Gaillimhe, le linn na bliana. Bhí cuid de déisteanach ar fad.
Go dtí cúpla bliain ó shin, ní raibh drogall ar pholaiteoir ar bith sa tír seo - Taoiseach an lae san áireamh - dul i measc an phobail in aon áit. Ach tá sin athraithe, faraor, agus sa lá atá inniu ann ní dóigh liom go bhfuil an dara rogha ag polaiteoirí ach a bheith ar a n-airdeall maidir le hionsaithe. Sin é an saol ina maireann muid.
Agus dá dheasca sin, tá athrú tagtha ar an mbealach a smaoinímid ar ár sochaí. Caithfimid athbhreithniú a dhéanamh ar an tuairim go bhfuil Éire ina tír shábháilte do chách.
Mar is léir dúinn uilig nach amhlaidh atá an scéal níos mó. Níl aon amhras ach go bhfuil an saol poiblí in Éirinn i bhfad níos duairce na laethanta seo.














