Agus an Ardteist ag druidim léi, bhí gach cosúlacht ar an scéal go raibh níos mó ná buille faoi thuairim ag Leah Nic Dhonnacha faoin ngairm a leanfadh sí tar éis di an mheánscoil a chríochnú.
Bhí beirt deirfiúracha léi ag dul le haltranas agus in éineacht leis sin, bhí a máthair ag obair mar chúntóir cúraim sláinte. An bhliain sula ndearna Leah an scrúdú Ardteiste, d’éirigh lena máthair féin áit a fháil ar chúrsa céime altranais i nGaillimh, mar mhac léinn aibí.
“Bhíodh mo mháthair ag obair mar chúntóir cúraim sláinte agus ag dul isteach i dtithe na ndaoine aosta agus ag tabhairt cúnaimh dóibh,” arsa Leah.
“Bhí an-suim aici i gcónaí dul leis an altranas ach ní bhfuair sí riamh seans go dtí sin.”
READ MORE
Bhí sé socraithe. Ní raibh aon dul siar ann do Leah. Bhí sí chun a teaghlach féin a leanúint isteach sa ghairm.
Agus chun an fhírinne a rá, sin a bhí uaithi.
“Is é an paisean a bhí agam i gcónaí ná cabhrú le daoine,” a deir Leah.
Nuair a bhí sí níos óige fuair sí féin agus a cairde deiseanna breathnú ar shaothar na foirne san ospidéal agus is cinnte gur réitigh an obair a bhí á déanamh acu go maith léi.
“Tá ceathrar againn sa chlann againne ar an mbóthar chun a bheith inár n-altraí. Tá beirt deirfiúracha agam atá cáilithe agus tá mo mham agus mé féin ag traenáil faoi láthair.”
Anois agus í 19 mbliana d’aois tá Leah ag déanamh céim san eolaíocht, is é sin san altranas ginearálta, in Ollscoil Teicneolaíochta na Sionainne i mBaile Átha Luain. Tá sí díreach tar éis an chéad bhliain a chríochnú.
Ach tá níos mó ná cloch amháin ar a paidrín. Tá an Ghaeilge agus saol na Gaeltachta fite fuaite ina saol.
“Rugadh agus tógadh mé i gcroílár na Gaeltachta anseo i gConamara i gCamas Uachtar,” a deir sí.
“Chuaigh mé go dtí an Scoil Chuimsitheach ar an gCeathrú Rua agus rinne mé an Ardteist go hiomlán trí Ghaeilge.”
Chas an dá shaol ar a chéile le scéim scoláireachta a d’eagraigh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, Údarás na Gaeltachta agus an Roinn Forbartha Tuaithe, Pobail agus Gaeltachta.
Tá an scéim ar an bhfód le roinnt blianta anois. Cúpla seachtain ó shin bronnadh scoláireachtaí 2026 ar chúigear mac léinn.
Tá na scoláirí i mbun staidéir ar an leigheas agus ar an altranas ginearálta, agus tá nasc láidir acu go léir lena bpobail Ghaeltachta.
Chomh maith le Leah, tá Colm Ó hEartáin ó Chorca Dhuibhne, Co. Chiarraí atá ag déanamh staidéar ar an leigheas in Ollscoil na Gaillimhe; Éilis Ní Ruiséil, ó Ghort an Choirce, Co. Dhún na nGall atá i mbun leighis in Ollscoil Luimnigh; Colm de Buitléar, ón gCeathrú Rua, i gConamara atá ag gabháil don leigheas in Ollscoil Luimnigh; agus Síona Ní Chonghaile, ó Inis Mór, Árainn atá ag déanamh staidéar ar an altranas ginearálta san ATU i Sligeach.
An bunsmaoineamh taobh thiar den scéim ná tacaíocht a thabhairt do mhic léinn ón nGaeltacht agus iad fós i mbun oiliúna. Cabhraíonn an scéim le cumas na seirbhísí sláinte freastal a dhéanamh tríd an nGaeilge ar phobail Ghaeltachta sna blianta atá le teacht.
