Beocht as an úr sna seanamhráin i gcónaí

Is in Albain a rugadh Diane Cannon ach tógadh í i Mín na Lárach i nDún na nGall ó bhí sí ina girseach. Labhair Michelle Nic Pháidín léi faoina gairm, faoin tóir atá ar na seanamhráin agus faoina halbam nua a eiseofar níos déanaí i mbliana.

Diane Cannon i bhFánaid, Co. Dhún na nGall. Grianghraf: Joe Dunne
Diane Cannon i bhFánaid, Co. Dhún na nGall. Grianghraf: Joe Dunne

“Ní hionann na foinn i seanamhráin thraidisiúnta na dtíortha Ceilteacha éagsúla, ach is ionann scéalta agus téamaí na n-amhrán go minic,” a dúirt Diane Cannon.

Is beag duine i saol an cheoil nach bhfuil aithne acu ar an cheoltóir aitheanta seo as Tír Chonaill. Tá sí ag ceol ó bhí sí ábalta a dhá cos a chur fúithi. Chaith sí formhór an ama sin ar an stáitse - i dtús báire lena hathair, John Cannon, agus ina dhiaidh sin le ceoltóirí cumasacha eile. Bhí ceol go smior ina seantuismitheoirí, agus bhí a huncail, Francie Diver, ina bhall de bhanna ceoil Margo.

Le blianta anuas, tá Diane tar éis an domhan a shiúl, ina haonar nó i dteannta ceoltóirí eile. Tá a croí casta sa cheol agus sna hamhráin thraidisiúnta agus sa stair a bhaineann leo, agus deir sí go bhfuil dúil ag go leor daoine sna ceisteanna céanna.

“Is maith le daoine cúlra agus stair na n-amhrán. Bíonn daoine Ceilteacha i gcónaí ag iarraidh eolas faoi fhréamhacha na n-amhrán—cárbh as dóibh, cén scéal atá leo, agus go minic bíonn cosúlachtaí ann. Is é an nasc céanna atá eadrainn, agus feictear sin go soiléir sna hamhráin agus sna scéalta.

Is cuma cá háit a bhfuil tú ar dhroim an domhain, bíonn sé suimiúil go bhfuil na scéalta agus na cosúlachtaí sin eadrainn. Níl mórán stíleanna eile amhránaíochta ann ina dtugann na hamhráin siar chomh fada sin thú.

“Is cuma cá háit a bhfuil tú ar dhroim an domhain, bíonn sé suimiúil go bhfuil na scéalta agus na cosúlachtaí sin eadrainn. Níl mórán stíleanna eile amhránaíochta ann ina dtugann na hamhráin siar chomh fada sin thú. Bíonn go leor amhrán á gcumadh as an úr sa lá atá inniu ann, agus sílim gur maith le daoine an stair dhomhain a bhaineann lenár gceol,” a dúirt sí.

Tá albam úr, Mín na Craoibhe, ar na bacáin ag Diane agus tá sí ag súil go mór leis. Chaith Diane deich mbliana i mBéal Feirste, agus le linn an ama sin bhí sí ag obair ar amhráin le Dónal O’Connor: “Shocraigh muid ag an am blas difriúil a chur ar an cheol. Fuair sé ceoltóirí as ceolfhoireann Uladh agus rinne muid cóiriú ar na hamhráin. Is maith liom i gcónaí amhráin áitiúla a úsáid, chomh fada agus a thig liom.”

Is le Ceolfhoireann Uladh a rinneadh cuid mhór den albam, agus is leis an cheoltóir Steve Cooney a rinneadh an chuid eile. Rinne Diane agus Dónal cóiriú ar amhráin eile ar nós ‘Seán Ó Duibhir a’ Ghleanna’ agus ‘Peadar Breathnach’, rud a fhágann go bhfuil fuaimeanna difriúla le cluinstin ó thús deireadh an albaim.

Le blianta anuas, tá Diane tar éis an domhan a shiúl, ina haonar nó i dteannta ceoltóirí eile.  Grianghraf: Joe Dunne
Le blianta anuas, tá Diane tar éis an domhan a shiúl, ina haonar nó i dteannta ceoltóirí eile. Grianghraf: Joe Dunne

“De bharr na héagsúlachta agus an tsaothair a bhain leis, thóg sé neart ama an t-albam seo a chur le chéile agus a chur amach,”arsa Diane. “Bhí sé deacair orm fios a bheith agam cén treo le dul leis, ach i ndiaidh dom labhairt le hEoghan Mac Giolla Bhríde, shocraigh muid leabhar a chur amach leis fosta.

“Tá mé ar mo shuaimhneas anois le leagan amach an leabhair sin, agus beidh a fhios ag daoine go díreach cad é atá i gceist leis na hamhráin, agus beidh scéal na n-amhrán ann chomh maith,” a dúirt sí.

D’éirigh go rí-mhaith leis an albam deireanach, Idir Mhuir agus Sliabh, saothar a ndearna Manus Lully scoth na hoibre air, a mhínigh Diane. Shaothraigh an t-albam aitheantas as cuimse di in Éirinn agus i bhfad i gcéin.

“Bhí a fhios agam ón leabhrán a bhí agam leis an chéad albam go raibh suim mhór ag daoine san eolas a chuaigh leis. Chuir mé obair mhillteanach isteach sa leabhar, agus ag an am chuidigh Lillis Ó Laoire liom, nó bhí Cló Iar-Chonnacht ag iarraidh go mbeadh focail na n-amhrán, píosa den chúlra leo, agus aistriúchán Béarla lena dtaobh. Luaigh oiread daoine liom an sult a bhain siad as an leabhar bheag sin, agus sin an chúis ar chuir mé ceist ar Eoghan leabhar a chur leis an albam úr.

“Athraíonn an leabhar le stíl an amhráin agus le scéal an amhráin. Fuair muid Jesse Smith le píosaí ealaíne a chur leis na hamhráin. Seanamhráin atá iontu den chuid is mó, agus tá sé sin i ndiaidh cineál casadh nua-aimseartha a chur leo. D’oibrigh an leabhar go maith; tá pictiúir d’íomhánna nua-aimseartha ann ag insint scéalta ón tsean-am.”

Tá ceangal láidir ag Diane le ceoltóirí na hAlban, agus tá siad ag obair ar albam le chéile i láthair na huaire. Is in Albain a rugadh Diane ach tógadh í i Mín na Lárach i nDún na nGall ó bhí sí ina girseach óg.

Feictear do Diane nach bhfuil an cineál céanna ráchairte ar dhlúthdhioscaí na laethanta seo. “Dúirt duine liom nach raibh i ndlúthdhiosca ach cárta gnó costasach, agus sílim go raibh an ceart acu.”

Dúirt sí go bhfuil go leor daoine ag díriú ar shingil a chur amach ó am go ham. Tá saol an cheoltóra ag athrú i rith an ama, agus dar léi go bhfuil níos mó seans ann go dtabharfaidh duine éigin aird ar fhíseán ar na meáin shóisialta in áit suí siar agus éisteacht le halbam iomlán. “Tá fóin agus rudaí mar sin ag tógáil ár n-airde i rith na hama,” ar sise.

Diane Cannon: Gheobhaidh daoine a gcéad bhlas den albam nua, Mín na Craoibhe, ag Féile an Earagail níos déanaí i mbliana. Grianghraf: Joe Dunne
Diane Cannon: Gheobhaidh daoine a gcéad bhlas den albam nua, Mín na Craoibhe, ag Féile an Earagail níos déanaí i mbliana. Grianghraf: Joe Dunne

Dúirt sí go raibh níos mó suime ag daoine sna seanamhráin: “Gheobhaidh tú cluas duine ar dtús nuair a chuireann tú cóiriú úr ar sheanamhrán. Níl duine ar bith ag dul díreach isteach ag cuardach seanamhrán ó na céadta bliain ó shin. Cuirfidh tú an t-amhrán ar fáil ar dtús, agus ansin rachaidh siad féin ar thóir na fréimhe,” a dúirt sí.

Gheobhaidh daoine a gcéad bhlas den albam Mín na Craoibhe ag Féile an Earagail níos déanaí i mbliana.

Foclóir:

i dtús báire = firstly

ina haonar = on her own

fréamhacha = roots

leabhrán = booklet

ceolfhoireann = orchestra

íomhánna = images

ráchairt = demand