Níor cheart go mbeadh orainn brath ar eitiltí le cúram sláinte cuí a fháil

Is téad sábhála iad na heitiltí idir Dún na nGall agus Baile Átha Cliath do go leor daoine ach tá bearnaí sa sceideal faoi chonradh nua eitilte

Aerfort Dhún na nGall: Fógraíodh gearradh siar ar na mallaibh ar eitiltí idir Aerfort Dhún na nGall agus Baile Átha Cliath.  Grianghraf: Bryan O'Brien
Aerfort Dhún na nGall: Fógraíodh gearradh siar ar na mallaibh ar eitiltí idir Aerfort Dhún na nGall agus Baile Átha Cliath. Grianghraf: Bryan O'Brien

Is mór an buille do mhuintir an iarthuaiscirt na hathruithe a rinneadh le gairid ar na heitiltí idir aerfort Dhún na nGall agus Baile Átha Cliath.

Tugadh le fios ar an 10Feabhra go leanfar ar aghaidh le conradh oibleagáide seirbhíse poiblí (PSO) idir an dá aerfort.

Faoin chonradh áirithe seo, áfach, tiocfaidh deireadh le heitiltí fillte i lár an lae.

Faoin sceideal úr beidh eitilt ó Bhaile Átha Cliath ag 6.25 ar maidin agus ag 6.50 sa tráthnóna go Dún na nGall agus beidh eitilt ag fágáil Aerfort Dhún na nGall ag 8.00 ar maidin agus ag 8.30 tráthnóna.

Do dhaoine nach bhfuil cónaí orthu i nDún na nGall, níl sa mhéid sin ach athrú sceidil. Ach don té atá ag cur fúthu sa chontae, d’fhéadfadh impleachtaí móra a bheith ag an chinneadh seo ar chúrsaí sláinte, gnó agus turasóireachta.

Faoin sceideal úr, is mó seans gur eitilt an tráthnóna rogha an duine a mbeadh suim acu cuairt a thabhairt ar Dhún na nGall. D’fhágadh sin iad ag tarraingt isteach ar Dhún na nGall i ndiaidh 8.00 san oíche.

Caithfear smaoineamh ar theaghlaigh a bhfuil páistí óga á n-iompar leo agus daoine atá tagtha chun na tíre ó thíortha eile - an bhfuil ciall leis go mbeadh an eitilt chomh mall seo?

An rud a léiríonn an feachtas seo ná gur cheart níos mó seirbhísí a bheith curtha ar fáil i Leitir Ceanainn.

Is léir go mbeidh an eitilt ar maidin ó Dhún na nGall go Baile Átha Cliath gnóthach ach caithfear a admháil go bhfuil an dara heitilt iontach mall fosta.

An chloch is mó ar phaidrín go leor daoine i láthair na huaire ná cúrsaí sláinte. Sin an príomhrud, an príomhchuspóir agus an dúshlán is mó a bhfuil siad ag díriú air.

Tá achainí tosaithe ag lucht feachtasaíochta lena bhfuil thar 15,000 síniú curtha go dtí seo, agus an líon sin ag méadú go laethúil. Bailíodh tuilleadh ainmneacha ag an chluiche idir Dún na nGall agus Maigh Eo Dé Domhnaigh chomh maith.

Braitheann go leor daoine san iarthuaisceart ar an tseirbhís seo le dul go Baile Átha Cliath le cúram ailse a fháil. Is é an phríomhcheist sa chomhthéacs seo ná ar chóir go gcuirfeadh cúrsaí tíreolaíochta isteach ar chearta daoine cúram sláinte cuí a fháil?

Anuas air sin, de bharr cúrsaí infreastruchtúir níl fiú iarnród i gContae Dhún na nGall a dhéanfadh an turas go Baile Átha Cliath a éascú don té a mbeadh sé de dhíth orthu.