An bua is mó faoi oibrithe proifisiúnta sláinte a bhfuil Gaeilge ar a dtoil acu ná go mbeidh muintir na Gaeltachta in ann an tseirbhís a fháil ar bhealach atá nádúrtha dóibh.
Is fiú €4,000 an scoláireacht in aghaidh na bliana.
Cén chaoi a bhfuair Leah amach faoin scéim?
“Tháinig ríomhphost chun a rá gur chóir do dhuine ar bith arb as an nGaeltacht dó agus atá líofa sa Ghaeilge agus ag freastal ar an ollscoil i gcúrsa sláinte cur isteach air.
“I mo chloigeann bhí mé ag ticeáil na mboscaí uilig,” a deir sí.
An coinníoll is tábhachtaí ná go n-oibríonn an duine i gcúram sláinte atá ar leas na Gaeltachta ar feadh trí bliana.
Ní raibh aon deacracht ag Leah leis sin. “Duine áitiúil cosúil liom féin — sin atá á dhéanamh agam cheana féin. Bhí mé chun é seo a dhéanamh ar aon nós. Tá súil agam obair san ospidéal i nGaillimh agus tá sé sin ar leas na Gaeltachta."
An bua is mó faoi oibrithe proifisiúnta sláinte a bhfuil Gaeilge ar a dtoil acu ná go mbeidh muintir na Gaeltachta in ann an tseirbhís a fháil ar bhealach atá nádúrtha dóibh.
“Rugadh agus tógadh mé leis an nGaeilge mar an chéad teanga. Bíonn sé agat. Níl drogall orm ar chor ar bith a bheith ag obair mar sin,” a deir Leah.
Rud ar leith faoin gcúrsa altranais ná go raibh uirthi na téarmaí Béarla go léir a fhoghlaim mar gur i nGaeilge amháin a d’fhoghlaim sí féin iad.
“Rinne mé an t-ábhar bitheolaíochta trí Ghaeilge mar sin bhí an bhunthuiscint agat ar an gcolainn agus ar chuid de na rudaí a dhéanann tú agus tú ag dul isteach leis an altranas,” arsa Leah.
“Ar thaobh amháin bhí sé go maith mar an tuiscint a bhí agam i nGaeilge bhí sí agam i gceart. Ach ar an taobh eile de bhí orm é a fhoghlaim go léir arís trí Bhéarla.
“Ní raibh sé chomh dona sin. Fuair mé cleachtadh air an-sciobtha. Ní raibh ann ach na focail Bhéarla a fhoghlaim.”
Creideann sí go dlúth sa nasc idir a gairm agus a teanga dhúchais.
“Ceapaim go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach go bhfuil ceangal ag na seirbhísí sláinte leis an nGaeilge.
“Tá sé deacair a thuiscint ach tá neart de mhuintir Chonamara sna haoiseanna aosta nach bhfuil acu ach Gaeilge agus beagán Béarla.
“Is maith an rud é gur féidir leo siúd dul isteach agus na seirbhísí sláinte a fháil, agus cumarsáid a dhéanamh, ina dteanga dhúchasach féin.
“Má tá siad tinn, nó ag fáil drochnuachta, má tá siad ag fáil an eolais ina dteanga dhúchasach féin, tabharfaidh sé compord dóibh. B’fhéidir go mbeidh beagáinín níos mó tuisceana acu.”
Tá Leah ríméadach faoin scoláireacht agus na féidearthachtaí nua atá ar fáil do mhic léinn óga cosúil léi féin.
“Tá sé iontach i ndáiríre. Ní hamháin go bhfuil sé ag tabhairt cúnamh do scoláirí sa Ghaeltacht ach tá sé ag cur na Gaeilge chun cinn. Is dócha gur sin í an sprioc atá againn uilig, an Ghaeilge a chur chun cinn san earnáil sláinte.”













