Idéil agus an saol iarbhír

Castacht an mhaorlathais agus an ghrá fite fuaite san úrscéal Rúnaí an Aire

Is é a chuireann cor sa scéal ná go gceaptar Aire nua ar an Roinn, Aire atá tiomanta ar rud éigin a dhéanamh, is é sin, a bheith ‘dáiríre’ faoin ngnó.
Is é a chuireann cor sa scéal ná go gceaptar Aire nua ar an Roinn, Aire atá tiomanta ar rud éigin a dhéanamh, is é sin, a bheith ‘dáiríre’ faoin ngnó.

Ait le rá, agus tá sé ait nó neamhchoitianta go leor, níl oiread sin d’úrscéalta againn mar gheall ar shaol na Gaeilge in Éirinn sa chathair nó sa bhaile mór i láthair na linne seo. Is seanchnó caoch gan dealramh é a áiteamh nach féidir scéal réalaíoch Gaeilge a lonnú i mball nach í an Ghaeilge an teanga áitiúil inti, ach cloiseann tú an argóint seo ó amadáin anois is arís. Ach ina choinne sin thall, is compordaí léitheoirí go minic leis an úrscéal Gaeltachta, nó neachtar acu le cur i gcás nó ligean ort gurbh í an Ghaeilge atá á labhairt ag carachtair ar urlár sráide an ama seo i mbailte móra na tíre.

Rúnaí an Aire le Brian Ó Tiomáin (Cló Iar-Chonnacht. €12)
Rúnaí an Aire le Brian Ó Tiomáin (Cló Iar-Chonnacht. €12)

Faoiseamh ón iomrall sin is ea Rúnaí an Aire le Brian Ó Tiomáin (Cló Iar-Chonnacht. €12) nach bhfuil aon amhras ann ná gurb í an Ghaeilge atá á labhairt go binn, nó go neamhbhinn nuair is gá, ag formhór na gcarachtar ann nach mór an t-am ar fad gan eisceacht ar bith. Ní hamháin sin, ach is cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta agus polasaithe teanga agus plé timpeall orthu is bunábhar d’atmaisféar an scéil, ach go bhfuil fadhbanna an duine agus ceisteanna caidrimh agus amhras pearsantachta á thiomáint chomh maith. Dá réir sin, ba dhóigh leat gur cheart go mbeadh éileamh ag duine ar bith ar crá croí agus meabhrach dó seasamh an stáit ar ár gceisteanna móra, ba dhóigh leat go mbeadh éileamh thar fóir aige ar an leabhar seo.

Ó aimsir Kafka i leith, nó Gogol b’fhéidir, nó b’fhéidir riamh bhí teannas idir an intinn mhaorlathasúil, agus an intinn ar mhaith léi na rialacha a réabadh agus beart a chur ina suí. B’é an Cadhnach is fearr a léirigh sin san aoir fhíochmhar An Eochair agus i ndornán gearrscéalta eile. Ní aoir atá san úrscéal seo ach cuntas lom macánta ar an bhfrustrachas a chiapann an príomhcharachtar ar ‘gnáthstátseirbhíseach’ (mar a déarfá) é sa Roinn Pobail, Óige, Oidhreachta agus Gaeilge (an t-ainm d’ainmneacha éagsúla a bhí air san am) agus atá ag borradh le smaointe agus é cíocrach iad a chur i bhfeidhm. Tá ceannasaíocht na Roinne ina constaic roimhe, áfach, go háirithe an tArd-Rúnaí, a bhfuil Marco Polo mar leasainm acu air, agus nach labhraíonn smid le cách. Deir duine amháin gurbh oiriúnaí ‘an tArd-Bhac’ a thabhairt air seachas Ard-Rúnaí.

Níorbh é Proinsias, príomhcharachtar an scéil, an t-aon státseirbhíseach amháin a mhothaigh gur ‘príosún’ a bhí ann, agus níorbh iontas gur ‘rannóg na straince’ a bhí ag cuid acu ann ar roinn na bpolasaithe Gaeilge. Go deimhin, is é atmaisféar stalcach stuaiceach seo na hoifige ceann de bhuanna an tsaothair, agus stracadh an anama ina choinne, stracadh na hintinne a shíleann gur féidir nithe a chur i gcrích in aghaidh na tuisceana gur fearr an saol ina stad.

Go deimhin, is é atmaisféar stalcach stuaiceach seo na hoifige ceann de bhuanna an tsaothair, agus stracadh an anama ina choinne, stracadh na hintinne a shíleann gur féidir nithe a chur i gcrích in aghaidh na tuisceana gur fearr an saol ina stad.