Gan iarnród agus mura bhfuil sceideal na n-eitiltí ag fóirstean do dhaoine, caithfear bealach eile a aimsiú le daoine a iompar trasna na tíre. Tá go leor busanna ag fágáil na contae agus seirbhís mhaith ar siúl acu ach don té atá tinn is fearr síob ná taisteal ar an bhus.

Ar an dóigh sin, caithfear brath ar bhall clainne nó ar chomharsa béal dorais síob a thabhairt díofa, go háirithe ó tharla gur daoine aosta iad go leor acu sin atá tinn.

Tá Dún na nGall ar cheann de na contaetha is faide ó Bhaile Átha Cliath agus an deacracht is mó atá leis sin ná nach bhfuil na seirbhísí cuí atá de dhíth ar dhaoine atá ag fulaingt le hailse agus galair eile, nach bhfuil siad le fáil in otharlann Leitir Ceanainn.

An rud a léiríonn an feachtas seo ná gur cheart níos mó seirbhísí a bheith curtha ar fáil i Leitir Ceanainn. Déanann sé ciall nár chóir go mbeadh ar an duine atá iontach tinn taisteal trasna na tíre.

Téad sábhála mar sin atá sna heitiltí seo do dhaoine a bhí agus atá tinn, a deir an lucht feachtasaíochta. Mar sin féin nár cheart an téad sábhála seo a bheith istigh inár gcontae féin? Mór an trua nach bhfuil.

Agus fiú leis sin, tá otharlann Leitir Ceanainn fada go maith ó chuid mhór daoine sa chontae agus tchítear sna meáin áitiúla go bhféadfadh moill a bheith ar otharcharranna go minic.

Beidh athrú eile ann faoin tsocrú úr agus is é sin nach gcoinneofar an t-eitleán thar oíche ag an aerfort ar an Charraig Fhinn.

Go dtí seo bheadh an t-eitleán réidh le himeacht ó aerfort Dhún na nGall agus tú ag siúl isteach san aerfort ar maidin, rud a d’fhág go dtiocfadh leat do shúil a leagaint air agus a fhios agat ansin gur mó seans go bhfaighfeá go Baile Átha Cliath le do ghnó a chomhlíonadh.

Anois, coinneofar an t-eitleán thar oíche i mBaile Átha Cliath.

Ar an drochuair, má chaitheann an t-eitleán teacht as Baile Átha Cliath go Dún na nGall ar maidin, beidh go leor bacanna a d’fhéadfadh teacht i gceist a d’fhágfadh an t-eitleán ina shuí ar imeall an rúidbhealaigh.

Dúirt Máire Uí Chomhaill ó Choiste Eitiltí agus Seirbhísí Ailse Dhún na nGall go bhfuil na céadta daoine ag brath ar an tseirbhís seo. Bhí cruinniú ag an ghrúpa feachtasaíochta leis an Aire Iompair Darragh O’Brien le gairid agus dúradh go raibh fiúntas leis mar go raibh deis acu scéalta na ndaoine - na daoine atá ag brath ar an tseirbhís fá choinne cúram sláinte - a roinnt agus a mhíniú don Aire.

Tugadh le fios go ndéanfar athbhreithniú leanúnach ar an sceideal úr agus níl dabht ar bith faoi ach go mbeidh cúrsaí feachtasaíochta ar siúl go mbeidh an toradh ceart faighte ag muintir na contae seo.

An rud is tábhachtaí ná go mbeadh an aire cheart tugtha do dhaoine ón chontae seo atá tinn. Níor cheart go mbeadh líon na mílte bóthair ná aeir idir Dún na nGall agus Baile Átha Cliath ina bhac ar an té a bhfuil cúram de dhíth orthu. Ar a bharr sin, níor cheart go mbeadh orainn taisteal leis an chúram sin a fháil - ba cheart go mbeadh muid in ann teacht ar an tseirbhís chéanna inár gcontae féin.