Tá Conradh na Gaeilge ag éileamh ar iarrthóirí fhothoghcháin Bhaile Átha Cliath Láir agus Ghaillimh Thiar tacaíocht a léiriú ar na ceisteanna is mó atá ag dó na geirbe do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta.
“Tá ceisteanna againn atá ábharach don dá Dáilcheantar agus beidh muid á gcur ar na hiarrthóirí,” a dúirt John Prendergast, bainisteoir abhcóideachta agus Tánaiste ar Chonradh na Gaeilge.
Tá Prendergast i bhfeighil Gaelvóta, feachtas stocaireachta an Chonartha a ardaíonn ceisteanna ábhartha le hiarrthóirí toghcháin. Labhair sé le Scéal ar imeall Tionól Cearta, cruinniú gníomhaithe teanga a reáchtáladh i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo caite.
Tá sé i gceist ag Gaelvóta sraith ceisteanna a chur faoi bhráid gach iarrthóra sa dá Dháilcheantar ina gcuimseófar ceisteanna ar théamaí ar nós an Gaeloideachas, dualgas reachtúil a leagadh ar Chomhairlí Contae i dtaobh caomhnú na Gaeilge, agus ceist tithíochta sa Ghaeltacht.
READ MORE
“Anseo i mBaile Átha Cliath Láir, gan dabht beimid ag caint ar chúrsaí maoinithe don Ghaelainn, ar an nGaeloideachas agus ar na héilimh atá againn ar réitigh chun teacht tríd an tsáinn sa chóras oideachais fé mar a bhaineann sé le múineadh agus le teagasc na Gaelainne.

“I nGaillimh Thiar tá muid ag breathnú ar roinnt de na ceisteanna céanna, cumas agus bá leis an nGaelainn, ceisteanna maoinithe agus, an gad is gaire don scornach, is é sin an géarchéim tithíochta sa Ghaeltacht.”
Tá sé mar aidhm ag an bhfeachtas na hiarrthóirí a chur “ag cuimhneamh agus ag machnamh ar luach na Gaelainne agus na Gaeltachta,” a dúirt sé.
“Tá sé tábhachtach go bhfuil na ceisteanna seo á gcur, go bhfuil deis ag na hiarrthóirí cuimhneamh ar a luachanna agus a gcleachtais féinig agus féachaint chun cinn go réadúil agus go praiticiúil ar na rudaí a dhéanfaidís agus iad toghta”.
Dúirt Prendergast go dtabharfar roinnt ama, “seachtain nó coicís”, do na hiarrthóirí chun na ceisteanna a fhreagairt sula bhfoilseofar na freagraí ar shuíomh an fheachtais.
I measc na n-ábhar eile a pléadh ag an gcruinniú gníomhaithe in Óstán Wynns Déardaoin seo caite, bhí fáinne fí na Gaeilge ó thuaidh, áit a bhfuil iarrachtaí an teanga a chur chun cinn de shíor faoi bhagairt dlí, an ghéarchéim maoinithe thuaidh agus theas agus na héilimh a dhéanfar roimh Cháinaisnéis 2027.
Ba léir go raibh fuadar faoin ngasra gníomhaithe a bhí i láthair. “Bhí an dlúthpháirtíocht le brath anseo inniu,” a dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí an Chonartha.
“Déarfainn go bhfuil fonn ar dhaoine dul i mbun gnímh - bíodh sé sin ag plé le polaiteoirí nó amuigh ar an tsráid freisin.”
Cé go ndúirt de Spáinn gur spreag agóid na bliana seo caite pobal na Gaeilge, nuair a ghlac suas le 20,000 duine páirt i mórshiúl i mBaile Átha Cliath ar son cearta teanga, cháin sé an teip pholaitiúil, mar a thug sé air, a spreag an pobal chun agóide.
“Is teip é gur gá dul i mbun agóidíochta ar rud ar bith a bhaineann leis an nGaeilge nó leis an nGaeltacht,” a dúirt sé.
“Má tá tú ag lorg Gaelscolaíocht i do cheantar agus mura bhfuil Gaelscoil ann, caithfidh tú dul i mbun feachtais - níl an Roinn Oideachais chun casadh timpeall agus Gaelscoil a thabhairt duit ar maidin.”
Dúirt sé go dtaispeánann stair ghluaiseacht na Gaelscolaíochta gur de thoradh “brú agus troid” a bunaíodh “nach mór gach uile scoil”.
“Cé go mbeadh an Roinn Oideachais breá sásta anois a bheith ag maíomh as an nGaelscolaíocht, ní hé gur chuir siad an Ghaelscolaíocht ar bun,” a dúirt sé.
“Ba cheart go mbeadh muid ag pleanáil i dtreo na rudaí seo ar bhonn struchtúrtha, uaillmhianach agus straitéiseach,” a dúirt sé.
“Ní gá dúinn ach breathnú ar an mBreatain Bheag, go raibh siadsan san áit chéanna is a bhíomar sna seachtóidí mar shampla ó thaobh cúrsaí Breatnaise sa scolaíocht, ach go bhfuil siad imithe go dtí an pointe anois go bhfuil 23% de dhaltaí ag freastal ar scolaíocht trí mheán na Breatnaise.
“Tá muidne ag 6%” a dúirt sé.
“Tá siad ag iarraidh uimhir na ndaltaí a mhéadú go 40% sa mBreatain Bheag - níl aon sprioc againne. Léiríonn sé sin go bhfuil an córas anseo i bhfad taobh thiar,” a dúirt sé.
“Mar ghluaiseacht aithníonn muid é sin agus tá muid ag brú le haghaidh athruithe móra agus uaillmhian mhór ón Rialtas. Inár dtuairim, bhí go leor polaiteoirí agus Airí a bhí báúil san am atá thart, ach tríd a chéile, níl na rialtais théis dóthain a dhéanamh – thuaidh nó theas – agus is gá dúinn dul i bhfeidhm orthu agus i bhfad Éirinn níos mó a dhéanamh.”
Dúirt de Spáinn go raibh sé i gceist breis maoinithe a lorg d’earnáil na Gaeilge sa cháinaisnéis i mbliana. Cé gur fógraíodh ardú sa cháinaisnéis na bliana seo caite, dúirt sé go raibh níos mó de dhíth, rud a dúirt sé a thuig an tAire Gaeltachta Dara Calleary féin anuraidh nuair a dúirt sé gur “céim” a bhí a bhi san ardú sin.
“Tá muid ag súil anois go nglacfaidh an Rialtas an chéad chéim eile sa cháinaisnéis agus bonnleibhéal maoinithe na hearnála a ardú,” a dúirt de Spáinn. “Tá bunrudaí le híoc astu agus níl dóthain sna buiséid atá ann,” a dúirt sé.
Tá ardú á lorg ar chaiteachas bliantúil an Stáit ar an nGaeilge ó níos lú ná 0.2% i láthair na huaire go 0.4% á éileamh ag an gConradh.
Dúirt de Spáin go bhfuil níos mó ná €50m sa bhreis ag teastáil do na rudaí atá luaite sa Phlean Fáis (plean infheistíochta atá aontaithe ag 130 grúpa Gaeilge agus Gaeltachta chun an Gaeilge a chur chun cinn sa phobal).
“Tá cothrom na Féinne le baint amach ag pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta,” a dúirt sé.
Reáchtálfar SEAS (Seisiún Eolais Agus Spreagtha) i mBaile Átha Cliath ag tús mí Iúil áit a gcuirfear éilimh airgeadais agus an Plean Fáis faoi bhráid pholaiteoirí na tíre.











