Is ag an bhféile phobail Aon Scéal i gCiarraí Theas atáim nuair a chuirim glaoch ar an amhránaí Astrálach Angie McMahon, a bhfuil seal á chaitheamh aici i gCill Mhantáin roimh cheolchoirm SIRENS, léiriúchán de chuid Sounds From a Safe Harbour (SFSH), in éindí le bancheoltóirí eile. Táimid beirt ag déanamh machnaimh mar sin ar mheitheal, agus ar chaidrimh a chothú trí na taibhealaíona. Agus is mé atá sásta nuair a thosaíonn sí ar reacaireacht maidir lena céad teagmháil le SFSH i gCorcaigh anuraidh: “Inseoidh mé scéal duit!”
“D’aithin mé go raibh uaim tuilleadh ama a chaitheamh in Éirinn. Mhol cara liom an Blind Boy Podcast, le cabhrú liom cuid den mhian a bhí ionam foghlaim faoi m’oidhreacht nó cibé rud. Tá eagrán iontach faoi mhiotaseolaíocht na hÉireann agus faoin traidisiún réamh-Chaitliceach. Cuid den drogall a bhí orm m’oidhreacht a fhiosrú ná go raibh tógáil Chaitliceach agam, ach ní Caitliceach mé a thuilleadh, mar sin níor mhian liom dul ag tochailt. Ach mhol sé ‘no, díreach téigh níos faide siar!’ Labhair Billy [Mag Fhlionn] ar an bpodchraoladh faoi shearmanais, agus na raves págánacha a eagraíonn sé… Agus mar dhuine nach bhfuil eaglais acu níos mó, ach a lorgaíonn sólás spioradálta agus deasghnátha, nár bhreá liom freastal ar pagan rave lá éicint! Thart ar an am céanna, tugadh cuireadh dom freastal ar SFSH. Labhair mé le Mary Hickson [eagraí na féile] a dúirt “Ó, Billy, beidh ár searmanas oscailte á reáchtáil aige: tá sé chun pagan rave a eagrú dúinn!”
Ceapaim go raibh ballaí in airde agus mé ag ceangal le mná eile. Is deas cuireadh a thabhairt don bhandáil teacht isteach i mo shaol arís.
Ní hamháin sin ach gur chruthaigh Billy feisteas ar leith d’Angie. Ós rud é gur ó fhocal eile ar bhéar a thagann an sloinne McMahon, bhronn sé béar uirthi lena chaitheamh: “béar! - actual, real roadkill béar! Bhí sé an-trom! Agus bhí am den scoth agam!”
Caithfidh sé go bhfuil sé spéisiúil aithne a chur ar chultúr a bhfuil aithne as an nua á cur aige air féin.
READ MORE
“Táim ag baint sult as bheith i m’fhinné. Táim ag foghlaim a thábhachtaí is atá cultúr dúchasach. Is leanbh ar an aistear seo mé, ach ceapaim gur athbheochan dhúchasach atá á feiceáil againn. Agus mar a bhí á rá againn, tá an Ghaeilge nasctha leis an saol nádúrtha, agus filleann gach rud ag deireadh an tsaoil ar an ngéarchéim aeráide. Measaim san Astráil go bhfuil muid ag tuiscint cé chomh tábhachtach is atá an cultúr dúchasach, agus cé chomh tábhachtach atá sé an fheasacht faoina chosaint freisin.”
Bíonn an comhshaol agus an cneasú - cneasú anama, aeráide, mothúchán - mar chroíthéamaí i gceol Angie i gcónaí. Is léir ó bheith ag labhairt léi gur léiriú é a saothar ar an gcineál duine atá inti. Tá sí machnamhach ina freagraí agus tá fiosracht agus cineáltas soiléir sna tuairimí a léiríonn sí. Cuireann sé iontas orm a chloisteáil gur dúshlán di comhoibriú scaití, toisc drogall a bheith uirthi scaoileadh le smacht i suíomhanna áirithe. Ach tá sin á chneasú freisin, a deir sí, agus deis chneasaithe anois í SIRENS.

“D’fhreastail mé ar scoil Chaitliceach do chailíní, bhí mé timpeallaithe ag mná amháin, a bheag nó mór, le linn mo laethanta scoile. Mothaím go bhfuil rud éicint mar gheall air sin ba mhian liom a chneasú fós. Níl sé curtha i bhfriotal agam ach ní raibh mé i dtiúin le m’aiteacht ag an am, níor thuig mé diansmacht an Chaitliceachais i mo shaol, ná an náire a bhí á hiompar agam. Ceapaim go raibh ballaí in airde agus mé ag ceangal le mná eile. Is deas cuireadh a thabhairt don bhandáil teacht isteach i mo shaol arís.”
Is ceiliúradh ar ghlór na mban é SIRENS, a thugann cuireadh do bhancheoltóirí amhráin aitheanta agus nua a chur chun ardáin.
“Is maith liom ceol a chasadh le fir, agus is bealach é bacanna inscne a shárú - an teanga uilíoch seo. Ach nuair a bhí deis agam ceol a chruthú gan fir i láthair, mhothaigh sé éagsúil i gcónaí.” Is beag líon na ndeiseanna seo in earnáil a bhfuil i bhfad níos mó fear ná mná ann fós. “Nuair a shiúlann tú isteach i stiúideo, beidh fear ag obair ann, seachas má dhéanann tú an-iarracht a mhalairt a chur i bhfeidhm.” Insíonn sí scéal faoi sheisiún taifeadta le cór ban, agus gurbh é an chéad uair dóibh ar fad a bheith i stiúideo gan fear i láthair. Bhain sé deora aisti ag an am.
“Ba chloch mhíle speisialta é sin: deis smaointe agus taithí chomhroinnte a chur i láthair ar bhealach nach gá a mhíniú ná a cheistiú toisc gur scéal comhroinnte é. Tá armóin agus dlúthpháirtíocht ann i measc na mban.”
“‘Antidote’ - sin an focal foirfe. Sin atá á lorg agam. Leigheas, agus balsam, agus an rud atá suaimhneach. Agus yeah, amhránaíocht le mná eile. Déanfaidh sé sin é. Leigheasfaidh sé sin mo néarchóras.”
Beidh Angie ag casadh le Lisa Hannigan, Theodora Byrne Ensemble agus bancheoltóirí eile ag SIRENS sa gCeoláras Náisiúnta, Dé Sathairn an 26 Meán Fómhair, agus ar Inis Oírr, i Londain Shasana agus in Donostia/San Sebastián Thír na mBascach chomh maith.
Foclóir:
reacaireacht = narration/storytelling
taibhealaíona = performing arts
deasghnátha = rites, rituals
drogall = reluctance
cneasú = healing
cloch mhíle = milestone
feisteas = outfit, costume
dlúthpháirtíocht = solidarity