Is é a chuireann cor sa scéal ná go gceaptar Aire nua ar an Roinn, Aire atá tiomanta ar rud éigin a dhéanamh, is é sin, a bheith ‘dáiríre’ faoin ngnó. Bean óg í nach bhfuil aon chosúlacht aici le hAire ar bith eile a mhair riamh, shílfeá. Ba bhreá le Proinsias imeacht ón obair sheasc atá ar bun aige, ach is de shuimiúlacht nach mbeifí sásta scaoileadh le duine mar é toisc ‘nach bhféadfaí duine le Gaeilge a ligean ón rannóg.’ De bharr castachtaí éagsúla faigheann Proinsias cúram rúnaí an Aire nua agus fásann caidreamh eatarthu ar mó ná caidreamh gairmiúil amháin é. Mar lúb eile sa scéal is amhlaidh go bhfuil aithne cheana ag Proinsias ar urlabhraí Gaeltachta etc. an fhreasúra toisc go bhfuil dúil thar meon ag an mbeirt acu in amhránaíocht ar an sean-nós. Is féidir go síneann na comhtharlúintí seo ár ngéilleadh don phlota, ach ina choinne sin, ba chuid d’armchlis an scéalaí riamh é comhtharlú a shuíomh is a chur i bhfeidhm. Is ar éigean gurbh fhéidir go n-éireodh leis an gcuid is fearr den scéal seo gan ligean leis go bhféadfadh seo is siúd titim amach.

Is é is suimiúla ná gur carachtar leochaileach agus láidir ag an am céanna é ár bProinsias. Tá daingean díreach ina chuid tuairimí agus cad ba cheart a dhéanamh ach eaglach, faiteach, scáfar maidir lena chaidreamh timpeall ar mhná. Tá boige agus cúthaile ag baint leis an dóigh a seachnaíonn sé labhairt leo, murab ionann is an tslí a labhraíonn siad siúd leis. Ag an am céanna, san aois ina bhfuilimid agus atá ag na carachtair agus mar a bhí riamh, bíonn dúil ag daoine ina chéile.

Tá taobh eile den scéal a bhaineann leis an taobh íochtair den phríomhchathair nach bhfeictear ó árais ghloine na bhfoirgneamh mór. Grianghraf: Sam Boal/Collins Photos

.
Tá taobh eile den scéal a bhaineann leis an taobh íochtair den phríomhchathair nach bhfeictear ó árais ghloine na bhfoirgneamh mór. Grianghraf: Sam Boal/Collins Photos .

Is iad na caidrimh seo a ghluaiseann an scéal, saghas triantáin pholaitiúil idir Aire agus rúnaí agus urlabhraí fhreasúra a thugann le fios nach í an idé-eolaíocht amháin a mheánn ar urlár na Dála.

Tá taobh eile den scéal in uachtar ann chomh maith, áfach, scéal a bhaineann leis an taobh íochtair den phríomhchathair nach bhfeictear ó árais ghloine na bhfoirgneamh mór. Is é scéal é sin, muintir na canálach timpeall ar Dhroichead Portobello a bhfuil Proinsias ag lonnú ina aice. Duine acu Cóilín, bacach sráide ó Árainn a ndeachaigh an saol ina choinne, agus bean óg a bhfuil Madonna mar ainm gairme uirthi agus í ag lorg custaiméirí timpeall na háite. Tá bá ag Proinsias leo beirt, déarfá toisc gur duine leochaileach é féin a bhfuil croí maith mór ann, agus gur aithin sé ‘mianach uaigneach’ iontu mar a bhí ann féin. Eachtra i leataoibh na slí is ea seo, ach riachtanach mar mhalairt ar shaol leamh na hoifige agus ar ghnóthaí fíochmhara na polaitíochta mar sin féin.

Éiríonn leis an scéal seo bunriachtanas an léitheora a shásamh, is e sin, go gcuirtear iachall ort na leathanaigh a chasadh d’fhonn a fháil amach cad é an chéad chor eile in eachtra na buíne atá curtha ag an údar os ár gcomhair. Is é sin, ‘cad a tharlóidh?’, agus coinnítear gach b’fhéidir ar oscailt amach go dtí an deireadh. Ach cuirfidh an léitheoir Gaeilge – agus is léitheoirí Gaeilge amháin a léifidh seo! – dúil faoi leith i bpolaitíocht na teanga agus ar na lipéid éagsúla ar eagraíochtaí, ar chumainn, ar ghluaiseachtaí a bhfuil aithne mhaith againn orthu faoi ainmneacha eile.

Foclóir:

Iomrall = aberration

Aoir = satire

cíocrach = greedy/eagar

leochaileach = fragile

seasc = sterile/unproductive

cúthaile = shyness

triantáin = triangle

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar