Pádraig, grá na nGael?

Is in Agallamh na Seanórach atá formhór na scéalta agus na ndánta atá againn mar gheall ar Fhionn agus na Fianna.

Is inniu féin a bheidh Pádraig, mórnaomh na hÉireann, á chomóradh le seamróga, le piseoga, le plaistic is le Paddaíochas ar fud an domhain.
Is inniu féin a bheidh Pádraig, mórnaomh na hÉireann, á chomóradh le seamróga, le piseoga, le plaistic is le Paddaíochas ar fud an domhain.

Is inniu féin a bheidh Pádraig, mórnaomh na hÉireann, á chomóradh le seamróga, le piseoga, le plaistic is le Paddaíochas ar fud an domhain, nó ar a laghad sna háiteanna sin inarbh éigean dár muintir teicheadh de dheasca gorta, plá, cinedhíothú, bás, scrios, leatrom, easpa cothromaíochta agus an stuif sin ar fad a thugann ar dhaoine teicheadh ó áit go háit. Is fíor gur mar sclábhaí nó mar oibrí faoi dhiantéarmaí fostaíochta (mar a déarfaí inniu) a tháinig sé chugainn i dtosach, agus gur mar mhisinéir ag craobhscaoileadh tuiscintí eachtrannacha Gallda a thuirling sé inár measc an dara huair cé nárbh iad an Córán i láimh amháin agus bagairt eacnamaíochta sa láimh eile na roghanna a leag sé faoinár mbráid.

Bíodh sin mar atá, b’éigean do dhuine éigin bolscaireacht a scaoileadh mar gheall ar an eachtrannach seo a tháinig inár measc as tír isteach gan chuireadh gan iarraidh, agus déanadh é sin go binn ag tarraingt as cuntais bhéil sa chéad áit, mar a dhein Muirchú agus Tíreachán ní foláir sa dara leath den tseachtú haois. Cuntas níos iomláine atá in Bethu Phátraic / Beatha Phádraig a cumadh c.900, rud a fhágann gur dócha go bhfuil cuntas níos fíre agus gan a bheith níos bréagaí ar Phádraig againn ná mar atá ag an saol ar Mhaois in ainneoin Charlton Heston.

Ní cuntas ró-Chríostúil atá in go leor den trácht sin, óir is amhlaidh go smísteann Pádraig inchinn Lochrú amach ar an mbán mar a bheadh leite liath nuair a chuireann an draoi sin ina choinne sa chéad aighneas idir an dá chreideamh, agus is léir gur bhain sé comórtais úd na draíochta a chuir le neart a sheasaimh féin. Na cuntais scríofa sin atá againn, agus a chuid faoistine féin le leithscéalta san áireamh, is iad is túisce mar chuntas scríofa atá againn ar phearsa arbh ann dó gan amhras anonn sa chúigiú haois in iarthar na hEorpa ar fad. Duine ar bith a léann a chuid focal féin tá seans go gcuirfidís scanradh air. Rud sceimhliúil is ea a chreideamh diongbháilte go bhfuil an ceart go hiomlán aige is gan pioc na giob dá amhras air.

Ní cuntas ró-Chríostúil atá in go leor den trácht sin, óir is amhlaidh go smísteann Pádraig inchinn Lochrú amach ar an mbán mar a bheadh leite liath…

Díospóireacht mhór de chuid staraithe na tréimhse sin is ea chomh mear nó chomh mall is a shíothlaigh an seanchreideamh, creideamh Lugh agus Lir agus Ogma agus Macha. Níl aon amhras ná gur imigh as i measc an aosa liteartha tapaidh go leor, óir b’iad a thug an scríbhneoireacht Laidineach chugainn agus a bhreac an stair. Ach ní foláir nó gur thóg sé tamall níos faide i measc an aosa bhoicht, b’é sin formhór an phobail, an t-aos nach raibh acu ach béaleolas na sean, caint na muintire.

Ní fios arbh é sin faoi dear do Phádraig féin a bheith ábhairín faoina chosaint, faoi amhras féin, sa litríocht b’fhairsinge i measc an phobail ar feadh míle bliain, is é sin litríocht na Féinne. Is é Agallamh na Seanórach an cuntas is iomláine atá againn ar an litríocht sin agus glactar leis gur cumadh nó gur cuireadh le cheile timpeall ar an mbliain 1200 é. Bíodh sin mar atá, tá cuntais againn ar chuid de na scéalta ann ón 10ú haois, agus baineann an t-ábhar le himeachtaí roimh theacht Phádraig go hÉirinn nuair a bhíomar inár bPágánaigh sona gan cheist mar thráilleanna is mar sclábhaithe sula raibh aon chaint ar na Bráithre Críostaí ná ar pháistí a bhualadh.

Is in Agallamh na Seanórach atá formhór na scéalta agus na ndánta atá againn mar gheall ar Fhionn agus na Fianna. Tá sé deacair inniu teacht ar aon leagan inléite don ghnáthphobal, cé gur chuir Padraig de Barra leagan athchóirithe de ar fáil mar Agallamh na Seanóirí (FNT 1984), agus gur dhein Niall Ó Dónaill iad a athscríobh go fileata Ultach in Seanchas na Féinne (An Gúm) atá i gcló fós, go bhfios dom. Beidh cuimhne ag daoine eile, áfach, ar na laoithe Fiannaíochta, arbh iad an chuid is greanta den litríocht seo iad agus a bhíodh ar chúrsaí scoile go dtí gur ceapadh nach bhféadfadh daltaí aon rud nár bhain leis an aimsir láithreach a thuiscint.

Cuid mhór de na laoithe sin ba ea an t-aighneas idir ar mhair den Fhéinn agus den phágántacht ar leith amháin agus an creideamh nua ar an leith eile. Ní fios in aon chor, agus ní bheidh a fhios a choíche, an bunús fírinneach stairiúil a bhí leis an gcoinbhleacht seo, nó an amhlaidh gur tróp filíochta amháin a bhí ann. Gan seasamh róshocair ar an gclaí is ródhocha gurbh é an dá rud a bhí i gceist.

B’í an Fhiannaíocht seo litríocht na ndaoine ar feadh breis mhaith agus míle bliain. Níl aon insint amháin uirthi in ainneoin cheannas an Agallaimh agus na Laoithe. Ní cúrsaí iontais mar sin go gcuimseodh sé gach saghas duine agus tuisceana. Agus mar sin, ní cúrsaí iontais é nár laoch é Pádraig in intinn cháich. Is é port atá ag Oisín a chasann leis tar éis dó filleadh as Tír na nÓg ná nach raibh aon ghá le maitheasaí na Críostaíochta, óir b’é sin an creideamh cóir maidir le cearta de is a bhí ag na Fianna roimhe sin ar aon nós. Go deimhin, dá raghadh Dia agus a mhac Oscar chun troda agus dá mbeadh an lá le Dia d’admhódh sé go raibh Dia láidir.

Is féidir gur macalla é seo den aighneas idir an Chríostaíocht nua agus agus an tSeanphágántacht, nó den fhrithchléireachas a bhí riamh ann, nó go díreach nach bhfuil aon phobal is cuma cén sórt ar aon intinn riamh, a choíche ná go deo faoi rud ar bith.

Níos suimiúla ná sin, níorbh ainm é Pádraig a bhí coitianta i measc na nGael ar feadh fhormhór ár staire. Níor Phaddies i gcónaí sinn. Dúirt John O’Donovan i lár an 19ú haois: ‘I do not believe that Patrick as the name of a man is a hundred and fifty years in use’. Is cosúil ar nós na bhfrancach gur tháinig sé isteach leis na coilínithe nua agus gur leathnaigh uathu sin.

Pé ní mar gheall ar sin, má tá ainm Phádraig ag cúlú siar ar na hainmneacha is coitianta ar bhuachaillí agus ar chailíní sa tír níl aon éileamh ar Lochru mar ainm fós, an draoi úd ar chuir sé as dó chomh barbartha sin nuair a chéad theagmhaigh siad le chéile. Mar sin féin, tá ceol áirithe ag baint le Lochru Ó Laoire, nach bhfuil?

Foclóir:

piseoga = superstitions/charms, spells

seamróg = shamrock

gorta= famine

aighneas = dispute

cuntas = account

faoistin = confession

macalla = echo

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar