Ba mhaith liom inniu súil a chaitheamh ar fhocail a chuireann in iúl go bhfuil daoine nó nithe ceangailte nó buailte ar a chéile. Is iomaí bealach ina dtarlaíonn ceangal mar seo ag cur síos ar chúrsaí oibre, ar na huirlisí a bhíonn in úsáid is araile. Chomh maith leis sin, is minic a dhéanann na focail cur síos ar ghnéithe aiceanta tíre - rud a fhágann go mbuaileann muid leo i gsccruth eile b’fhéidir agus muid ag taisteal na tíre. Cuid eile de shaibhreas an chultúir seo againne an méid sin agus is maith atá sé fite isteach inár saol agus inár n-iompar laethúil.
Is iomaí bealach leis an fhocal ceangal a úsáid nach rithfeadh leat ar an chéad amharc. Seo cuid acu (a) bhí pian i gceangal na leise. Is ionann sin agus gur bhuail pian duine éigin san áit a dtigeann an chos agus an chorróg/scoróg le chéile agus fágtar an duine bacach nuair a bhíonn sé ag siúl. Ansin deirtear (b) tá sé/sí ceangailte san ucht – is ionann sin agus a rá go bhfuil drochchasachtach ar an duine agus gur thíos san ucht atá sé – níl de réiteach air go minic ach tarraingt ar an dochtúir. Is minc fosta a chluinfeá daoine ag rá (c) tá tú ceangailte agus is é an chiall a bhíonn acu leis go bhfuil tú san fhaopach nó i gcruachás amhail an leagan Béarla ‘you are snared’.
’Nascaire’ an t-ainm a bhí acu ar an duine a níodh an nascadh seo. Bhíodh an t-ainm céanna acu ar dhaoine a bhíodh ag déanamh nó ag cóiriú slabhraí…
Tá gaol ag an fhocal seo leis an fhocal Laidine cingulum a chiallaíonn ‘ceangaltán’ nó a leithéid. Níor chuala mé gur iasacht ón Laidin é ach d’fhéadfadh a leithéid a bheith amhlaidh. Tá an bhunbhrí atá leis agus ceangal an-chosúil chéile.
Is maith mar a níodh na seanchaithe úsáid a bhaint as an fhocal ceangal nuair a bhíodh siad ag cur síos ar throid a bhíodh ar siúl arbh é a dheireadh go gcuireadh an buaiteoir ceangal ar a chomrádaí nach bhféadfadh sé éalú as go ceann tamaill. ‘Chuir sé ceangal na gcúig gceangal daor, daingean, dochrach air’ agus d’fhág ansin é.
READ MORE
Is minic a bhíonn malartú idir ceangalta agus ceangailte – rud atá coitianta sa teanga le fada riamh. Cluinfidh tú daoine ag rá capall ceangalta agus is é an chiall ‘harnessed’ a bhíonn acu leis. Tá an leagan cainte crios agus ceangal ann fosta sa ráite tá crios agus ceangal air ‘He is wearing a girdle’. Bhíodh caint mar seo ann fosta – bhí slat cheangail orthu – is é sin bhí siad abair caoirigh, muca is araile ceangailte ar a chéile le slat nó slatacha a mbíodh lúbóga ar leith orthu.
Baintear úsáid go leor as an fhocal nasc sa ríomhaireacht agus i dteicneolaíochtaí eile sa lá atá inniu ann le ceangal a chur in iúl. Ach bhíodh úsáid phraiticiúil eile leis go dtí le gairid anuas. Bhain an úsáid seo le ceangal a chuirtí ar ainmhithe a bhítí a thabhairt ar aonach nó go háit i bhfad ó bhaile agus chuirtí ina bpéirí iad agus nasc a thugtaí ar an cheangal a bhíodh eatarthu. Chuidíodh an nasc seo leis an té ar leis iad, na hainmhithe a choinneáil ó bheith ag imeacht nó ag éalú isteach i ngach bearna nó páirc a bhíodh ar thaobh an bhealaigh mhóir. Nascaire an t-ainm a bhí acu ar an duine a níodh an nascadh seo. Bhíodh an t-ainm céanna acu ar dhaoine a bhíodh ag déanamh nó ag cóiriú slabhraí – chainmaker as Béarla.
Ó tharla ag caint ar ainmhithe agus nascanna muid, rachaidh muid anois ag plé leis an fhocal cuing atá fairsing go leor sa teanga agus in áitainmneacha. Is ionann ciall do cuing agus do nasc agus tugtar go minic ar phíosa cúng nó muineál talaimh é a bhíonn go minic idir dhá uisce. Is ionann ciall fosta do cuing agus don fhocal Béarla yoke. Sa tseanam thugtaí cuing seisrí ar shé cinn de chaiple a bhíodh ag obair nó ag treabhadh le chéile. Is ón dá fhocal seisear/seisir + each an focal Gaeilge seisreach an gnáthfhocal ar plough an Bhéarla. Is ionann each agus capall.
Críochnóidh mé an t-alt gairid seo anois trí thagairt a dhéanamh d’úsáidí eile de cuing a bhfuil brí beagán éagsúil leo - Tá siad fá/faoi chuing = Tá siad faoi smacht, mar a bhíonn ainmhí a bheadh faoi chuing. Chuaigh siad faoi chuing an phósta – agus arís eile is dócha go bhfuil tagairt anseo do bheith faoi smacht ag coinbhinsiúin ar leith a leanann an pósadh.
Foclóir
Amhlaidh = Thus, so
Bearna = Gap
Ceangaltán = A binding
Corróg/Scoróg = Hip
Fite =Woven
Faopach = Difficulty
Gnéithe Aiceannta = Natural Features
Leis = Thigh
Lúbóg = A small loop
Rith le = Occur to














